Chuidigh ár gcomhaltas den Aontas Eorpach chun Éire a athrú ó bhonn. Táimid tiomanta ár dtír a choimeád ag croílár na hEorpa trínár gcaidreamh le ballstáit AE eile a fhorbairt agus a threisiú.
Mar thír bheag, tuigimid go bhfuil Aontas Eorpach éifeachtach riachtanach dúinne chun ár spriocanna a bhaint amach, anseo ag baile agus ar an stáitse idirnáisiúnta.
Mar sin táimid tiomanta ár seasamh mar chomhpháirtí cuiditheach san Eoraip a fheabhsú. Déanaimid sin trí oibriú tríd an AE chun tionchar a bheith againn ar ghnóthaí idirnáisiúnta a dhéanann difear d’Éirinn. Agus cinntítear sin trí bheith rannpháirteach ar raon iomlán tosaíochtaí beartas san Aontas lena chinntiú go mbeidh leasanna na hÉireann curtha san áireamh lena mbreithniú.
Tá ár nAirí, ár n-oifigigh rialtais agus ár n-ionadaithe tofa ag Parlaimint na hEorpa agus an tOireachtas rannpháirteach ag déanamh ionadaíochta ar Éirinn agus ar ár leasanna san AE.
Oibríonn siad den chuid is mó trí Institiúidí an AE chun aird ár gcomhpháirtithe a tharraingt ar ábhar imní na hÉireann agus chun tionchar a bheith againn ar bheartas AE.
Bíonn cruinnithe rialta ag Airí Rialtais na hÉireann lena macasamhail i gComhairle an Aontais Eorpaigh (Comhairle na nAirí) chun plé a dhéanamh ar fhorbairtí beartas san Aontas agus chun tionchar a bheith againn ar an bhfreagra.
Bíonn cruinnithe ag an Taoiseach le Cinn Rialtais ó 27 ballstát eile sa Chomhairle Eorpach chun obair AE atá ag teacht chun cinn a threorú.
Tá Roinn an Taoisigh freagrach as caidreamh na hÉireann leis an AE a bhainistiú. Oibríonn siad linne sa Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála, an líonra 27 Ambasáid Éireannach i dtíortha an AE agus leis an mBuan-Ionadaí chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil.
Is é/í an tAire Stáit do Ghnóthaí Eorpacha atá freagrach as déileáil le saincheisteanna AE agus a thugann tacaíocht don Taoiseach agus don Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála ina gcuid oibre.
Déanann ár mBuan-Ionadaí chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil ionadaíocht ar leasanna na hÉireann san Aontas Eorpach ó lá go lá. Tugtar le chéile státseirbhísigh ó nach mór gach roinn rialtais Éireannach, agus is é sin an misean taidhleoireachta is mó de chuid na hÉireann thar lear.
Tá 12 Feisire de Pharlaimint na hEorpa a dhéanann ionadaíocht ar Éirinn ag Parlaimint na hEorpa. Táthar freagrach as a chinntiú go dtógfar ábhar imní mhuintir na hÉireann san áireamh agus beartas AE á chur le chéile. Tá ról níos mó ag Parlaimint na hEorpa i ngnóthaí an AE ó Chonradh Liospóin.
Bíonn ról tábhachtach ag Coiste Gnóthaí Eorpach an Oireachtais (Parlaimint na hÉireann) ó thaobh eolas a thabhairt do dhíospóireacht ar an Aontas Eorpach in Éirinn trí na nithe seo a leanas:
Bíonn an Coiste rannpháirteach go rialta le hinstitiúidí AE chun treo polaitíochta agus straitéiseach an Aontais ina iomláine a fhaire agus tionchar a imirt air sin.