Dátaí Íocaíochta agus Bónas na Nollag 2023
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh, d'fhéadfadh go n-athródh an dáta ar a bhfaigheann tú d'íocaíocht le linn thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. Tá sonraí na socruithe íocaíochta go léir don tréimhse seo ar fáil thíos.
Má fhaigheann tú íocaíocht leasa shóisialaigh sheachtainiúil, gheobhaidh tú d'íocaíocht mar is gnách le linn na seachtaine dar tús Dé Luain an 18 Nollaig, chomh maith le réamhíocaíocht don tseachtain ina dhiaidh sin. Baineann sé sin le híocaíochtaí a dhéantar ag oifigí poist, le seic nó go díreach isteach i do chuntas institiúid airgeadais.
Dáta Dlite na hÍocaíochta | Déanfar íocaíocht ar an | |
18, 19, 20, 21, 22 Nollaig 2023 | Níl aon athrú | |
23, 24, 25 Nollaig 2023 | 22 Nollaig 2023 | |
1 Eanáir 2024 | 29 Nollaig 2023 | |
Má dhéanann tú éileamh ar bhonn ócáideach: i gcás inar soláthraíodh duillí roimh ré, íocfar dhá íocaíocht a chlúdóidh na seachtainí sínithe dar críoch an 19 agus an 26 Nollaig (Liúntas Cuardaitheora Poist), nó an 20 agus an 27 Nollaig (Sochar Cuardaitheora Poist) isteach i gcuntais Dé hAoine, an 22 Nollaig.
Tosóidh gnáthshocruithe íocaíochta arís Dé Máirt, an 2 Eanáir 2024, don tseachtain dar críoch an 2 agus an 3 Eanáir.
Custaiméirí an tSochair Breoiteachta: Lean ort le do ‘Dheimhniú Éagumais chun Oibre’ a sheoladh isteach thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana.
Beidh tionchar ag an athrú ar dhátaí íocaíochta leasa shóisialaigh freisin ar oibrithe páirtaimseartha, ócáideacha nó gearr-ama thar thréimhse na Nollag agus na hAthbhliana. D'fhonn a áirithiú go bhfaighidh tú d'íocaíochtaí in am an mhí seo, lean na treoirlínte ar MyWelfare.ie ar conas do phatrúin oibre a chur isteach i gceart.
Má tá liúntas tacaíochta ioncaim á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí ba chóir duit a chur in iúl dúinn go mbeidh tú as láthair roimh thaisteal, is féidir leat é seo a dhéanamh ach cuairt a thabhairt ar d’Ionad Intreo nó d’Oifig Brainse áitiúil.
Íocfar Bónas na Nollag 100% sa tseachtain dar tús an 4 Nollaig 2023.
Tá Bónas na Nollag i mbliana leathnaithe dóibh siúd a bhfuil Sochar Breoiteachta á fháil acu le 12 mhí nó níos mó. Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta go fadtéarmach , gheobhaidh tú do Bhónas na Nollag idir Dé Máirt an 5 Nollaig 2023 agus Dé hAoine an 22 Nollaig 2023.
Tabhair faoi deara, le do thoil, nach n-íocfar Bónas na Nollag ach amháin má fhaigheann tú íocaíocht €20 nó níos mó.
Féadfaidh tú an bónas a fháil má fhaigheann tú:
* ní íocfar Bónas na Nollag leat ach amháin má tá íocaíocht incháilithe á fáil agat le 12 mhí ar a laghad.
Beidh gach oifig roinne, lena n-áirítear Ionaid Intreo agus Oifigí Brainse, dúnta Dé Luain an 25 Nollaig, Dé Máirt an 26 Nollaig 2023 agus Dé Luain an 1 Eanáir 2024.
Guíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí Nollaig Shona agus Athbhliain faoi Mhaise oraibh.