Tá céimeanna ar leith nach mór iad a leanúint tar éis do dhuine bás a fháil. Tá na céimeanna seo á leagan amach thíos mar aon le liosta tagartha i dtaobh na seirbhísí agus na sochar a bhfuil fáil orthu.
Ní mór gach bás a chlárú leis an bPríomh-Oifig Chlárúcháin (POC) laistigh de trí mhí ó dháta an bháis. Is féidir bás a chlárú ag Oifig Clárúcháin ar bith. Go hiondúil, is é duine de mhuintir an té a fuair bás a dhéanann an bás a chlárú.
Tá tuilleadh eolais faoi cén chaoi le bás a chlárú ar fáil anseo.
Má fhaigheann saoránach de chuid na hÉireann bás i dtír eachtrach agus gnáthchónaí orthu in Éirinn laistigh de 5 bliana roimhe sin, is féidir an bás a chlárú i dTaifead na mBásanna a tharlaíonn i dTír Eachtrach.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le corp a thabhairt go hÉirinn le haghaidh adhlactha nó le haghaidh créamtha anseo.
Más gá duit corp a aistriú ó Éirinn go tír eile le haghaidh adhlactha nó le haghaidh créamtha, tá tuilleadh eolais ar fáil ón Roinn Gnóthaí Eachtracha.
Má fhaigheann duine bás a mbíodh íocaíochta leasa shóisialaigh á bhfáil aige nó aici, ba cheart scéal a bháis nó a báis a chur chuig an rannóg a mbíonn ag plé leis na híocaíochtaí chomh luath agus is féidir.
Tá sonraí teagmhála do gach rannóg de chuid na roinne ar fáil ar Eolaire Uimhreacha Teileafóin na Roinne Coimirce Sóisialaí:
I gcásanna áirithe, íoctar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar feadh tréimhse tar éis do dhuine bás a fháil. Íoctar na híocaíochtaí lena c(h)éile, lena p(h)áirtí sibhialta, lena c(h)omhchónaitheoir nó lena c(h)úramóir ar feadh 6 seachtaine tar éis an bháis.
Ní mór d'éilitheoir critéir cháilitheachta a chomhlíonadh chun na híocaíochtaí seo a fháil tar éis an bháis. I measc na n-íocaíochtaí ar féidir a íoc tar éis báis tá:
Má tá Liúntas Cúramóra, Sochar Cúramóra nó Liúntais Cúraim Baile á bhfáil agat agus má fhaigheann an duine a mbíonn tú ag tabhairt aire dó nó di bás, ní mór duit scéal an bháis a chur chuig an rannóg a mbíonn ag plé le d'íocaíochtaí chomh luath agus is féidir.
Féadfaidh sé go bhfaighidh tú na híocaíochtaí seo fós:
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á bhfáil agat a bhfuil Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe nó Méadú do Leanbh Cáilithe mar chuid de agus má fhaigheann an duine cáilithe bás, ní mór duit scéal an bháis a chur chuig an rannóg a mbíonn ag plé le d'íocaíochtaí chomh luath agus is féidir.
Féadfaidh sé go n-íocfar an ráta méadaithe leat ar feadh 6 sheachtain tar éis bhás an duine cháilithe.