Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a dheimhniú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireann an Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a Dheimhniú eolas soiléir ar fáil maidir le stádas fostaíochta agus cleachtais reatha i margadh an tsaothair, forbairtí sa reachtaíocht agus sa chásdlí á gcur san áireamh.
Is é sprioc an chóid seo ná tairbhe a dhéanamh d’fhostóirí, d’fhostaithe, do chonraitheoirí neamhspleácha agus do ghairmithe dlí, airgeadais agus acmhainní daonna. Tá sé dírithe freisin ar imscrúdaitheoirí, ar chinnteoirí agus ar mholtóirí sa Roinn Coimirce Sóisialaí, in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, sa Choimisiún um Chaidreamh san Áit Oibre, ina gcomhlachtaí achomhairc faoi seach, agus sna cúirteanna.
In Éirinn, tá réimse leathan bealaí ann le bheith ag obair agus le gnólacht a fheidhmiú. Baineann cosaintí reachtacha sonracha d’oibrithe le gach cineál fostaíochta, lena n-áirítear féinfhostaíocht, fostaíocht lánaimseartha, fostaíocht pháirtaimseartha, obair ghníomhaireachta shealadach agus conarthaí ar théarma seasta.
Tá sé tábhachtach go gcinnteofar go bhfuil oibrithe á n-aicmiú mar is ceart agus go bhfuil an stádas atá acu ag teacht leis an bhfíorchaidreamh idir an t-oibrí agus an gnólacht. Níor cheart don tsamhail ghnó a bheith ar mhaithe le haon oibrí a eisiamh óna dteidlíochtaí cuí.
Is ábhar imní é an mí-aicmiú a chuireann in iúl gur duine féinfhostaithe é an t-oibrí, ach a dtugann téarmaí agus coinníollacha oibre an oibrithe le fios gur fostaí é i ndáiríre. Laghdaíonn mí-aicmiú ranníocaíochtaí don Chiste Árachais Shóisialaigh agus eisiatar oibrithe ó Árachas Sóisialach
Pá-Choibhneasa (ÁSPC) iomlán agus ó chosaintí cearta fostaíochta.
Cód Cleachtais maidir le Stádas Fostaíochta a dheimhniú
Aistríodh an cháipéis seo go roinnt mhaith teangacha eile.