Ag Maoiniú na Todhchaí - Páipéar roghanna bliantúil maidir le costas an oideachas a laghdú 2024
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mí na Bealtaine 2022, d’fhoilsigh an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta a beartas ar thodhchaí an oideachais tríú leibhéal in Éirinn.
Dhearbhaigh an beartas Funding our Future go raibh rún ag an Rialtas an maoiniú a thugtar d’institiúidí tríú leibhéal a mhéadú agus costas an oideachais a laghdú.
Bhí an polasaí tiomanta do mheasúnú roghanna bliantúil a fhorbairt a leagfadh amach bearta chun costas an oideachais a laghdú.
In 2022, dhírigh an páipéar go príomha ar bhearta a bhaineann leis an Scéim Deontas Mac Léinn agus ranníocaíocht na mac léinn.
In 2023, leathnaíodh an páipéar chun roghanna a chur san áireamh maidir le laghdú costais ar fud an Bhreisoideachais agus an Ardoideachais, Taighde agus Printíseachtaí. Thug an páipéar forbhreathnú freisin ar an obair leanúnach maidir le Cóiríocht do Mhic Léinn.
Chun eolas a thabhairt do pháipéar roghanna 2024 na Roinne, agus don dara bliain as a chéile, reáchtáladh Imeacht do Pháirtithe Leasmhara ar an 11ú Aibreán 2024 i bPort Laoise ar a raibh thart ar 130 duine i láthair. I láthair bhí mic léinn, ionadaithe ó phobal na mac léinn, oifigigh rochtana, fostaithe seirbhísí mac léinn, daoine a oibríonn le mic léinn ó lá go lá agus eagraíochtaí a dhéanann abhcóideacht ar son mic léinn gannionadaíocht san oideachas. Thug sé deis do chách a dtuairimí a chur in iúl ar cad ba cheart a áireamh i bpáipéar roghanna na bliana seo.
Cuireadh roinnt ceisteanna ar an lucht freastail le linn na hócáide.
Thug na rannpháirtithe le fios gurb iad na bearta is mó tionchair i mBuiséad 2024 ná:-
• Méadú ar thairseacha ioncaim
• Deontas nua píolótach saor in aisce páirtaimseartha do chúrsaí fochéime sonraithe
• Laghdú aonuaire ar tháillí ranníocaíochta na mac léinn
• Méadú/Athchóiriú rátaí deontas cothabhála
• Cistí breise don Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
Nuair a fiafraíodh díobh cén beart ar cheart tosaíocht a thabhairt dó chun costas an oideachais a laghdú d’aibhsigh daoine iad seo a leanas mar na cinn is suntasaí:-
• Cóiríocht mac léinn
• Iompair
• Deireadh a chur le táillí
• Tuilleadh maoinithe do mhic léinn agus
• Tacaíocht rochtana
I measc na ndúshlán is mó atá leagtha amach maidir le rochtain a fháil ar oideachas tá: -
• Airgeadas
• Lóistín
• Iompar, agus
• Maoiniú atá ar fáil
Áiríodh le haiseolas eile:-
• Tacaíochtaí cóiríochta a sholáthar do gach mac léinn lena n-áirítear an Lucht Siúil agus na Romaigh
• Taisteal saor in aisce do gach mac léinn
• Deireadh a chur leis an bhforáil a chuireann srian le hasbhaint tuilleamh saoire go “tuilleamh lasmuigh de thréimhse an téarma”
• Táillí - Laghdú ar tháillí PLC/Cuir deireadh le táillí ranníocaíochta na mac léinn
• Cistí - Leanúint ar aghaidh le méaduithe/Méadú ar thacaíochtaí Ciste Cúnaimh do Mhic Léinn le déanaí don Chiste do Mhic Léinn faoi Mhíchumas
• Maoiniú i dtreo córas printíseachta ceardaíochta
• Tacaíochtaí do mhic léinn atá ag déanamh aththréimhse staidéir
• Tacaíochtaí feabhsaithe do thurais éigeantacha nuair a thabhaíonn mic léinn costais ghaolmhara bhreise, i.e., trealamh, ábhair, éadaí sainiúla/speisialaithe, coisbheart etc.
• Tacaíochtaí a leathnú do gach mac léinn FET, ní hamháin PLC
• Leathnú ar dheontais SUSI chun maoiniú breise a thairiscint nó chun ioncam breise a cheadú laistigh de na tairseacha do mhic léinn faoi mhíchumas
• Méadú ar stipinn PhD
• Tacaíocht bhreise sparánachta do Phrintíseachtaí
• Tuilleadh tacaíochta do mhic léinn leighis iontrála iarchéime agus mic léinn idirnáisiúnta
• Méadú ar chreidmheas cánach cíosa
Tá an measúnú roghanna seo beartaithe chun costais agus tionchair ionchasacha a aithint, ag an Roinn agus foilsítear é gan dochar do chinntí an Rialtais sa deireadh.
Cuirtear costálacha meastacháin ar fáil do gach rogha ar leith, áfach, i gcás go ngníomhófar ar dhá rogha nó níos mó, d’fhéadfadh méadú ar éileamh agus dá réir ar chostais a bheith mar thoradh air sin.
Nuair a dhéantar costas ar athruithe ar an Scéim Deontas Mac Léinn, ní áirítear leo seo costais oibriúcháin.
Tá treoir rochtana tapa ar chostais san áireamh in Aguisín 1, ach ba chóir é seo a léamh in éineacht leis an bpríomhthráchtaireacht le haghaidh toimhdí.
Ag Maoiniú na Todhchaí
Páipéar roghanna bliantúil maidir le costas an oideachas a laghdú