An Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bunaíodh an Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide chun cúnamh agus tacaíocht airgeadais a thabhairt do thionscadail lena gcabhrófar le hÉirinn a spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach. Soláthrófar leis an gCiste cistiú €500 milliún ar a laghad ón rialtas suas go dtí an bhliain 2027 chun cabhrú leis an aidhm sin a ghnóthú. Leis an gCiste, tacófar le tionscnaimh nuálacha ar féidir nach mbeifear in ann iad a sheoladh ar shlí eile. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide freagrach as an gCiste a bhainistiú.
Fógrófar glaonna oscailte cistiúcháin faoin gCiste anseo. Tabhair faoi deara nach bhfuil glao oscailte cistiúcháin á reáchtáil faoin gCiste faoi láthair.
Rinne Norma Foley, an tAire Oideachais, agus Ossian Smyth, an tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, an chéad chéim de Chlár Fótavoltach na Scoileanna a sheoladh an 23 Samhain 2023.
Áiríodh le Buiséad 2023 cistiú ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a leithdháileadh ar scoileanna incháilithe chun sé chileavata de ghrianphainéil fhótavoltacha dín a fháil, rud atá cothrom le thart ar 15-16 cinn de ghrianphainéil.
Tosaíodh ag glacadh le hiarratais ar an gcéad chéim an 30 Samhain 2023. Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Oideachais.
Leis an gClár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide, infheisteofar €61.5 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide i dtionscadail agus tionscnaimh um ghníomhú pobail ar son na haeráide, agus i bhforbairt acmhainne, thar roinnt blianta.
Leis an gClár, tabharfar tacaíocht agus cumhacht do phobail chun pobail inbhuanaithe ísealcharbóin a mhúnlú agus a thógáil ar bhealach comhleanúnach.
Cuirfear an Clár i bhfeidhm in dhá chéim, agus €30 milliún leithdháilte le haghaidh na chéad chéime. Tá an chéad chéim comhdhéanta de dhá shnáithe.
Tá suim €24 mhilliún á soláthar d’údaráis áitiúla chun tacú le pobail, bíodh pobail mhóra, pobail bheaga, pobail tuaithe nó pobail uirbeacha iontu, chun pobail ísealcharbóin a thógáil ar bhealach meáite struchtúrtha.
Faoi shnáithe 1 dar teideal "Gníomh: Pobail Ísealcharbóin a Thógáil", tá suim €24 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide á soláthar do gach údarás áitiúil chun obair i gcomhpháirt le grúpaí pobail ar mhaithe le tionscadail a reáchtáil lena rannchuideofar le spriocanna náisiúnta aeráide agus fuinnimh a bhaint amach.
Tá suim €3 mhilliún sa bhreis á soláthar ag an gCiste um Oileán Comhroinnte do shnáithe 1, rud a thacóidh le cineálacha cosúla tionscadal ar bhonn trasteorann nó uile-oileáin. Is chun tionscadail a sholáthar i dTuaisceart Éireann a bhronnfar 50% ar a laghad den chistiú faoi shnáithe 1a. Úsáidfear an cistiú sin chun tacú le tionscadail trasteorann nó uile-oileáin a mbeidh bonn soiléir Thuaidh/Theas acu agus lena rannchuideofar le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach ar oileán na hÉireann.
Leis na tionscadail, tabharfar aghaidh ar cheann amháin nó níos mó de na cúig théama seo a leanas:
Táthar ar tí na tionscadail faoi shnáithe 1 agus faoi shnáithe 1a den Chlár um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide a sholáthar. D’fhógair roinnt údarás áitiúil tionscadail rathúla cheana féin. Cuirfear na tionscadail sin i gcrích thar thréimhse ama 18 mí.
Le snáithe 1, tacófar le thart ar 640 tionscadal um ghníomhú ar son na haeráide ar fud na tíre. Le snáithe 1a, tacófar le thart ar 40 tionscadal ar bhonn trasteorann nó uile-oileáin.
Tagann an cistiú faoi thrí chatagóir ar fud na dtionscadal uile: tionscadail bheaga (faoi bhun €20,000); meántionscadail (idir €20,000 agus €50,000), agus tionscadail mhóra (idir €50,000 agus €100,000). Leis na tionscadail a roghnaíodh, tacaítear le tionscnaimh amhail gairdíní pobail a fhorbairt nó córais fuinnimh in-athnuaite, luchtairí feithiclí leictreacha, racaí rothar, stáisiúin athlíonta uisce, múiríniú, uasghráduithe soilse nó córais bhailithe báistí a shuiteáil.
Féach an miondealú atá ceangailte leis seo ar an líon tionscadal in aghaidh an údaráis áitiúil.
Strand 1 and 1a CCAP LA Allocation and Numbers
Strand 1 and 1a CCAP LA Allocation and Numbers
CCAP Local Authority Contacts
CCAP Local Authority Contacts
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na tionscadail i limistéir áitiúla agus faoi chistiú féideartha amach anseo, déan teagmháil leis an Oifigeach um Ghníomhú Pobail ar son na hAeráide i d’údarás áitiúil.
Tá suim iomlán €8.5 milliún á soláthar chun acmhainn an phobail a fhorbairt i ndáil le gníomhú ar son na haeráide. Tá trí ghné den snáithe seo:
Leithdháileadh €5 mhilliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ar ghlao oscailte le haghaidh Tionscadail Oideachais Aeráide, Tionscadail Forbartha Acmhainne agus Tionscadail um Fhoghlaim trí Ghníomhaíocht. Tá an glao sin á bhainistiú ag Pobal thar ceann an Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Níltear ag glacadh le hiarratais a thuilleadh. Ba cheart aon cheisteanna maidir leis an nglao oscailte seo a chur ar Pobal trí ríomhphost a sheoladh chuig CCAP@pobal.ie
Gealltar i gClár an Rialtais "tacú le hÉire Ildánach an pobal a chur ag plé leis an athrú aeráide trí na hearnálacha cruthaitheacha agus cultúir".
I gcomhar leis an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, thacaigh Éire Ildánach leis an ngealltanas sin trí Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, ar ciste iomaíoch €2 mhilliún é a fhaigheann tacaíocht ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide agus ó Chlár Éire Ildánach.
Tá mionsonraí faoi na tionscadail rathúla ar fáil ó Éire Ildánach.
Rinne an tAire Martin agus an tAire Ryan Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide II – Gníomhairí ar son an Athraithe (2023-2025) a sheoladh an 25 Samhain 2022. Is é aidhm an chiste sin cur leis an mbuntuiscint atá ann go dteastaíonn athrú cultúir ar fud na sochaí chun gníomhú bunathraitheach a dhéanamh i leith an athraithe aeráide. Tá sé mar uaillmhian aige leas a bhaint as an acmhainneacht atá ag na healaíona, ag an gcruthaitheacht agus ag an oidhreacht chun an t-athrú cultúir a spreagadh agus a chumhachtú a theastaíonn ó Éirinn chun aeráidneodracht a bhaint amach faoin mbliain 2050.
I gCéim 2 den Ghníomhú Cruthaitheach ar son na hAeráide, rinneadh cinneadh €1.5 milliún sa bhreis a ranníoc leis an gclár seo. Ranníocfar €2.5 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ina leith. Ranníocfaidh an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an tsuim chéanna mar chuid den socrú comhchistiúcháin, agus suim iomlán €5.1 milliún á soláthar do 39 dtionscadal. Tá trí thionscadal bhreise le cistiú ag an gCiste um Oileán Comhroinnte.
Tá mionsonraí faoi na tionscadail rathúla ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.
Tá sé beartaithe ag an Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide cistiú ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide a chur ar fáil chun tacú, trí chómhaoiniú, le Tionscadail Gníomhaíochtaí Caighdeánacha ar éirigh leo cistiú a fháil faoi Chlár LIFE an Aontais Eorpaigh 2021 agus lena gcomhlíontar na critéir le haghaidh cistiú a fháil ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide tar éis próiseas iomaíoch meastóireachta.
Níor éirigh ach le hiarratasóir amháin cistiú a fháil faoi Chlár LIFE an Aontais Eorpaigh 2021, áfach. Tá costas €1.5 milliún ar a mhéad ag baint leis an tionscadal sin. Ba ar leithligh a sainaithníodh dhá thionscadal eile lena gcistiú faoi Chlár LIFE an Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus iad dar luach thart ar €213,000. Tá na trí thionscadal liostaithe thíos.
Bhain an chéad dá thionscadal a gcuid cuspóirí amach, agus tá siad críochnaithe anois. Tá an tionscadal PLASTIC2WAXLIFE fós ar siúl.
Níltear ag glacadh le hiarratais ar chistiú faoin scéim cómhaoinithe seo a thuilleadh
Bhí sé mar aidhm leis an gcéad ghlao ar iarratais cistiú deontais a sholáthar do thionscadail mhórscála – a bhí ag iarraidh tacaíocht iomlán ab fhiú níos mó ná €1 mhilliún. Ba é an dáta deiridh le haghaidh iarratas mar chuid den chéad ghlao ná 5pm an 1 Deireadh Fómhair 2018. Ceadaíodh seacht dtionscadal sa chéad ghlao lena gcur ar aghaidh chuig céim an bhailíochtaithe, agus leibhéal tacaíochta uasta €77 milliún ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide ag baint leo. Tá tuilleadh mionsonraí faoi na tionscadail sin ar fáil thíos.
Tá Carranna Leictreacha BSL ag suiteáil luchtairí nua-aimseartha nua le haghaidh feithiclí leictreacha ar fud na tíre, mar aon leis an líonra luchtaithe atá ann cheana a uasghrádú. Tá tuilleadh mionsonraí ar fáil ar shuíomh gréasáin Charranna Leictreacha BSL.
Agus í ar an gcéad cheann dá cineál in Éirinn, tá Scéim Téimh Ceantair Thamhlachta Chomhairle Contae Átha Cliath Theas ag soláthar teas ísealcharbóin, a fhoinsítear mar theas barrachais ó Ionad Sonraí, chun foirgnimh máguaird a théamh, lena n-áirítear Áras an Chontae/an Leabharlann Contae, Príomhfhoirgneamh Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus Foirgneamh Eolaíochta Spóirt, Sláinte agus Áineasa Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath. Freastalófar ar thithe agus ar fhoirgnimh phobail eile leis an scéim sa todhchaí. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Átha Cliath Theas.
Ceadaíodh d’Iarnród Éireann le déanaí tacaíocht ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide chun gur féidir leis dul ar aghaidh le tionscadal lena dtástáiltear teicneolaíocht hibrideach tiomána ar charranna iarnróid idirchathrach. Cuirfear an tionscadal i gcrích ina chéimeanna. Sa chéad trí chéim thrialach, uasghrádófar naoi gcarr iarnróid phíolótacha ó dhíosal go teicneolaíocht hibrideach tiomána. Ar chríochnú rathúil na céime tástála sin, déanfar measúnú eile ar an tionscadal sula dtabharfar aon tacaíocht eile. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach Straitéis Inbhuanaitheachta Iarnród Éireann 2021 – 2030.
Tá tacaíocht ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide á tabhairt don tionscadal seo de chuid Ghníomhaireacht Fuinnimh an Oirdheiscirt chun cabhrú leis an earnáil iompair laghdú a dhéanamh ar thomhaltas breosla agus ar astaíochtaí ó fheithiclí. Tá trealamh teileamaitice á shuiteáil i níos mó ná 1,000 feithicil earraí troma, agus tá oiliúint chuí á cur ar na tiománaithe. Trí fhaireachán leanúnach a dhéanamh agus trí fheidhmíocht iompraíochta tiomána a atreisiú go dearfach, táthar ag súil leis go méadófar éifeachtúlacht breosla faoi 10% ar a laghad. Ag brath ar thorthaí an tionscadail, is féidir go ndéanfaidh an tionscal príobháideach an tionscadal a mhéadú ó scála. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin Ghníomhaireacht Fuinnimh an Oirdheiscirt.
Tá tacaíocht ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide á tabhairt don Tionscadal um Ghás Astaíochtaí Nialasacha Glasa In-athnuaite Talmhaíochta, rud atá faoi stiúir ag Líonraí Gáis Éireann agus lena soláthrófar an chéad saoráid lárnach mhórscála um instealladh gáis in-athnuaite (bithmheatán) san eangach in Éirinn. Beidh an tsaoráid suite in aice le Baile Mhistéala i gContae Chorcaí. Leis an tionscadal, tacófar freisin le "píblíne fhíorúil" (iompar de bhóthar) le haghaidh gás in-athnuaite a bhailiú ó ghléasraí feirmbhunaithe díleá anaeróbaigh i ndobharcheantar na saoráide lárnaí um instealladh san eangach. Iomprófar an gás ansin chuig an tsaoráid lárnach um instealladh san eangach lena instealladh isteach i líonra gáis na hÉireann.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach suíomh gréasáin Líonraí Gáis Éireann.
Tá an dá thionscadal dheireanacha ag céim an bhailíochtaithe faoi láthair, is iad sin: an Tionscadal Éifeachtúlachta Fuinnimh Soilsithe Phoiblí Údaráis Áitiúil, atá faoi stiúir ag an Oifig um Bainistiú Bóithre; agus Tionscadal Chóras Téimh Ceantair Bhaile Átha Cliath atá faoi stiúir ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.
Is toisc thábhachtach í státchabhair, mar gheall ar an acmhainneacht atá ann go bhfaigheadh tionscadail earnála príobháidí agus comhlachtaí earnála poiblí a théann san iomaíocht i margaí oscailte tacaíocht ón gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide. Beidh an tacaíocht a dheonaítear faoin gCiste um Ghníomhú ar son na hAeráide faoi réir rialacha státchabhrach an Aontais Eorpaigh. Leis an gcéad Ghlao ar Iarratais, comhlíontar go sonrach na critéir atá leagtha síos sa Rialachán Ginearálta maidir le Blocdhíolúine.
Is féidir faisnéis ábhartha eile a fháil sna doiciméid seo a leanas, a bhaineann leis an gcéad bhabhta cistiúcháin agus le próiseas foriomlán an Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide.
Climate Action Fund - Guidelines Applying to the Payment of Financial Support from the Climate Action Fund
Ciste um Ghníomhú ar son na hAeráide - Treoirlínte a Bhaineann Cur isteach ar Íocaíocht Tacaíochta Airgeadais ón Chiste um Ghníomhú ar son na hAeráide - Bealtaine 2022