Tá sé rí-thábhachtach d’Éirinn go gcinnteofaí go mbeadh an domhan saor ó airm núicléacha agus go gcuirfí dí-armáil gnáth-airm agus rialú airm chun cinn.
Dí-armáil Núicléach
Tá sé ina tosaíocht le fada an lá ag Éirinn a chinntiú go mbeadh an domhan saor ón mbagairt ó airm núicléacha. Agus sinn spreagtha ag an bhfulaingt ollmhór daonna a bheadh mar thoradh ar mhaidhm arm núicléach, sa chás go dtarlódh sin de thoradh timpiste, mí-áireamh nó botún deartha, táimidne ag obair i dtreo dheireadh iomlán a chur leis na hairm seo. Is ionann an príomhchomhaontú idirnáisiúnta sa réimse seo agus an Conradh maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT). Tá dlúthcheangal ag Éirinn le bunús an NPT; in 1958 thug Éirinn isteach na chéad Réitigh Éireannacha mar a tugadh orthu ag na Náisiúin Aontaithe agus as sin a lean an NPT. Mar aitheantas ar an ról ceannródaíoch sin, ba í Éire an chéad tír a fuair cuireadh an NPT a shíniú in 1968. Tháinig an NPT i bhfeidhm i 1970 agus tá 190 comhalta san NPT anois.
Nach mór leath chéad bliain ina dhiaidh sin agus tá NPT ag croílár iarrachtaí idirnáisiúnta domhan saor ó airm núicléacha a chinntiú. Áirítear ann an t-aon oibleagáid dlíthiúil idirnáisiúnta chun airm núicléacha a dhí-armáil agus is ionann é agus an chloch choirnéil den réimeas neamhiomadaithe núicléach domhanda. Is comhalta gníomhach agus tiomanta den NPT í Éire i gcónaí agus táimid ag obair le tíortha eile chun dul chun cinn a bhaint amach maidir le dí-armáil núicléach chomh maith le spriocanna an Chonartha maidir le Neamhleathadh agus úsáidí síochánta teicneolaíochta núicléach a chur chun cinn.
D’éirigh leis an NPT ó thaobh cosc a chur ar leathadh coiteann airm núicléacha. Mar sin féin, mar gheall gur údar imní d’Éirinn é luas mall fheidhmiú oibleagáidí dí-armála núicléacha an Chonartha agus go ndéanfadh sin beag is fiú den Chonradh, bhí Éirinn gníomhach i bhfoirmliú Chlár Oibre Comhrialtais Nua, grúpa Stát tras-réigiúnach atá tiomanta dul chun cinn ar dhí-armáil núicléach a chur chun cinn.
Seoladh an NAC i mBaile Átha Cliath i 1998 le Comhdhearbhú Aireachta agus comhairlíodh an cuspóir dí-armáil nuícléach iomlán a chur chun cinn. Cúig bliana déag níos déanaí, tá an sé chomhalta sa chomhrialtas sin – An Bhrasaíl, An Éigipt, Éire, Meicsiceo, An Nua Shéalainn agus An Afraic Theas – tiomanta go fóill don phríomhchuspóir sin. Don chéad sé mhí de 2014, glacfaidh Éire ról chomhordaitheoir an NAC.
Tá Éire ina comhalta den Chomhdháil ar Dhí-Armáil agus, i mí Lúnasa – Meán Fómhair 2013 táthar ag gníomhú mar uachtarán ar an gcomhdháil. Thug an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála óráid ag an gComhdháil maidir le Dí-Armáil i mí Feabhra 2013. Táimid rannpháirteach sa Ghrúpa Oibre Neamhiata sa Ghinéiv a bhunaigh Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun moltaí a fhorbairt maidir le hidirbheartaíochtaí iltaobhacha ar dhí-armáil núicléach. Táimid páirteach freisin i ngrúpa tíortha a bhfuil sé mar aidhm acu aird a tharraingt ar impleachtaí daonna airm núicléacha mar shlí chun cur leis an mbrú ar níos mó dul chun cinn a dhéanamh maidir le dí-armáil núicléach.
Tá An Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta d’Fhuinneamh Adamhach lárnach i gcónaí in iarrachtaí domhanda cosc a chur ar iomadú airm núicléacha agus úsáidí sábháilte, slán agus síochánta teicneolaíochtaí núicléacha a chur chun cinn. Tá sé roghnaithe ag Éirinn áfach gan cumhacht núicléach a chur san áireamh ina meascán fuinnimh. Mar sin féin, táimid tiomanta i gcónaí úsáidí síochánta de theicneolaíocht núicléach laistigh den chomhthéacs NPT a chur chun cinn agus a éascú agus faoi rialaithe idirnáisiúnta cuí. Táimid mar chomhalta den IAEA ó 1970 agus oibrímid leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe ar fud an domhain chun riachtanais úsáide síochánta an NPT a chosaint.
Feiceann Éire an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thrialacha Núicléacha mar bhealach tábhachtach chun cuspóirí an NPT a chur chun cinn agus a fheidhmiú. Chuirfeadh an CTBT cosc ar phléascáin tástálacha núicléacha, ar an tslí sin tarraingítear líne shoiléir idir úsáidí síochánta agus míleata na teicneolaíochta núicléach. Ní chuirfear an Conradh i bhfeidhm ach amháin nuair a dhaingneoidh gach tír atá sa liosta in Iarscríbhinn 2 leis an gConradh, a raibh acmhainn núicléach acu nuair a comhaontaíodh an conradh, é. Tá Éire tiomanta dá fheidhmiú gan mhoill a chur chun cinn agus iarrtar ar gach tír atá fós ann in Iarscríbhinn 2 – ocht dtír in iomlán – an conradh a dhaingniú láithreach agus gan choinníollacha.
Ní hamháin go bhfuilimid tiomanta domhan saor ó airm núicléacha a chinntiú, ach tá ról gníomhach againn freisin i dtreo dheireadh a chur le gach catagóir d’airm ollscriosta.Is tosaíocht seanbhunaithe de chuid bheartas eachtrach na hÉireann é domhan saor ón mbagairt ó gach arm ollscriosta a chinntiú.
Bhí Éirinn páirteach san Choinbhinsiún um Airm Cheimiceacha (CWC) ó tháinig sin i bhfeidhm in 1997 agus san Choinbhinsiún um Airm Bhitheolaíocha ó 1972. Le sé bliana déag anuas, tá dul chun cinn suntasach déanta ag an CWC i dtreo dheireadh a chur leis an gcatagóir iomlán airm ó armlanna domhanda. Agus Uachtaránacht an AE ag Éirinn, bhí ról lárnach againn chun tionchar a bheith againn ar rannchuidiú an AE ag an Tríú Comhdháil Athbhreithnithe den Choinbhinsiún um Airm Cheimiceacha san Háig i mí Aibreáin 2013.
Cnuas-Mhuinisin
Is údar mórtais dúinne gur comhaontaíodh téacs an Choinbhinsiúin maidir le Cnuas-Mhuinisin ag comhdháil taidhleoireachta i mBaile Átha Cliath i mí na Bealtaine 2008. Leis an gCoinbhinsiún tá úsáid, táirgeadh, aistriú agus stoc-charnadh cnuas-mhuinisin neamhdhleathach chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí daonna agus an dochar do-ghlactha a bhíonn mar thoradh ar úsáid chnuas-mhuinisin. Bhí Éire ar cheann de na chéad tíortha a shínigh agus a dhaingnigh an Coinbhinsiún a tháinig i bhfeidhm in 2010 agus táimid tiomanta dá fheidhmiú. Mar Chomhordaitheoir ar Ghlanadh, 2012-2013, d’oibríomar go crua chun obair an Choinbhinsiúin ar an tsaincheist a chur chun cinn.
Féadfaidh tú Doiciméid Deiridh na Comhdhála a léamh anseo.
Bhí Éire ar cheann den phríomhghrúpa tíortha a dhréachtaigh an Coinbhinsiún maidir le Mianaigh Talún Frithphearsanra agus bhí Éire ar cheann de na chéad Stáit a shínigh agus a dhaingnigh é i mí an Mhárta 1997. Ní hamháin go gcuirtear toirmeasc ar úsáid mianaigh talún frithphearsanra leis an gCoinbhinsiún, ach tugtar tiomantas leis cuidiú le Stáit fáil réidh le mianaigh ó thailte ina bhfuil mianaigh. Thacaigh Éire go láidir leis an Monatóir Mianach Talún, tionscnamh sochaí sibhialta chun monatóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú an APLC, óna bhunú in 1998.
Thug Éire tacaíocht láidir do ghníomhú mianach daonna ó go luath sna 1990idí. B'ionann caiteachas iomlán Chúnamh Éireann ar ghníomh mianaigh sa tréimhse 2006 – 2012 agus os cionn €25 milliún, lena n-áirítear maoiniú d’obair san Afganastáin, in Angóla, san Chambóid, san Iaráic, i Lao PDR, i Mósaimbíc, i Vítneam agus san tSiombáib. Ní hamháin go gcuireann an obair seo cosc ar thaismí eile, ach ceadaítear talamh a scaoileadh ar mhaithe le talmhaíocht agus gnó, agus cuireann sin go díreach le cobhsaíocht san fhadtéarma agus le forbairt eacnamaíoch.
Is dul chun cinn suntasach é glacadh an Chonartha Trádála Airm i mí Aibreáin 2013 don phobal idirnáisiúnta. Is é an ATT an chéad chomhaontú atá ina cheangal de réir dlí chun trádáil domhanda i ngnáth-airm a rialú, ó thancanna cogaidh agus aerárthaí trodaíochta, diúracáin, mionairm agus airm éadroma. Léirítear an cur chuige riachtanach is féidir leis na Náisiúin Aontaithe a dhéanamh i dtreo shíocháin agus shlándáil idirnáisiúnta.
Is tosaíocht beartais eachtrach d’Éirinn é ATT atá cuimsitheach agus bríomhar. Tá muid bródúil a bheith i measc na gcéad Stát a shínigh an Conradh an 3 Meitheamh 2013, agus tá sé i gceist againn gluaiseacht go tapa i dtreo dhaingniú sna míonna atá amach romhainn. Rachaidh an Conradh i bhfeidhm nuair a bheidh sé daingnithe ag 50 Stát. Go náisiúnta, táimid ag obair i dtreo dhaingniú agus fheidhmiú an Chonartha gan mhoill.
Cuireann an [external-link Áirithe http://www.unog.ch/80256EE600585943/%28httpPages%29/4F0DEF093B4860B4C1257180004B1B30?OpenDocument | Coinbhinsiún ar Úsáid Gnáth-Arm ] cosc ar úsáid airm áirithe a mheastar a chruthaíonn fulaingt gan gá nó a mbíonn tionchar neamhidirdhealaitheach acu ar shibhialtaigh agus ar phearsanra míleata. Is é sin an fáth a shínigh Éire an Coinbhinsiún in 1981, an bhliain chéanna a d'oscail sé le síniú.
Bíonn Éire rannpháirteach i cúig réimeas onnmhairithe iltaobhach: Socrú Wassenaar, Grúpa na hAstráile, Réimeas Rialaithe Teicneolaíochta Diúracáin, Grúpa Soláthróirí Núicléacha agus Coiste Zangger. Éilíonn ár n-oibleagáidí faoi na socruithe réimeas onnmhairithe orainn onnmhairiú liostaí ábhar atá sonrach do gach réimeas a rialú. Mar Bhallstát den AE, tá Éire ceangailte faoi théarmaí Chomhsheasamh Chomhairle an AE 2008/944/CFSP a shainmhíníonn comhrialacha a rialaíonn rialú onnmhairiú teicneolaíocht mhíleata agus trealamh míleata, agus Rialachán Chomhairle an AE ar Earraí Déach-Úsáide, Rialachán na Comhairle (AE) Uimh 428/2009.
Tá an Roinn Post, Fiontar agus Nuálaíochta, freagrach as ceadúnú in Éirinn. Oibrímid go dlúth lenár gcomhghleacaithe sa Roinn sin ar iarratais maidir le honnmhairiú earraí míleata agus earraí déach-úsáide áirithe as Éirinn.
Aithnímid an cur chuige tábhachtach a dhéanann an Sochaí Sibhialta i go leor próiseas dí-armála & neamhiomadaithe agus leanfaimid ag obair le comhpháirtithe na Sochaí Sibhialta chun ár spriocanna maidir le dí-armáil, Neamhleathadh agus rialú airm a chur chun cinn.