Comhairle le linn COVID-19: Filleadh ar scoil Comhairle do Thuismitheoirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá gach duine ag obair ar a ndícheall le cinntiú gur féidir na scoileanna a athoscailt go sábháilte do lucht foirne, do dhaltaí agus dá dteaghlaigh.
Beidh rialacha agus gnáthaimh nua sábháilteachta le leanúint ar mhaithe le gach duine.
Beidh formhór na ndaltaí ag tnúth le filleadh ar an scoil agus beidh áthas agus sceitimíní orthu. B'fhéidir go mbeadh imní ar chuid acu faoi fhilleadh. Is gnáthrud é sin nuair a bhíonn athrú ann. Socróidh a lán acu isteach go luath agus rachaidh siad i dtaithí ar na rialacha agus ar na gnáthaimh nua. Meabhraigh na gnéithe dearfa dóibh - beidh siad ag bualadh arís le cairde agus rannpháirteach in imeachtaí na scoile.
Beidh níochán lámha tábhachtach do gach dalta. Bíodh a fhios ag do leanbh conas ciarsúr a úsáid le casacht nó sraoth a chlúdach nó casacht nó sraoth a dhéanamh isteach san uilleann.
Sna bunscoileanna agus sna hiarbhunscoileanna, cuirfear nósanna imeachta leithlisithe fisiciúla ar bun.
Sa bhunscoil, b'fhéidir nach mbeadh ar na leanaí is óige an scaradh fisiciúil sóisialta a chleachtadh, ach go n-eagrófaí iad i ngrúpaí beaga. D'fhéadfadh rialacha nua a bheith ann maidir le leanaí a fhágáil ar scoil agus iad a bhailiú.
Ní mór do bhaill foirne i ngach scoil, agus do dhaltaí iarbhunscoile, cumhdach aghaidhe a chaitheamh munar féidir scaradh fisiciúil 2 mhéadar a choinneáil eatarthu.
Spreag do leanbh le siúl nó rothaíocht chun na scoile más féidir agus má tá sé sábháilte é sin a dhéanamh.
Ar iompar scoile, beidh suíochán sannta ag gach dalta agus beidh ar dhalta iarbhunscoile masc aghaidhe a chaitheamh nuair a bhíonn siad ag feitheamh ar bhus, agus le linn dóibh a bheith ar bord.
Beidh na scoileanna i dteagmháil go díreach le teaghlaigh maidir le hathoscailt. Bígí ag caint le chéile sa bhaile faoi na rudaí ar féidir a bheith ag súil leo nuair a fhilltear ar an scoil. Is ceart duit aon ábhar imní atá ort maidir le taithí foghlama do linbh le linn tréimhse dúnta na scoile a chur in iúl don scoil.
Cabhróidh gnáthaimh shláintiúla leis na daltaí dul i dtaithí ar fhilleadh ar an scoil. Spreag do leanbh le glacadh le nósanna am luí a bheidh níos cosúla leis na nósanna a bhíonn ann le linn an téarma scoile.
Cabhraigh le do leanbh chomh maith ithe go sláintiúil, roinnt gleacaíochta a dhéanamh agus teagmháil a dhéanamh arís le cairde.
Tuigeann na múinteoirí nach raibh sé éasca do na daoine óga foghlaim a dhéanamh sa bhaile nuair a bhí na scoileanna dúnta agus cabhróidh siad leis na daltaí iad féin a ullmhú don fhoghlaim arís.
Ní ceart do leanaí a bhfuil siomptóim Covid-19 acu, lena n-áirítear fiabhras, casacht, gearranáil, nó cailliúint nó athrú ar bholadh nó blas freastal ar an scoil. Lean treoracha an Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte maidir le féin-leithlisiú agus cuir glaoch ar do dhochtúir. Déan cinnte go mbíonn a fhios ag daltaí gur cheart dóibh a insint don mhúinteoir láithreach má mhothaíonn siad tinn.
Cuimhnigh air go gcaithfimid go léir ár gcion a dhéanamh ionas gur féidir le gach duine filleadh go sábháilte ar an scoil.
Tuilleadh eolais: gov.ie/filleadharscoil
Comhairle le linn COVID-19: Filleadh ar scoil Comhairle do Thuismitheoirí