Deimhniúchán ar Líne do Thacaíocht Oibre Páirtaimseartha/Ócáidí/Gearr-Ama ar MyWelfare.ie
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Más oibrí páirtaimseartha, ócáideach nó gearr-ama thú, is féidir leat do phatrún oibre a sheoladh ar aghaidh ar líne ag www.MyWelfare.ie Ciallaíonn seo nach mbeidh ort duillíní páipéir a sheoladh ar aghaidh gach seachtain chuig d’Ionad Intreo/Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Chun seo a dhéanamh, caithfidh tú na coinníollacha seo a leanas a shásamh:
Sínigh isteach i do chuntas agus roghnaigh ‘Dearbhú a Dhéanamh’ ó do chlár eolais custaiméra.
Sínigh isteach i do chuntas agus roghnaigh ‘Íocaíochtaí do Dhaoine nach bhfuil Obair acu ar leathanach baile MyWelfare. Roghnaigh ‘Dearbhú Cuardaitheora Poist Pháirtaimseartha’ agus roghnaigh an cnaipe ‘Dearbhú a Dhéanamh’ ag barr an leathanaigh.
Mura bhfuil aon saghas de chuntas MyGovID agat, is féidir leat foghlaim conas cuntas bunúsach a chruthú anseo.
Nóta: D’fhéadfaí difear a dhéanamh do d’íocaíocht má sheolann tú aon rud ar aghaidh i ndiaidh na n-amanna seo.
Má tá úsáid á baint agat as cuntas bunúsach MyGovID, iarrfar ort roinnt eolas breise a iontráil chun d’aitheantas a dheimhniú:
Beidh ort an méid seo a leanas a iontráil:
Iontráil ainm d’fhostóra (má tá breis agus fostóir amháin agat, roghnaigh ‘Iontráil fostóir eile’).
Ansin roghnaigh an méid seo a leanas do gach lá den tseachtain:
Má d’oibrigh tú seal agus chríochnaigh tú an obair i ndiaidh meán oíche, roghnaigh ‘D’oibrigh mé’ ar an lá inar oibrigh tú an chuid is mó uaireanta an chloig sa seal sin. Mar shampla, má d’oibrigh tú ó 10pm ar an gCéadaoin go dtí 8am Déardaoin, roghnaigh Déardaoin mar an lá oibre.
Má d’oibrigh tú seal 12 uair an chloig nó níos faide, caithfidh tú an t-am tosaigh agus críochnaithe a iontráil don lá sin. Mar shampla, má d’oibrigh tú ón gCéadaoin ag 8pm go Déardaoin ag 8am, roghnaigh Déardaoin mar lá oibre agus iontráil na hamanna mar 20:00 go 08:00.
Fiafrófar ansin díot ar tháinig athrú ar do chúinsí ó rinne tú do dhearbhú deireanach. Má tháinig, iarrfar ort sonraí a sholáthar faoin athrú a tháinig ar do chúinsí, cosúil le hathrú fostóra.
Le do dhearbhú a dhéanamh ar líne, caithfidh tú a dheimhniú ‘Léigh mé an dearbhú agus comhaontaím leis an dearbhú thuas’. Caithfidh tú ‘Seol do Dhearbhú’ a roghnú ansin.
Nuair a bhíonn na céimeanna seo críochnaithe agat, feicfidh tú teachtaireacht Go raibh maith agat ar an scáileán a chuireann ar an eolas thú gur éirigh leat do dheimhniúchán a sheoladh ar aghaidh.
Má tá cuntas deimhnithe MyGovId á úsáid agat, gheobhaidh tú fógra ar do phróifíl MyWelfare freisin.
Ní bheidh ort stampa ná síniú a fháil ó d’fhostóir má sheolann tú do dhearbhú ar aghaidh ar líne, agus ní bheidh ort duillíní páipéir a sheoladh ar aghaidh a thuilleadh chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh áitiúil.
Má theastaíonn aon eolas breise uainn, déanfaimid teagmháil leat nó le d’fhostóir.
Féach, le do thoil, ár dtreoir maidir le deimhniúchán ar líne d’obair pháirtaimseartha/ócáideach/ghearr-ama chun teacht ar eolas breise.