An Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 (CAP24) an tríú nuashonrú bliantúil ar an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide de chuid na hÉireann. Cheadaigh an Rialtas an Plean an 20 Nollaig 2023, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Nuashonraíodh an leagan den Phlean atá ar fáil thíos chun caibidil bhreise ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur ar áireamh, rud ina dtugtar measúnú ar gach caibidil den Phlean le haghaidh thionchar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar spriocleibhéal na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024, cuirtear le Plean na bliana seo caite trí mhionchoigeartú agus nuashonrú a dhéanamh ar na bearta agus na gníomhartha a theastaíonn chun na buiséid charbóin agus na huasteorainneacha astaíochtaí earnála a sholáthar. Is é atá sa Phlean ná treochlár le haghaidh gníomh cinntitheach a dhéanamh chun astaíochtaí na hÉireann a laghdú faoina leath faoin mbliain 2030 agus chun aeráidneodracht a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050, mar a ghealltar san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021.
Cuireadh tús le comhairliúchán poiblí ar an bPlean Dé Céadaoin an 21 Feabhra agus beidh sé ar oscailt go dtí an 5 Aibreán. Is é atá sa chomhairliúchán seo ná deis do dhaoine den phobal aighneachtaí a dhéanamh nó barúlacha a chur in iúl maidir leis na gnéithe éagsúla den Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide is déanaí ó Éirinn agus maidir leis na doiciméid timpeallachta ghaolmhara.
Más mian leat aighneacht a dhéanamh nó barúil a chur in iúl maidir leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 (lena n-áirítear an Iarscríbhinn Gníomhartha) nó maidir leis an Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta nó leis an Measúnacht Chuí, is féidir leat mionsonraí a fháil anseo faoi conas is féidir leat déanamh amhlaidh.
Maidir leis an Iarscríbhinn Gníomhartha fhorlíontach a ghabhann leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide, cheadaigh an Rialtas í freisin, faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Don bhliain 2024, cuireadh cur chuige nua i leith na hIarscríbhinne chun feidhme, ar dá bharr nach gcuirfear ach gníomhartha nua ardtionchair ar áireamh san Iarscríbhinn. Ina theannta sin, beidh an treochlár iomlán gníomhartha chun tacú le comhlíonadh ár spriocanna aeráide faoi raon feidhme an Phlean Gníomhaithe ar son na hAeráide é féin fós.
Tá an Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024 faoi réir Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí. Foilsíodh Tuarascáil Timpeallachta na Measúnachta Straitéisí Timpeallachta agus Ráiteas Tionchair Natura i gcomhar leis an bPlean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024. Is féidir leat na doiciméid sin, mar aon le mionsonraí faoi conas is féidir leat aighneacht a dhéanamh nó barúil a chur in iúl maidir leo, a aimsiú anseo.