Cúnamh Airgeadais don Oidhreacht Thógtha
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
€9m do níos mó ná 650 Tionscadal Oidhreachta Tógtha .
Bainfidh 676 tionscadal oidhreachta i ngach contae sa tír leas as €9m san iomlán faoi Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SCOT) agus Chiste na Struchtúr Stairiúil (CSS) na bliana seo.
I measc na dtionscadal a fhaigheann maoiniú faoin SCOT i mbliana tá:
Áirithe maoiniú €500,000 le haghaidh deisiúcháin chaomhantais ar struchtúir tuí stairiúla incháilithe faoi scéim na bliana seo freisin. Tá deontais suas le €20,000 do struchtúir tuí ar fáil tríd an scéim.
I measc na dtionscadal a fhaigheann maoiniú faoin CSS i mbliana tá:
Trí dheontais idir €15,000 agus €200,000 a chur ar fáil, cuidíonn an CSS le húinéirí struchtúr oidhreachta – lena n-áirítear iad siúd atá ar Thaifead na n-údarás áitiúil ar Dhéanmhais Chosanta agus iad siúd i Limistéir Caomhantais Ailtireachta – a n-oibleagáidí cúram a thabhairt dá réadmhaoin a chomhlíonadh.
Is féidir liosta na ndeontaithe faoi SCOT & CSS 2024 a fháil san aguisín thíos.
Tá cúnamh airgeadais ar fáil chun cabhrú le maoine oidhreachta a chaomhnú agus a athchóiriú trí scéimeanna struchtúrtha, riartha go ginearálta tríd na húdaráis áitiúla.
I gcomhthéacs fhoirgnimh ar leith, go háirithe ceann atá ar Thaifead na Struchtúr faoi Chosaint, is í an chomhairle is fearr don úinéir ná teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Caomhantais Ailtireachta san Údarás Áitiúil. Beidh siadsan in ann comhairle a thabhairt maidir leis na cineálacha éagsúla maoinithe atá ar fáil chun cabhrú leis an bhfoirgneamh.
Ar an 2 Samhain 2023, d’fhógair Malcolm Noonan TD, Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóiriú Toghchán cistiú don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus don Chiste um Struchtúir Stairiúla araon in 2024. Tá €4.5m curtha ar fáil don Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2024. Tá €4.5m curtha ar fáil don Chiste um Struchtúir Stairiúla 2024.
“Tabhair ar aird gur féidir iarratais ar mhaoiniú faoi scéim SIOT 2025 a dhéanamh go dtí an 27 Meán Fómhair 2024. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Built Heritage Investment Scheme (BHIS)
Tá An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha 2024 (BHIS) ann chun deisiú agus caomhnú a dhéanamh ar struchtúir atá faoi chosain faoin na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt. Tá mar aidhm ag an scéim seo tacú le líon suntasach tionscadal caomhantais dhlúthshaothair de scála beag ar fud na tíre a fhostaíonn gairmithe caomhantais agus ceardaithe oilte a bhfuil taithí acu leis an timpeallacht thógtha stairiúil a dheisiú. Tá an Roinn ag dul ar aghaidh arís leis an sruth de ‘mhicrea’ deontais a tógadh isteach in 2020 le haghaidh oibreacha mar chothabháíl ghnáthaimh agus mion-deisiúcháin.
Caithfear tabhairt faoi deara go mbeidh maoiniú €500,000 imfhálaithe sa Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha do dhesiúcháín caomhantais le haghaidh struchtúir ceann tuí chun rochtain uasmhéidithe a sholáthrú ar chabhair airgeadais d’úinéirí, chun cúiteamh a dhéanamh ar chostais eile.
Tá an scéim á riar go ginearálta tríd na húdaráis áitiúla.
Tá an Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 (HSF) le haghaidh oibreacha caomhnaithe ar struchtúir oidhreachta, faoi úinéireacht phríobháideach agus phoiblí. Is é príomhfhócas an Chiste um Struchtúir Stairiúla ná struchtúir agus foirgnimh stairiúla a chaomhnú agus a fheabhsú chun leasa na bpobal agus an phobail. Tá deontais idir €15,000 agus €50,000 ar fáil faoi Shruth 1, agus idir €50,000 agus €200,000 faoi Shruth 2.
Tá na sruthanna píolótacha seo a leanas, a tugadh isteach in 2021, ionchorpraithe isteach sa scéim do 2024:
Struchtúir Dúchasacha:
Maoineoidh an sruth seo foirgnimh thraidisiúnta a fhéadtar ‘neamhfhoirmiúil’ a thabhairt orthu, ar cuid shuntasach dár n-oidhreacht chultúrtha doláimhsithe iad.
Aghaidheanna Siopaí Stairiúla:
Tá an sruth seo ann chun caomhnú aghaidheanna siopaí stairiúla a spreagadh agus maoineoidh sé oibreacha caipitil beaga ar a n-aghaidheanna, fuinneoga, comharthaíocht agus sonraí gaolmhara eile. Tugtar cuireadh d’Údaráis Áitiúla iarratais bhreise a dhéanamh ar aghaidh siopa amháin i mBéarla agus aghaidh siopa amháin eile i nGaeilge ar a mhéad faoi Shruth 1.
De ghnáth riartar an ciste trí na húdaráis áitiúla.
Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2024 - Leabhrán Treorach d'Iarratasóirí
Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2024 - Seicliosta d’iarratasóirí
Scéim Infheistíochta na hOidhreachta Tógtha 2024 - Foirm Iarratais A
An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 - Treoirleabhar d’iarratasóirí
An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 - Seicliosta d’Iarratasóirí
An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 - Foirm Iarratais Treorach A
An Ciste um Struchtúir Stairiúla 2024 - Foirm Iarratais A
Ba chóir aon fhiosrúcháin maidir le maoiniú faoi na scéimeanna seo a dhíriú chuig an údarás áitiúil ábhartha (an tOifigeach Caomhnaithe Ailtireachta nó duine eile san údarás áitiúil atá ag déileáil leis na scéimeanna).
D’fhéadfadh méid beag maoinithe éigeandála a bheith ar fáil i gcomhair obair dheisiúcháin chaomhnaithe a dhéanamh ar struchtúir stairiúla lasmuigh den tsraith deontais bhliainúil (e.g. d’obair deisiúcháin am-íogaire a dhéanamh ar dhrochdhamáiste de bharr stoirme). Breithneoidh an Roinn iarratais ar chúnamh airgeadais i gcomhair obair dá leithéid atá beartaithe de réir an cháis.
Beartas um Oidhreacht Thógtha,
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta,
Teach an Chustaim,
Baile Átha Cliath 1 D01 W6X0.
An Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha: Ríomhphost: bhis@housing.gov.ie
An Ciste um Struchtúir Stairiúla: Ríomhphost: hsf@housing.gov.ie