Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) Mol Eolais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann Cúntóirí Riachtanas Speisialta (CRSanna) go leor oibre luachmhaire don phobal scoile s’againn, trí thacaíocht aosaigh a sholáthar chun a ligean do dhaltaí le riachtanais cúraim suntasacha freastal ar scoil. Is gné riachtanach iad i struchtúr tacaíochta na scoile ar an iomlán, ag cinntiú go bhfuil rochtain ag daltaí ar oideachas chun a ligean dóibh a dtorthaí is fearr agus barr a gcumais a bhaint amach.
Tá ról lárnach ag Cúntóirí Riachtanas Speisialta maidir le cuidiú le cuimsiú daltaí a bhfuil riachtanais oideachais speisialta acu san oideachas príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta, Faoi dheireadh 2023, beidh breis is 20,000 CRS ag obair inár scoileanna.
I mí na Nollag 2022 bhunaigh an Roinn Aonad Forbartha Lucht Saothair tiomnaithe do CRS (AFLSCRS) laistigh den Roinn Oideachais Speisialta, chun a chinntiú go dtugtar an t-am agus aird leordhóthanach ar scrúdú an róil CRS agus leasú nó forbairt ar bith atá ag teastáil.
Glacfaidh an AFLSCRS le cur chuig níos straitéisí ar an bhforbairt pholasaí CRS leis an gcuspóir seirbhís CRS feabhsaithe a fhorbairt a sholáthraíonn an toradh is fearr do pháistí le riachtanais cúraim suntasacha inár scoileanna.