Comhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is grúpa neamhspleách de cheannairí na hearnála agus saineolaithe sa mhargadh saothair í Comhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair a cheap an tAire Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí, Regina Doherty T.D., tar éis don Chomhairle a bheith bunaithe ar dtús mar Chomhairle an Mhargaidh Saothair in 2013.
Is é ról na Comhairle Comhairlí ná comhairle a chur ar fáil don Aire agus don Rialtas maidir le bainistiú an mhargaidh saothair go héifeachtúil, le príomhbhéim ar rátaí rannpháirtíochta a ardú, rátaí dífhostaíochta a ísliú agus meántréimhsí dífhostaíochta a ísliú.
Ina theannta sin, leanfaidh an Chomhairle Chomhairleach leis an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ar straitéis Bealaí chun Oibre de chuid an Rialtais agus beidh sí mar bhonn eolais do straitéisí Bealaí chun Oibre amach anseo agus don mhargadh saothair níos leithne agus don bheartas fostaíochta.
Tá cur amach ag gach ball den chomhairle ar an Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015 , agus feidhmíonn siad faoina choimirce
Is féidir cláir oibre, miontuairiscí agus doiciméid ghaolmhara Chomhairle Chomhairleach an Mhargaidh Saothair a aimsiú anseo .