Cúram Ceart, Áit Cheart, Am Ceart - Obair Chomhoibritheach um Nuálaíocht agus Athrú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ar an Déardaoin 27 Bealtaine 2021, d’óstáil Sláintecare an 10ú seimineár gréasáin ina shraith seimineár gréasáin, dar teideal ‘Obair Chomhoibritheach um Nuálaíocht agus Athrú’.
Bhí an Dr. Gráinne Healy ina óstach ar an seimineár gréasáin seo agus ullmhaíodh é i gcomhpháirtíocht le IFIC Ireland (Cónaidhm Idirnáisiúnta um Chúram Comhtháite) agus le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte. Sa sheimineár gréasáin, roinneadh scéalta faoi thionscadail atá ag tabhairt daoine le chéile ó na hearnálacha sláinte, cúraim agus pobail le chéile. Thug sé an chéad amharc dúinn ar an Straitéis Cúraim Sláinte & Plean Gnímh 2021-2023 nua freisin.
Ba é téama an deichiú sheimineár gréasáin ná “Obair Chomhoibritheach um Nuálaíocht & Athrú”. Bhí cur i láthair againn ó cheithre thionscadal arna maoiniú ag Sláintecare a bhfuil comhoibriú á thaispeáint acu. Is samplaí iontacha iad na tionscadail seo den nuálaíocht agus den athrú agus tá siad ag obair chun eispéireas na ndaoine a úsáideann ár seirbhísí sláinte agus cúraim shóisialta a fheabhsú:
An Éifeacht Aclaíochta - Cleachtóirí Aclaíochta a Chomhtháthú i tSeirbhís Meabhairshláinte na hÉireann
“An Éifeacht Aclaíochta”, ag soláthar idirghabhálacha gníomhaíochta corpartha saintreorach, faoi stiúir daoine gairmiúla agus pobalbhunaithe do dhaoine le deacrachtaí meabhairshláinte i gContae Loch Garman. Cuimsítear sa tionscnamh cúraim seo atá dírithe ar athshlánú dea-chleachtais Seirbhís Mheabhairshláinte Loch Garman i gCúram Sláinte Pobail an Oirdheiscirt ag obair i gcomhpháirtíocht le Sports Active Wexford (SAW), clár pobail arna urrú ag Comhairle Contae Loch Garman agus le tacaíocht ó thaighde ó Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge (WIT). Seachadann an Cleachtóir Aclaíochta oilte tacaíocht agus gníomhaíocht choirp duine-le-duine agus grúpa-bhunaithe in oiriúint do dhaoine aonair i Seirbhísí Meabhairshláinte (Athshlánú agus Téarnamh; Pobal Aosach - Cnoc an tSamhraidh Loch Garman agus Maryville Ros Mhic Thriúin; Síciatracht Níos Sine agus seirbhísí Leanaí / Déagóirí ( CAMHS)) i Loch Garman Theas.
Paula Lowney, Ceannaire Tionscadail Athchóirithe Seirbhíse, Seirbhísí Meabhairshláinte, Cúram Sláinte an Oirdheiscirt & Anna Flynn, Cleachtóir Aclaíochta Comhtháite do Mheabhairshláinte
StrokeLINK: Tacaíocht Nuálaíoch ar Stróc - Ospidéal Mater
Déanann StrokeLINK cúram tar éis stróic a nuáil trí chóras tacaíochta iomlánaíoch a sholáthar a bhogfaidh leis an othar tríd an ngéarchéim agus isteach sa phobal trí uirlisí oideachais agus tacaíochta pearsantaithe, agus trí thacaíocht ó dhá Speisialtóir Altraí Cliniciúla Stróic. Déanfar uirlisí comhlántacha digiteacha agus níos traidisiúnta (m.sh. páipéar-bhunaithe) a chomhdhearadh le hionadaithe othar, gairmithe cúram sláinte, dearthóirí idirghníomhaíochta agus soláthraí bogearraí. Beidh na huirlisí inoiriúnaithe d’othair mar fhreagairt ar a sainriachtanais ag tráth áirithe.
An Dr Michael Marnane Néareolaí Comhairleach & Lauren McDunphy, Bainisteoir Altraí Cliniciúla Stróic
Ceangal Pobal Folláine WellComm Active - Comhpháirtíocht Spóirt Chorcaí
Is tionscnamh sláinte agus folláine pobail é WellComm Active, arna chomhordú ag Comhpháirtíocht Spóirt Chorcaí agus le tacaíocht ó Shláinte agus Folláine Cúraim Sláinte Pobail Chorcaí-Chiarraí. Is é aidhm an tionscnaimh seo saoránaigh a chumhachtú chun a sláinte féin a bhainistiú agus tacú le sláinte níos fearr trí ithe sláintiúil agus gníomhaíocht choirp mhéadaithe i measc daonraí lárnacha i gCorcaigh. Trí chúram agus tacaíocht a sholáthar sa phobal tá sé mar aidhm ag an tionscadal cabhrú le daoine tinneas ainsealach a bhainistiú iad féin, gortú agus galar a sheachaint, agus, go tábhachtach, an gá le hiontrálacha ospidéil a theorannú. Is mór an tacaíocht é WellComm Active do dhaoine ina bpobal féin chun a gcaighdeán beatha a fheabhsú agus uirlisí a thabhairt dóibh chun a sláinte agus a bhfolláine a bhainistiú.
Eoin Kaar, Ceannaire Tionscadail, Comhpháirtíocht Spóirt Áitiúil Chorcaí
Athshlánú Airtrítis trí Bhainistíocht Aclaíochta agus Aiste Bia le ESCAPE Pain (ARMED with ESCAPE Pain) - Ospidéal Mhuire, An Uaimh
Seachadfaidh an tionscadal seo athshlánú airtrítis trí bhainistíocht scileanna aclaíochta, aiste bia agus scileanna um déileáil chun pian a laghdú agus feidhm a fheabhsú in othair a bhfuil glúine airtríteacha acu. Is féidir leis an teaglaim de bhainistíocht meáchain mar aon leis an gclár oideachais agus aclaíochta seo a chuirtear ar fáil go luath i gcúram príomhúil rogha eile a sholáthar d’othair a bhfuil glúine oisté- airtríteacha acu. Trí sholáthar comhpháirt bainistíochta meáchain breise don chlár atá ag feidhmiú cheana i gcúram príomhúil, laghdófar nó cuirfear moill ar an ngá atá le hatreorú cúram tánaisteach ar aghaidh.
An Dr Brenda Monaghan, Fisiteiripeoir Cliniciúil Speisialtóra & Keelan O'Connor, Fisiteiripeoir agus Cúntóir Taighde