Foráiltear leis an Acht Parúil, 2019, go bhféadfar cúnamh dlíthiúil a sholáthar d’íospartaigh, do pharúlaithe agus d’iarratasóirí ar pharúl chun tacaíocht a sholáthar le linn uiríll a dhéanamh chun an Bhoird Parúil, mar aon le nithe coimhdeacha. Tá sé ar fáil do dhaoine iomchuí agus d’íospartaigh iomchuí gan tástáil acmhainne.
Déanfaidh an Bord Parúil bunú agus coimeád ar phainéal ionadaithe dlíthiúla nó gnólachtaí dlí a shásaíonn na critéir a leagtar amach i dtéarmaí agus coinníollacha na scéime agus atá toilteanach seirbhísí dlí a sholáthar de réir fhorálacha an Achta Parúil, 2019, agus de réir na Scéime. Tabharfar Painéal Ionadaithe Dlíthiúla an Bhoird Parúil ar an bpainéal agus gairtear “an Painéal” de anseo ina dhiaidh seo. Bunófar an Painéal trí phróiseas Léirithe Spéise Oscailte agus beidh sé faoi réir athbhreithniú gach trí bliana.
Tá forbhreathnú ar an scéim agus na téarmaí agus coinníollacha ar fáil thíos.
Is dúnta anois atá an comórtas seo. Ba é an 26 Samhain 2021 an dáta deiridh ar ar glacadh le foirmeacha iarratais.