Tuairisciú Airgeadais agus Athchóiriú
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is mórthionscadal athchóirithe é nuachóiriú a dhéanamh ar Thuairisciú agus ar an gCuntasaíocht Airgeadais Phoiblí atá ar bun faoi láthair ag an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Eascraíonn cúlra an tionscadail athchóirithe seo ó thuarascáil ECFE ina ndearnadh measúnú ar Chreat Cuntasaíochta an Rialtais Láir.
Tógann Tuarascáil an ECFE um Thuairisciú Airgeadais in Éirinn (2019) ar mholtaí níos luaithe ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta in 2013 agus 2017. Aithnítear inti treochlár chun athchóirithe tuairiscithe airgeadais a chur i bhfeidhm lena n-áirítear aistriú chuig cuntasaíocht fhabhraithe.
Is é cuspóir athbhreithniú an ECFE agus na n-athchóirithe atá beartaithe ár dtuairisciú airgeadais a chur i gcomhréir less an dea-chleachtas agus leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta.
Tá Creat Cuntasaíochta nua de chuid Rialtas Láir na hÉireann á fhorbairt agus beidh sé mar bhonn don tuairisciú airgeadais amach anseo i ranna agus in oifigí rialtais.
Tá na 3 réimse seo a leanas i gCreat Cuntasaíochta uileghabhálach nua Rialtas Láir na hÉireann:
Bunaíonn an Creat Coincheapúil na bunchoincheapa atá le cur i bhfeidhm chun Caighdeáin Chuntasaíochta an Rialtais Láir (CGASanna) a fhorbairt agus a bhaineann le hullmhú agus le cur i láthair ráitis airgeadais ilchuspóireacha (Ráitis Airgeadais) do Ranna agus d’Oifigí Rialtas Láir na hÉireann.
Leagtar amach sa chreat na cuspóirí agus na prionsabail chuntasaíochta ardleibhéil maidir le tuairisciú airgeadais ilchuspóireach in Éirinn. Tá sé bunaithe ar chreat Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí (IPSAS) atá curtha in oiriúint chun freastal ar riachtanais an tuairiscithe airgeadais i suíomh na hÉireann.
Mar chuid de na hAthchóirithe um Thuairisciú agus Cuntasaíocht Airgeadais, tá sraith de Chaighdeáin Chuntasaíochta Rialtais Láir (CGAS) á bhforbairt, bunaithe ar Chaighdeáin Idirnáisiúnta Chuntasaíochta na hEarnála Poiblí (IPSAS) agus curtha in oiriúint do chomhthéacs na hÉireann.
Chun freastal ar riachtanais Chreat Tuairiscithe Airgeadais na hÉireann, déanfar athbhreithniú agus oiriúnú ar na caighdeáin IPSAS-bhunaithe a úsáidfear sa rialtas láir agus ina chuid oifigí. Aistreofar na caighdeáin seo ansin go doiciméid bheartais, a bheidh mar bhonn d'fhorbairt Lámhleabhar Cuntasaíochta an Rialtais Láir.
Mar chuid den Athchóiriú um Thuairisciú agus Cuntasaíocht Airgeadais in Éirinn, tá Lámhleabhar Cuntasaíochta an Rialtais Láir (CGAM) á fhorbairt chun beartas agus treoir a sholáthar do lucht ullmhaithe na Ráiteas Airgeadais laistigh den Rialtas Láir.
Beidh beartais agus samplaí oibrithe sa lámhleabhar tagus iad ag baint le réimsí cuntasaíochta éagsúla bunaithe ar na CGASanna forbartha.
Bunaíodh grúpa maoirseachta, an Buanghrúpa Comhairleach (SAG), chun comhairle a chur ar fáil don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na hathchóirithe um thuairisciú airgeadais agus cuntasaíocht atá ar bun faoi láthair. Tá gairmithe ón earnáil phríobháideach agus ón rialtas sa Ghrúpa.
Is é atá sa Bhuanghrúpa Comhairleach (SAG) um nuachóiriú ar Thuairisciú agus Cuntasaíocht Phoiblí ná Acadóirí Cuntasaíochta, agus Gairmithe Cuntasaíochta ó na hearnálacha príobháideacha agus rialtais. Cuireann an Buanghrúpa Comhairleach sainchomhairle agus maoirseacht neamhspleách ar fáil don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe maidir leis na hathchóirithe cuntasaíochta agus tuairiscithe airgeadais, agus maidir le caighdeáin agus prionsabail tuairiscithe airgeadais a chur i bhfeidhm ar fud Ranna agus Oifigí an Rialtais láir.
Agus na beartais chuntasaíochta mhionsonraithe á bhforbairt, tá ról tábhachtach ag an nGrúpa i soláthar comhairle agus treorach, go háirithe in aon chás ina bhféadadh Éire breithniú a dhéanamh ar oiriúntais do na caighdeáin idirnáisiúnta, mar shampla, chun ár gcomhthéacs bunreachtúil agus dlíthiúil féin a léiriú.