Uasdátú maidir le Seachadadh Oidhreacht Éireann 2030
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Malcolm Noonan TD
Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil, Agus Oidhreachta
Déanann Oidhreacht Éireann 2030 ceiliúradh ar éagsúlacht oidhreacht na hÉireann agus an luach a bhaineann léi d'an-chuid daoine. Agus é bunaithe ar fhís d'oidhreacht na hÉireann ina foirmeacha uile – tógtha, nádúrtha, cultúrtha, teanga, inláimhsithe agus doláimhsithe – agus í ag croílár an dioscúrsa áitiúil agus náisiúnta, aithníonn Oidhreacht Éireann 2030 tábhacht bhunúsach na hoidhreachta dár sochaí, dár bhfolláine agus dár ngeilleagar.
Cuireann Oidhreacht Éireann 2030 creat uileghabhálach i láthair chun ár n-oidhreacht a chosaint don chéad deich mbliana eile le breis agus 150 gníomh dírithe ar sin a bhaint amach. Eascraíonn na gníomhartha seo as comhairliúchán forleathan le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal, chomh maith le comhairliúchán idir-rannach.
Tar éis don Rialtas é a fhaomhadh in 2021, cuireadh Oidhreacht Éireann 2030 i bhfeidhm i gcomhthéacs ina raibh athrú suntasach, claochlú, athnuachan agus freagairt ar ghéarchéimeanna san earnáil oidhreachta, idir oidhreacht nádúrtha, tógtha agus cultúrtha.
Anois, bliain go leith tar éis an phlean a chur i bhfeidhm, tá an-áthas orm a thuairisciú go bhfuil dul chun cinn suntasach leanúnach á dhéanamh ó thaobh an tsoláthair de. Tá méaduithe móra ar an maoiniú ón Rialtas don roinn seo agus don Chomhairle Oidhreachta le blianta beaga anuas ag cabhrú go mór leis an seachadadh, rud nach féidir a bhaint amach ach amháin trí chomhoibriú le páirtithe leasmhara eile ar fud an rialtais, le hÚdaráis Áitiúla agus leis an earnáil.
Ó rinne an Rialtas Oidhreacht Éireann 2030 a fhaomhadh, tá dul chun cinn seasta á dhéanamh maidir le hinniúlacht agus acmhainní a mhéadú, lena n-áirítear méadú suntasach ar Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin um an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra a bunaíodh le déanaí. Táthar ag leanúint ar aghaidh le borradh a chur faoi phoist oidhreachta na nÚdarás Áitiúil, rud atá ríthábhachtach don seachadadh mar a cuireadh in iúl go soiléir ag an gCruinniú Mullaigh tionscnaimh Oidhreacht Éireann 2030 a tionóladh anuraidh.
Tá ár rannóg ag déanamh monatóireachta ar sheachadadh Oidhreacht 2030, ag dul i gcomhairle le daoine eile a bhfuil róil lárnacha acu maidir le hoidhreacht na hÉireann a sheachadadh agus cúram a thabhairt di le gníomhaíocht a bhaineann go sonrach leis na Gníomhartha éagsúla. Tá struchtúir i bhfeidhm le grúpa oifigeach sinsearach bunaithe agus grúpaí oibre á mbunú. Bhí Cruinniú Mullaigh bliantúil Oidhreacht Éireann 2030 ina ghealltanas sa phlean agus tá áthas orm go bhfuilimid in ann an tuairisc seachadta seo a chur i láthair in am don dara Cruinniú Mullaigh.
Agus bunchóras soilse tráchta bunúsach á úsáid, léirítear leis an uasdátú seachadta seo cá háit a bhfuil dul chun cinn á dhéanamh agus cá háit a bhfuil níos mó le déanamh fós. Tá doiciméad ar leith, ina dtugtar sonraí ar roinnt réimsí gníomhaíochta a bhaineann le seachadadh na nGníomhartha, ar fáil freisin ar leathanach gréasáin Oidhreacht Éireann 2030. Níl anseo ach léargas ar ghníomhaíocht maidir le seachadadh faoi láthair agus ní chuimsíonn sé an obair ar a fad a dhéantar ar fud na hearnála, leanfaimid orainn ag obair chun struchtúir tuairiscithe éifeachtúla a bhunú a d'fhéadfadh gach gníomhaíocht áitiúil a ghabháil go rialta ar an mbealach is fearr.
Tá i bhfad níos mó le déanamh againn go léir thar shaolré an phlean seo. Ní mór dúinn go léir leanúint ar aghaidh ag neartú comhpháirtíochtaí oidhreachta agus ag treisiú rannpháirtíocht an phobail, ag soláthar na n-uirlisí atá uathu agus atá ag teastáil chun an oidhreacht a chosaint. Ní mór dúinn go léir leanúint ar aghaidh a bheith nuálach agus uaillmhianach i gcónaí agus muid ag dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn lena n-áirítear cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide. Ní mór dúinn leanúint ar aghaidh le hathléimneacht a chothú maidir lenár gcumas agus ár n-inniúlacht chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin seo. Ní mór dúinn freisin cumhacht athghiniúnach iontach na hoidhreachta dár bhfolláine a cheiliúradh, inár mbailte, inár sráidbhailte agus ar fud na tíre, i measc na bpobal agus do chách. Cé go bhfuil go leor le déanamh fós chun fís Oidhreacht Éireann 2030 a bhaint amach- agus aithnímid é sin go macánta- déanaimis ceiliúradh freisin ar na comhpháirtíochtaí agus ar an dul chun cinn atá á dhéanamh chun an méid sin a bhaint amach.