Cuireadh tús le 35,358 teach sa chéad seacht mí de 2024
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh tús le 1,574 teach in Iúil 2024.
Sa chéad seacht mí de 2024 (Eanáir - Iúil), cuireadh tús le 35,358 teach, gar do mhéadú faoi dhó (méadú 91%) ar an 18,546 sna míonna céanna in 2023. Is ionann sin agus timpeall ar 240 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre go dtí deireadh mhí Iúil.
Le 12 mhí anuas, (Lúnasa 2023 go dtí Iúil 2024) tá tús curtha le 49,613 aonad, méadú 72% ó 28,916 sna 12 mí roimhe sin (Lúnasa 2022 go dtí Iúil 2023).
As na háiteanna cónaithe ar cuireadh tús leo sa chéad seacht mí de 2024 (Eanáir - Iúil), bhí 35% díobh sna ceithre údarás áitiúla i mBaile Átha Cliath. De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó aonad go dtí seo i mbliana (5,197) agus Cathair Chorcaí (3,447) agus Fine Gall (3,341) ina dhiaidh sin.An líon ba lú aonad ar cuireadh tús leo ná i Liatroim (50), sa Longfort (75) agus i Ros Comáin (104).
Is féidir sonraí iomlána ar líon na n-aonaid ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar bhonn náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Iúil 2024 a íoslódáil thíos.