Cód Cleachtais chun measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht dóiteáin in áitribh agus i bhfoirgnimh
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugann Alt 18(6) d’Achtanna Seirbhísí Dóiteáin 1981 agus 2003 cumhachtaí do dhuine (oifigeach dóiteáin) atá údaraithe ag údarás dóiteáin, ceangal a chur ar dhuine atá i bhfeighil áitribh (úinéir foirgnimh nó áititheoir):
Go hiondúil, fostaíonn úinéirí foirgnimh daoine gairmiúla chun go ndéanfaidh siadsan an measúnú sábháilteachta dóiteáin.
Táthar ag súil go mbeidh an cód cleachtais seo ina chabhair do na seirbhísí dóiteáin trí threoir chaighdeánach a sholáthar d’úinéirí foirgnimh agus dá gcomhairleoirí gairmiúla sa chás go bhfuil measúnú sábháilteachta dóiteáin ag teastáil ón tseirbhís dóiteáin. Go dtí seo, ní raibh aon mhodheolaíocht chaighdeánach chun measúnuithe sábháilteachta dóiteáin a dhéanamh; táthar ag súil go mbeidh an cód cleachtais ina chabhair maidir le cur chuige aitheanta ar bhonn náisiúnta a thabhairt isteach.
Soláthróidh an cód cleachtais seo creat chun measúnú mionchúiseach a dhéanamh ar fhoirgnimh maidir le sábháilteacht dóiteáin. Cinnteoidh sé go mbeidh cur chuige soiléir, comhsheasmhach i bhfeidhm go náisiúnta. Cuideoidh sé freisin chun a chinntiú go ndéanfar moltaí réasúnta agus comhréireacha chun déileáil le heasnamh ar bith a bhaineann le sábháilteacht dóiteáin a aithnítear i bhfoirgnimh.