Tríd an líonra Ambasáidí agus na gníomhaireachtaí stáit, tugann Éire raon iomlán tacaíochtaí do ghnólachtaí, ag baile agus thar lear araon. Mar sin más mian leat infheistiú in Éirinn, deiseanna a thógáil thar lear, nó teacht ar cuairt go hÉirinn, tá an saineolas ceart againne chun tú a threorú.
Ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, oibríonn an fhoireann agus foireann an Líonra Ambasáidí go dlúth le gníomhaireachtaí stáit na hÉireann chun trádáil, turasóireacht agus infheistíocht isteach a chur chun cinn. Is féidir linn na nithe a leanas a chinntiú:
Is cuid den straitéis sin againne a bhfuil ag éirí chomh maith sin léi a bheith ag obair leis an saineolas cuí sna gníomhaireachtaí stáit iomchuí.
Gníomhaíonn an Bord Bia, mar nasc idir sholáthróirí bia, dí agus gairneoireachta na hÉireann agus custaiméirí reatha agus custaiméirí a d’fhéadfadh a bheith ann ar fud an domhain. Tá líonra oifigí thar lear ag Bord Bia in Amstardam, Dusseldorf, Londain, Maidrid, Milano, Moscó, Nua-Eabhrac, Páras, Shang-hai agus i Stócólm.
Is í Fiontraíocht Éireann (EI) an eagraíocht rialtais atá freagrach as fiontair na hÉireann a fhorbairt agus a chothú ar mhargaí an domhain. Tá líonra de naoi n-oifigí réigiúnacha acu ar fud na hÉireann agus i mbreis agus 30 áit go hidirnáisiúnta.
Tá gníomhaireacht chur chun cinn infheistíochta isteach na hÉireann, An tÚdarás Forbartha Tionscail, freagrach as infheistíocht ó thar lear a mhealladh agus a fhorbairt in Éirinn. Tá 18 n-oifig idirnáisiúnta ag an Údarás Forbartha Tionscail.
Infheistíonn Fondúireacht Eolaíochta Éireann (SFI) i dtaighde acadúil as a gceaptar go gcothófar eolas nua, teicneolaíochtaí ceannródaíocha agus fiontair iomaíochta ó thaobh na heolaíochta agus na hinnealtóireachta. Mar aon leis an méid a bhaintear amach in Éirinn a chur chun cinn ar fud an domhain, tacaíonn SFI le comhoibriú idir oideachas, rialtas agus tionscail.
Déanann Turasóireacht Éireann margaíocht ar oileán na hÉireann mar cheann scríbe saoire thar lear. Cruthaítear cláir mhargaíochta den chéad scoth agus cuirtear i bhfeidhm iad agus soláthraítear deiseanna do chomhpháirtithe tionscail chun margaíocht a dhéanamh ar a gcuid táirgí agus a seirbhísí féin i gcomhar le Turasóireacht Éireann thar lear.