Díolúintí Pleanála Gréine
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig Rialacháin den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3), 2022, agus Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Grianzóin Chosanta), 2022, a thacaíonn leo, i bhfeidhm ar an 5 Deireadh Fómhair 2022. Comhcheanglaítear na rialacháin chun soláthairtí nuashonraithe a chur ar fáil i dtaca le díolúintí pleanála i gcomhair suiteálacha gréine dín.
Leag Rialacháin den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3), 2022, na haicmí éagsúla díolúintí amach agus na coinníollacha agus teorainneacha a bhaineann leo.
Is iad na haicmí díolúintí ná:
Leag Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Grianzóin Chosanta), 2022, 43 Grianzón Cosanta amach (GZC). Is limistéar thart timpeall ar aerfort, aeradróm nó héileapad é GZC, ina bhfuil baol ann go mbeadh drithle nó dallrú ó na grianphainéil a rachadh i bhfeidhm ar shábháilteacht eitlíochta. Tá teorainn méadair chearnaigh ar ghrianphainéil dín curtha i bhfeidhm sna grianzóin áirithe seo.
Níl aon teorainn dín le tithe, is cuma má tá an teach suite laistigh nó lasmuigh de GZC. Níl aon teorainn le grianphainéil a thógáil ar thithe nó ionaid tithíochta suite lasmuigh de GZC.
Baineann GZC le gach aicme tógála éagsúil seachas tithe. Tá teorainn 300 méadar cearnach le forbraíochtaí dín sa GZC do gach díon laistigh de chúirtealáiste na forbraíochta. Is féidir le hiarratasóirí sna GZC cead pleanála a lorg do thograí níos mó ná 300 méadar cearnach. Ba chóir d'iarratasóirí teagmháil a dhéanamh lena n-údarás áitiúil pleanála i dtaca leis seo.
Braitheann gach díolúine ar choinníollacha agus teorainneacha áirithe cosúil le híosfhaid ó imeall an dín agus na teorainneacha ginearálta a bhaineann le forbairt dhíolmhaithe i dtaca le struchtúir atá faoi chosaint agus Limistéir Chaomhantais Ailtireachta.
Is féidir breathnú ar na GZC ar suíomh gréasáin Myplan
Tá cóipeanna de Rialacháin den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (Forbairt Dhíolmhaithe) (Uimh. 3), 2022 , agus Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (Grianzóin Chosanta), 2022 , a thacaíonn leo, ar fáil ar shuíomh gréasáin Leabhar Reachtanna na hÉireann.
Chun eolas a fháil ar dheontais, déan teagmháil le le hÚdarás Fuinnimh Inmharthana na hÉireann .
Tá cóip de Dhoiciméadú MSC agus MC a bhaineann leis na Rialacháin seo ar fáil thíos lena n-áirítear Tuarascáil Chomhshaoil MSC agus Ráiteas MSC.
Solar Panels Exempted Development Regulations - SEA Statement
Solar Panels Exempted Development Regulations - SEA Environmental Report
Solar Panels Exempted Development Regulations - Non- Technical Summary SEA
Solar Regulations - SEA Scoping Report
Solar Regulations - SEA Screening Determination
Solar Regulations - AA Screening Determination