Comhghairdeas as dul ar scor agus go raibh maith agat as do bhlianta seirbhíse san earnáil oideachais. Ó 2020, ar líne amháin a sholáthraíonn an tAonad Pinsean faisnéis ghinearálta ar an bpacáiste scoir. Déantar amhlaidh chun faisnéis a chur ar fáil ar shlí níos fusa, chomh maith le hiarracht a dhéanamh ár dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.
Tá sé an-tábhachtach an fhaisnéis uile a chuirtear ar fáil sa phacáiste a léamh, agus dírímid d’aird go háirithe ar an Nóta faoi Fhaisnéis Thábhachtach Tar éis Pinsin a Dhámhachtain thíos:
Eolas Tábhachtach tar éis Pinsean a Dhámhadh
Eolas a bheadh úsáideach duit tar éis don Roinn Oideachais do phinsean a dhámhadh ort
Tabhair faoi deara go mb’fhéidir go bhfuil tú i dteideal Pinsean Forlíontach * agus beidh na foirmeacha ábhartha ar fáil duit i bhformáid dhigiteach chun iarratas a dhéanamh air seo.
Gheobhaidh tú sa phost chuig an seoladh a sholáthraítear ar d’fhoirm iarratais, do stair sheirbhíse phearsanta agus ríomhanna chomh maith le Litir Rettax 1. Is achoimre í an litir seo ar na ranníocaíochtaí pinsin a asbhaineadh as d’aisce. B’fhéidir go mbeidh ort teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim maidir leis na hasbhaintí seo (más ann dóibh) agus an tionchar a bheidh acu sin ar do dhliteanas cánach.
Ba mhaith linn an deis seo a thapú chun gach rath a ghuí ort agus tú ar scor.
Foireann an Aonaid Phinsin
Gheofar sa doiciméad seo faisnéis ghinearálta tar éis pinsean a dhámhachtain ón Roinn Oideachais. Áirítear leis seo faisnéis maidir le do ríomhanna Pinsean, íocaíochtaí pinsin, dliteanais chánach, eagraíochtaí múinteoirí ar scor agus filleadh ar an bhfostaíocht le linn scoir, ach níl sé teoranta dóibh siúd.
Gheofar sonraí teagmhála ann, leis, den rannóg sa Roinn Oideachais atá freagrach as do phinsean a íoc - Rannóg Párolla na Foirne ar Scor.
Tá an doiciméad ina bhfuil faisnéis thábhachtach tar éis pinsean a dhámhachtain ar fáil thíos:
Eolas Tábhachtach tar éis Pinsean a Dhámhadh
Eolas a bheadh úsáideach duit tar éis don Roinn Oideachais do phinsean a dhámhadh ort
* Nóta Faisnéise Forlíontach ar Phinsean
Ba chóir an doiciméad seo a léamh i dteannta do Ráitis Pinsin ionas go bhfeicfidh tú an bhfuil tú i dteideal Pinsean Forlíontach agus na bearta a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uait chun an sochar seo a fháil. Féach ar do Ráiteas Pinsin - má tá ÁSPC Aicme A íoctha agat d’fhéadfá a bheidh i dteideal pinsean forlíontach agus ní mór duit beart breise a dhéanamh.
Íocann an Roinn Oideachais an Pinsean Forlíontach má theipeann ar phinsinéir cáiliú le haghaidh íocaíochta ón Roinn Coimirce Shóisialaigh gan aon locht a bheith orthu féin. Tugtar sa Nóta Faisnéise faoin bPinsean Forlíontach breac-chuntas ar na critéir chun cáiliú do Phinsean Forlíontach agus an próiseas iarratais. Treoróidh sé thú freisin chuig na foirmeacha iarratais ábhartha a chaithfidh tú a chur isteach, de réir do chúinsí pearsanta.
Tá an Nóta Faisnéise Forlíontach ar Phinsean ar fáil thíos:
Nóta Faisnéise, Pinsean Forlíontach
Tugtar faisnéis thíos a bheadh úsáideach duit maidir leis an iarratas agus na coinníollacha nuair a fhaightearPinsean Forlíontach ón Roinn Oideachais.
Is féidir Foirmeacha Iarratais ar an bPinsean Forlíontach a íoslódáil anseo.
Mura bhfuil tú soiléir faoi do theidlíochtaí pinsin nó má tá tú míshásta faoi aon chinneadh a rinne Aonad Pinsin na Roinne Oideachais maidir le do theidlíochtaí pinsin, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn go díreach trí r-phost, post nó teileafón agus iarraidh orainn an seasamh a mhíniú go hiomlán. Táthar ag súil go bhfreagrófar formhór mór na gceisteanna agus na fiosruithe a chuirfidh tú ar an mbealach neamhfhoirmiúil seo.
Más rud é tar éis na teagmhála seo, nár socraíodh an t-ábhar chun do shástachta, b’fhéidir gur mhaith leat leas a bhaint as an bpróiseas foirmiúil um Réiteach Aighnis Inmheánaigh (IDR). Tugann an doiciméad seo breac-chuntas ar do chearta faoin bpróiseas Réiteach Aighnis Inmheánaigh (IDR). Seo an modh oscailte agus trédhearcach chun gearán a dhéanamh agus athbhreithniú foirmiúil a lorg ar an gcaoi a láimhseálamar cás. Tabharfaidh an doiciméad seo breac-chuntas duit ar na céimeanna a bhaineann leis an bpróiseas agus conas iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú ar Réiteach Díospóide Inmheánaigh.
Tá an Doiciméad Réiteach Aighnis Inmheánaigh ar fáil thíos: