Comhaontuithe Seirbhíse
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é polasaí na Roinne go gcaitheann gach deontaí a mbronntar maoiniú caipitil Ealaíon ón Roinn air Comhaontú Seirbhíse a dhéanamh leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Leagtar amach na téarmaí agus coinníollacha a bhaineann leis an maoiniú sa Chomhaontú Seirbhíse. Déantar cur síos ann ar mhéid an mhaoinithe atá á sholáthar don eagraíocht agus tugtar sonraí maidir leis an úsáid atá le baint as an maoiniú. Leagtar amach ann na nithe atá de dhíth ón deontaí sula soláthrófar maoiniú agus cumhdaíonn sé réimsí amhail nósanna imeachta soláthair phoiblí, ábhair dhlíthiúla, rialachas agus monatóireacht agus aon choinníollacha sonracha eile atá ábhartha don eagraíocht áirithe sin.
Tá Comhaontuithe Seirbhíse idir an Roinn agus deontaithe a bhfuil maoiniú caipitil €1m nó os a chionn á fháil acu le fáil anseo.
Tá Comhaontuithe Seirbhíse idir an Roinn agus deontaithe a bhfuil maoiniú caipitil faoi bhun €1m á fháil acu le fáil ach iad a iarraidh ón Roinn ar ríomhphost chuig artscapitalunit@chg.gov.ie