Téarmaí tagartha don Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách - Óglaigh na hÉireann
Ó Independent Review Group - Defence Forces
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Independent Review Group - Defence Forces
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuimsíonn Óglaigh na hÉireann baill na mBuan-Óglach agus na nÓglach Cúltaca araon.
Cuimsíonn iompar do-ghlactha idirdhealú, imeaglú, bulaíocht, ciapadh, gnéaschiapadh agus mí-iompar gnéasach, lena n-áirítear ionsaí.
1) Scrúdú a dhéanamh ar na creataí reachtaíochta, na beartais, na córais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair ag Óglaigh na hÉireann chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú, bulaíocht, ciapadh, gnéaschiapadh agus aon chineál de mhí-iompar gnéasach san ionad oibre.
2) Measúnú a dhéanamh ar an bhfuil an creat reachtach, na beartais, na córais agus na nósanna imeachta ag teacht leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta agus le noirm AD, agus an meastar iad a bheith oiriúnach don fheidhm chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil agus go héifeachtach ar eachtraí iompair do-ghlactha san ionad oibre agus chun moltaí cuí a dhéanamh.
3) Scrúdú a dhéanamh ar an bpróiseas d’fhonn gearán faoi iompar do-ghlactha a dhéanamh ó thús go deireadh an phróisis agus measúnú a dhéanamh ar an bhfuil aon bhac ann ar bhaill Óglaigh na hÉireann maidir le gearán a dhéanamh agus páirt iomlán gníomhach a ghlacadh sa phróiseas, agus moltaí cuí a dhéanamh.
4) Scrúdú a dhéanamh ar a mhéid a d’fhéadfadh beart díoltais, nó imní faoi bheart díoltais, nó aon chultúr ciúnais nó comhpháirteachais a d’fhéadfadh a bheith ann a bheith ina bhac ar thuairisciú, nó ar imscrúdú, chomh maith le haon chomhartha neamhréireachtaí nó dúshlán atá ann maidir le i cur i bhfeidhm na mbeartas.
5) Cleachtadh tagarmharcála a dhéanamh i gcomparáid leis an taighde chainníochtúil, a rinneadh mar chuid de Thuarascáil an Ghrúpa Chomhairligh Sheachtraigh 2002. ‘An Dúshlán san Ionad Oibre.’ Mar aon le hathbhreithniú ar dhearcadh bhaill bhaineanna Óglaigh na hÉireann maidir leo féin féin laistigh den Eagraíocht agus ar an dearcadh atá ag an Eagraíocht ar bhaill bhaineanna freisin.
6) Measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht na siollabas oiliúna agus na gclár feasachta do gach céim laistigh d’Óglaigh na hÉireann, lena n-áirítear ag an leibhéal iontrála, daoine ceaptha mar Oifigigh Imscrúdaithe Airm agus mar Phóilíní Airm, ar shaincheisteanna a bhaineann le dínit agus comhionannas, dualgas cúraim, leithcheal, imeaglú, bulaíocht , ciapadh, gnéaschiapadh agus mí-iompar gnéasach san ionad oibre.
7) Athbhreithniú a dhéanamh ar mheastóireacht feidhmíochta, agus ar chórais ardaithe céime in Óglaigh na hÉireann go háirithe ó thaobh conas a roghnaítear ceannairí agus conas a chuirtear oiliúint orthu maidir le scileanna bainistíochta agus dualgas cúraim don phearsanra atá faoina gceannas.
8) Chun a fháil amach an bhfuil cultúr cuí i bhfeidhm in Óglaigh na hÉireann ar fud gach céime, cultúr a chuireann ionad oibre atá bunaithe ar dhínit agus ar choimheas chun cinn, agus atá tacaithe agus cumasaithe go láidir, agus an bhfuil cur chuige neamhfhulaingthe i leith iompar do-ghlactha san ionad oibre i bhfeidhm.
9) Dearcthaí agus eispéiris bhaill reatha agus iarbhaill Óglaigh na hÉireann araon a lorg, ar bhonn deonach agus rúnda, ar a dtaithí ar na beartais, na córais agus na nósanna imeachta atá i bhfeidhm faoi láthair, idir dhearfach agus diúltach, lena n-áirítear eachtraí iompair do-ghlactha san ionad oibre, agus béim a leagain air nach n-áireofar sa Tuarascáil deiridh aon tagairt d’aon chás sonrach, ná nach mbeidh aon mheasúnú ná moltaí inti maidir le cásanna sonracha.
10) Dearcthaí agus eispéiris páirtithe eile a bhféadfadh baint a bheith acu leis an bpróiseas gearáin a lorg, lena n-áirítear Oifigigh Rannáin agus Cheannais arb iad de ghnáth an chéad fhaighteoir de ghearáin; baill den Chóras Tacaíochta Pearsanta (PSS); Síceolaí agus Síciatraí Óglaigh na hÉireann; baill de Bhrainse Mhíochaine Óglaigh na hÉireann; agus Oifigigh Imscrúdaithe an Airm, agus béim á cur go mbeidh a leithéid de phlé déanta ar bhonn rúnda.
11) Scrúdú a dhéanamh ar ról reachtúil an Aire/na Roinn sna córais agus sna nósanna imeachta maidir le déileáil le gearáin.
12) Cé go dtugtar faoi deara go dtugann an tAcht um Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann, 2004 meicníocht do bhaill Óglaigh na hÉireann chun gearáin a dhéanamh i gcoinne státseirbhíseach; meicníochtaí gearáin iomchuí a mheas a ligfidh do phearsanra sibhialtach, d’fostaithe sibhialtacha agus do státseirbhísigh gearáin a dhéanamh faoi iompar do-ghlactha ag baill d'Óglaigh na hÉireann san ionad oibre.
13) Comhairle a thabhairt an bhfuil gá le tuilleadh oibre chun ceisteanna stairiúla a scrúdú agus moltaí a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr chun tabhairt faoi seo.
Is iad saineolaithe seachtracha neamhspleácha neamhchlaonta ceaptha ag an Rialtas a thabharfaidh faoin Athbhreithniú. Beidh fáil ag an nGrúpa Athbhreithnithe ar shaineolaithe, agus ar chumas taighde de réir mar is dóigh leo gur cuí é.
Cuirfear Dréacht-Tuarascáil Athbhreithnithe faoi bhráid an Aire [laistigh de 6/9 mí] chomh maith leTuarascáil Athbhreithnithe Deiridh. Tabharfaidh an tAire Tuarascáil an Athbhreithnithe Deiridh faoi bhráid an Rialtais. Cuirfidh an tAire an Tuarascáil Athbhreithnithe Deiridh ar fáil don phobal, ach ní nochtfar céannacht na ngearánaithe ná aon déantóir liomhnaithe iompair do-ghlactha sa Tuarascáil.
Ina theannta sin, cuirfidh an Grúpa Athbhreithnithe aon mheasúnuithe agus moltaí eatramhacha ar fáil don Aire, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn le linn an athbhreithnithe lena bhfuil gá ann do ghníomh láithreach.
Féadfaidh an Grúpa Athbhreithnithe a ghnó a dhéanamh trí phlé ó bhéal agus/nó i scríbhinn ar le grúpaí agus/nó ar bhonn aonair.
Cuimseoidh an tAthbhreithniú dearcthaí agus eispéiris a bhfaighfear ó bhaill reatha agus ó iarbhaill Óglaigh na hÉireann ar eachtraí iompair do-ghlactha san ionad oibre. Beidh comhroinnt dearcthaí agus eispéireas dá leithéid déanta ar bhonn hiomlán deonach ag agallaithe agus caithfear leo go rúnda.
Úsáidfidh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách mioncheisteanna a éascóidh le héisteacht cheart a thabhairt do na hagallaithe agus chruthóidh sé creat chun an fhaisnéis a bhailiú agus anailís a dhéanamh uirthi. Déanfaidh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách cultúr Óglaigh na hÉireann (san am a chuaigh thart agus an cultúr reatha) a mheas i gcomhthéacs dínite, coimhmheasa, comhionannais agus dualgais cúraim san ionad oibre, agus déanfaidh sé bacainní braite nó iarbhír (san am a chuaigh thart agus san am i láthair) maidir le hiompar do-ghlactha a thuairisciú a shainaithint freisin. Féadfaidh an Grúpa Athbhreithnithe bualadh le páirtithe leasmhara eile le linn an phróisis lena n-áirítear Oifigigh Rannáin agus Ceannais arb iad de ghnáth an chéad phointe teagmhála le haghaidh gearán.
Féadfaidh an Grúpa Athbhreithnithe dul sa phlé le daoine a bhfuil baint acu leis na tacaíochtaí eatramhacha a chuir an tAire i bhfeidhm; Raiseaconcern - Duine Teagmhála Rúnda (CCP) agus Ionad Éigeandála um Éigniú Bhaile Átha Cliath, chomh maith le Seirbhísí Tacaíochta Pearsanra Óglaigh na hÉireann (PSS), Síceolaí agus Síciatraí Óglaigh na hÉireann agus tacaíochtaí míochaine laistigh de Bhrainse Míochaine Óglaigh na hÉireann atá bunaithe cheana féin. Déanfar gach plé den sórt sin a anaithnidiú agus ní roinnfear aon sonraí maidir le gearáin aonair i gcomhréir riachtanais rúndachta agus RCGS.
Féadfaidh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách aighneachtaí a lorg ó bhaill reatha agus ó iarbhaill Óglaigh na hÉireann agus ó pháirtithe leasmhara eile, lena n-áirítear na Cumainn Ionadaíocha.
Féadfaidh an Grúpa Athbhreithnithe bualadh le hOifigí eile laistigh de chúram an Aire, mar shampla Oifig an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann, a thugann measúnú seachtrach d’fhonn déileáil le gearáin ó bhaill reatha agus ó iarbhaill Óglaigh na hÉireann agus ó aon ghrúpaí eile de réir mar a chinnfidh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, mar shampla struchtúir laistigh de Chóras Ceartais an Airm. Le linn a rannpháirtíochta agus ina phlé le struchtúir neamhspleácha den sórt sin, léireoidh an Grúpa Athbhreithnithe meas iomlán i gcónaí ar neamhspleáchas Oifig an Ombudsman d’Óglaigh na hÉireann agus ar Chóras Ceartais an Airm agus tabharfaidh sé aitheantas dóibh.
Comhlíonfaidh an Grúpa Athbhreithnithe a dhualgais gan aon chonclúidí nó moltaí a chur in iúl maidir le dliteanas nó éagóir aon duine aonair agus ní dhéanfaidh sé aon tagairt d’aon chás sonrach d’iompar do-ghlactha, ná ní dhéanfaidh sé aon mheasúnú ná moladh maidir le haon chás iompair do-ghlactha.
Ní luafar ainmneacha na ndaoine siúd a ghlacann páirt san Athbhreithniú Neamhspleách agus ní chinnfear aon torthaí fíorasacha nó dlíthiúla maidir le haon chás ar leith.
Mar sin féin, meastar go ndéanfaidh an tAthbhreithniú Neamhspleách na saincheisteanna a aithint, go gcinnfidh sé méid na faidhbe, agus go leagfaidh sé amach cad iad na céimeanna a bheidh ag teastáil chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna stairiúla agus reatha chun nach dtarlóidh siad arís as seo amach.
Sa chomhthéacs seo, féadfaidh an Rialtas, ar chríochnú Thuarascáil Deiridh an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách, aon obair breise a d’fhéadfadh a bheith riachtanach a mheas, ag cur torthaí an Ghrúpa Athbhreithnithe Neamhspleách san áireamh.
Cinnteoidh an Grúpa Athbhreithnithe go ndéanfar an t-athbhreithniú neamhspleách ar bhealach a chomhlíonann Treoirlínte reatha an Rialtais maidir le srianta COVID-19.
Seachas aon earráid nó míchruinneas fíorasach a cheartú, ní bheidh aon smacht eagarthóireachta ag an Roinn Cosanta ná ag Óglaigh na hÉireann ar na tuarascálacha eatramhacha nó deiridh a chuirfidh an Grúpa Athbhreithnithe faoina mbráid.
D’fhéadfadh go mbeadh cáineadh ar chórais, ar bheartais, ar nósanna imeachta agus ar an ionad oibre i dTuarascálacha dá leithéid agus glactar leis go mbeidh cáineadh den sórt sin mar chuid riachtanach den phróiseas.
Déanfaidh an Grúpa Athbhreithnithe Neamhspleách na nithe seo a leanas a bhaint amach: