Céard é an Taighde agus an Nuálaíocht?
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tacaítear leis na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta Eorpacha, leis an Taighde agus an Nuálaíocht trí dhá chiste: Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe.
Tacaítear leis na cistí sin le trí chlár. Tacaítear leis an gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa le Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir agus le Clár Oibriúcháin Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair. Tacaítear le Ciste Talmhaíochta na hEorpa don Fhorbairt Tuaithe leis an gClár Forbartha Tuaithe.
Áirítear leis na tionscadail ina dtacaítear leis an Taighde agus leis an Nuálaíocht grúpaí aistrithe feasa ina gcuidítear le feirmeoirí chun cleachtais agus taighde nuálaíoch le hInstitiúidí Ard-Oideachais na hÉireann a chomhroinnt, agus le tráchtálú an taighde le comhpháirtithe san Earnáil Phríobháideach.
Clár Oibriúcháin Réigiúnach an Deiscirt agus an Oirthir | € 180 milliún |
Clár Oibríochta Réigiúnach na Teorann, Lár na Tíre agus an Iarthair | € 104 milliún |
An Clár Forbartha Tuaithe | € 15 milliún |
Comhchistímid deontais do 5 Lárionad Taighde in Éirinn. Is le Fondúireacht Eolaíochta na hÉireann a bhainistítear iad sin, a thacaíonn faoi láthair le 12 Lárionaid Taighde ar fud na tíre, agus is chun an tionscnamh sin a chomhchistiú a bhainfear leas as an gcistiú Eorpach.
I gcomhair sonraí na scéime seo, tabhair amharc ar láithreán gréasáin Fhondúireacht Eolaíochta na hÉireann.
Cuidítear sa Chlár Aistrithe Feasa d’fheirmeoirí chun dul i ngleic le saincheisteanna casta a bhaineann le bainistiú feirme. Freastalóidh feirmeoirí ar chruinnithe grúpa arna n-éascú ag comhairleoirí cáilithe. Is í an sprioc do na cruinnithe grúpa ná go dtógfadh na feirmeoirí cumas i dtimpeallacht an ghrúpa, agus chun spreagadh a thabhairt d’aistriú agus idirmhalartú na faisnéise agus an dea-chleachtais.
I gcomhair a thuilleadh mionsonraí faoin gClár Aistrithe Feasa, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na Roinne Talmhaíochta.

Arna fhorfheidhmiú ag Fiontraíocht Éireann, soláthraítear leis an scéim seo deontais do thaighdeoirí a theastaíonn uathu a gcuid taighde a thabhairt chun margaidh, nó chun cuidiú leis an tionscal chun smaoineamh nua a thabhairt chun margaidh.
Bíonn taighdeoirí sna hinstitiúidí tríú leibhéal agus sna gníomhaireachtaí neamhbhrabúsacha in Éirinn incháilithe chun iarratas a dhéanamh.
Tabhair cuair ar láithreán gréasáin Fhiontraíocht Éireann i gcomhair níos mó sonraí faoin scéim sin.
Infheistítear gach ceann de na Cistí thíos sa Taighde agus sa Nuálaíocht. Cliceáil ar na tíleanna sin chun na hinfheistíochtaí eile le gach Ciste a thaiscéaladh.