Tá tábhacht le do thuras. Toisc gur roghnaigh tú dul de shiúl na gcos, ar do rothar nó ar an gcóras iompair poiblí inniu, tá tú ag cur leis an iarracht náisiúnta le hastaíochtaí iompair a laghdú 50% faoi 2030.
Idir 1990 agus 2022, tháinig méadú níos mó ar astaíochtaí gás ceaptha teasa san earnáil taistil ná mar a tháinig in aon earnáil eile. Mhéadaigh sé níos mó ná a dhá oiread le himeacht na tréimhse sin.
(Foinse: EPA)
Toisc gur roghnaigh tú dul ar an mbus, de shiúl na gcos, nó ar an rothar in ionad dul sa charr inniu, tá tú ag cur leis an iarracht náisiúnta le hastaíochtaí iompair a laghdú 50% faoi 2030.
I measc ár ngealltanas sa Phlean um Ghníomhú ar son na hAeráide, 2023 tá:
Scaoileann modhanna éagsúla iompair (amhail carr, bus, traein) méideanna éagsúla astaíochtaí CO2 do gach ciliméadar a thaistealaítear in aghaidh an phaisinéara (PKM). Scaoileann busanna agus traenacha astaíochtaí carbóin níos ísle do gach ciliméadar a thaistealaítear in aghaidh an phaisinéara ná carranna agus is féidir leo níos mó daoine a iompar in aghaidh an turais, rud a shábhálann líon mór CO2.
Mar shampla:
Má théann tú de shiúl na gcos nó ar an rothar aon uair is féidir leat é, is féidir leat níos mó astaíochtaí carbóin a shábháil fós.
Mar shampla:
Tógadh na léargais thuas ó staidéar de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh a foilsíodh in 2022, inar ríomhadh na hastaíochtaí CO2 ón iompar paisinéirí in Éirinn de réir achair, modha agus cuspóir turais (UCC MarEI).
Baineann buntáistí suntasacha sláinte le gníomhaíocht choirp a dhéanamh go rialta, amhail siúl, rothaíocht, dul amach ar chathaoir rotha, agus a bheith i mbun spóirt nó caithimh aimsire gníomhach.
Má bhítear níos gníomhaí i rith an lae ar bhealaí réasúnta simplí, is féidir na leibhéil ghníomhaíochta a mholtar a bhaint amach go héasca.
Is cineálacha gníomhaíochta choirp iad an siúl agus an rothaíocht gcomhair iompair nó fóillíochta ar féidir le go leor daoine iad a thabhairt isteach go héasca ina ngníomhaíochtaí laethúla. Ina theannta sin, má dhéanaimid taisteal ar bhealach níos inbhuanaithe, is fearr a bheimid in ann an pobail na tíre a spreagadh lena meon a athrú ionas go mbeidh siad níos dírithe ar dhaoine agus ar áiteanna ar féidir cónaí iontu go héasca.
Is iomaí staidéar a rinne imscrúdú sonrach ar thionchar na siúlóide agus na rothaíochta. Ina measc sin, léiríodh an méid seo a leanas:
Aithníonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO) agus an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (EEA) gurb é an truailliú aeir an riosca sláinte comhshaoil is mó san Eoraip agus gur cúis mhór é le bás roimh am agus galar.
Tá léirithe gur mó an dochar a dhéanann sé do shláinte an duine ná mar a dhéanann droch-aiste bia nó caitheamh tobac.
Fágann an méadú atá ag teacht ar thrácht go bhfuil sé ag éirí níos dúshlánaí ardcháilíocht aeir a choinneáil do dhaoine in aice láimhe in áiteanna ina mbíonn go leor brú tráchta ann, nó in áiteanna a mbíonn sé deacair truailleáin aeir a bhaineann le hiompar a scaipeadh (mar shampla i sráideanna cathrach a bhfuil mórchuid foirgneamh iontu).
Má thagann laghdú ar thrácht carranna, tiocfaidh laghdú ar an mbrú tráchta, agus dá bharr sin, beidh daoine in ann taisteal ar bhealach níos éifeachtúla. Anuas air sin, má thagann laghdú ar an mbrú tráchta, beidh na seirbhísí iompair níos éifeachtúla agus beifear in ann brath orthu.
Léirigh an t-innéacs Siúil agus Rothaíochta maidir le Baile Átha Cliath (2021) go mbeadh suas le 330,000 carr sa bhreis ar an mbóthar i gCeantar Chathair Bhaile Átha Cliath gach lá murach iad siúd a bhíonn ag siúl agus ag rothaíocht. Dá mbeadh na carranna seo ar fad i dtranglam tráchta bheadh sé thart ar 1600km ar fhad, níos mó ná an t-achar ó Bhaile Átha Cliath go dtí an Sciobairín agus ar ais arís, faoi dhó.
Fuarthas amach i nDaonáireamh 2022:
Léirigh taighde a rinne Red C le déanaí, agus ar choimisiúnaigh an Roinn Iompair é, roinnt léargais shuimiúla ar dhearcadh an phobail i leith an iompair. I measc na dtorthaí bhí:
Research by Red C on attitudes to walking, cycling and public transport
Léiríonn an taighde is déanaí ón bPríomh-Oifig Staidrimh (Iúil 2023) méadú ar thurais bhus agus ar thurais Luas.
Le linn na seachtaine dar tús an 26 Iúil 2023:
Tá líon na bpaisinéirí iarnróid ag fás agus ag teacht aniar i gcónaí. Bhí níos mó ná a dhá oiread paisinéirí ar na seirbhísí in 2022 ná mar a bhí in 2021 agus ag tá an líon sin ag méadú i gcónaí in 2023.
Sa chéad 12 mhí ó tugadh isteach an Cárta Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn, tá 276,714 Cárta Leap d’Aosaigh Óga agus do Mhic Léinn leithdháilte ar dhaoine óga ar fud na tíre.