Na hAchtanna um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (BAÉLP)
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Caiteachais Phoiblí, Seachadta ar an bPlean Forbartha Náisiúnta, agus Athchóirithe
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagtar an bonn sa reachtaíocht um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (BAÉLP) do na laghduithe agus na hathchóirithe Pá Seirbhíse Poiblí agus Pinsean Seirbhíse Poiblí a thit amach idir 2009 agus 2015. Tacaíodh le cur i bhfeidhm na nAchtanna BAÉLP trí Chomhaontú Pháirc an Chrócaigh agus Comhaontú Bhóthar Haddington .
Idir 2000 agus 2008, tháinig méadú breis agus faoi dhó ar bhille pá an Státchiste, aníos ó €8 billiún go €17.2 billiún. Chuir fairsingiú 73,000 duine ar na líonta fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus méaduithe ar rátaí pá trí chomhaontuithe náisiúnta pá agus dámhachtainí eile pá é seo chun cinn. Ba mhéaduithe ar rátaí pá ba mhó ba chúis le méaduithe ar bhille pá an Státchiste i gcaitheamh na tréimhse seo, arbh ionann agus €6.7 billiún, nó 73% den bhille seo. Díol suntais ba ea go raibh an ráta méadaithe ar an mbille pá ní ba thapúla ná borradh ar OTI sa gheilleagar ina iomláine.
Bhí an dealramh air nach raibh an leibhéal seo de chaiteachas inbhuanaithe nuair a thit an ghéarchéim airgeadais amach agus thug an rialtas laghduithe doimhne isteach dá bharr ar líon na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí a bhí fostaithe agus a rátaí pá. Idir 2009 agus 2014, úsáideadh moratóir ar earcaíocht, scéimeanna teoranta iomarcaíochta deonaí, agus reachtaíocht neamhghnách pá éigeandála chun bille pá an Státchiste a laghdú €3.7 billiún. Baineadh seo amach trí laghduithe 32,000 ar líonta fostaithe agus laghdú €2.1 billiún ar phá, faoi na hAchtanna um Bearta Airgeadais Éigeandála ar mhaithe le Leas an Phobail (BAÉLP).
An tAcht BAÉLP, 2009
: Rinne an tAcht BAÉLP foráil don Asbhaint a
Bhaineann le Pinsean
(ABP) nua ó luach saothair fostaithe inphinsin sa tseirbhís phoiblí a thabhairt isteach. Tugtar ‘an Tobhach Pinsin’ air agus b’ionann an éifeacht ar phá daoine aonair agus thart ar 7% de thuarastail, ar an meán, agus rinne seo toradh €900 milliún a bhaint gach bliain. Tháinig an Item was unpublished or removed
An tAcht BAÉLP Uimh. 2, 2009 : Cuireadh laghduithe idir 5% agus 20% i bhfeidhm ar leibhéil ollphá thromlach na bhfostaithe sa tseirbhís phoiblí, a bhí éifeachtach ón 1 Eanáir 2010. Rinneadh seo chun laghdú €1 billiún in 2010 ar chostas bille ollphá fostaithe sa tseirbhís phoiblí a éascú.
An tAcht BAÉLP, 2010 : Laghdú ar rátaí pá ball den Rialtas agus laghdú ar an bPá Íosta Náisiúnta.
An tAcht BAÉLP, 2013 : Cuireadh laghdú breise i bhfeidhm d’fhostaithe sa tseirbhís phoiblí a thuilleann tuarastail bhliantúla de bhreis air €65,000 agus laghdú ar phinsin seirbhíse poiblí os cionn €32,500.
Leagtar dualgas in Alt 12 den Acht um Bearta Éigeandála Airgeadais ar Mhaithe le Leas an Phobail (BAÉLP), 2013 ar an Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe chun tabhairt faoi athbhreithniú ar oibriú, éifeachtacht agus tionchar na nAchtanna um Bearta Airgeadais Éigeandála ar Mhaithe le Leas an Phobail, agus aird ar na coinníollacha foriomlána geilleagracha sa Stát agus ar iomaíochas náisiúnta: Athbhreithnithe Bliantúla ar oibriú na nAchtanna BAÉLP.