Is cuid nádúrtha d'aosú é an meanapás nuair a stopann an fhuil mhíosta mar gheall ar leibhéil hormóin níos ísle. Tarlaíonn sé seo de ghnáth idir aois 45 agus 55. Is é 51 an mheánaois ag a sroicheann bean an meanapás.
Ní bhíonn an fhuil mhíosta chomh minic céanna thar cúpla mí nó bliain sula stopann siad ar fad. Uaireanta is féidir léi stopadh go tobann. I roinnt cásanna, is féidir leis an fhuil mhíosta a bheith an-trom sna blianta ag teacht suas go dtí meanapás. Ba chóir do mhná os cionn 45 bliana d'aois a bhfuil a fhuil mhíosta ag éirí an-trom coinne a dhéanamh lena ndochtúir teaghlaigh chun na hathruithe sin a phlé.
Is féidir le meanapás tarlú níos luaithe uaireanta go nádúrtha. Téann timpeall 1 as gach 100 bean tríd an meanapás roimh 40 bliain d’aois. Tugtar easpa ubhagáin roimh am air seo. Má bhíonn meanapás ort roimh 45 bliana d'aois, tugtar meanapás luath air seo.
Is féidir leis an meanapás tarlú níos luaithe ar chúiseanna cosúil le obráid chun na hubhagáin nó an bhroinn a bhaint (histireachtóime), cóireálacha ailse cosúil le ceimiteiripe, radaíocht nó teiripí hormóin ailse nó ar chúis ghéiniteach.
Méadaíonn caitheamh tabac an riosca go dtarliodh an meanapás níos luaithe. Má stopann tú ag caitheamh tabac, tiocfaidh laghdú ar an riosca sin.
Uaireanta ní fios an chúis go dtarlaíonn an meanapás níos luaithe.
Is éard atá i gceist le peiri-mheanapás ná nuair a bhíonn siomptóim ort sula stopann d'fhuil mhíosta. Sroicheann tú meanapás nuair nach mbíonn d'fhuil mhíosta agat ar feadh 12 mhí, agus nuair nach bhfuil tú ag baint úsáide as aon hormóin ina bhfuil frithghiniúint.
Nuair a bhíonn an meanapás agus an peiri-mheanapás ar dhuine d'fhéadfadh siomptóim amhail ráigeanna teasa, athruithe ar an fhuil mhíosta, guagacht giúmair, imní agus mearbhall inchinne a bheith orthu dá bharr. Is féidir leis na siomptóim seo tosú blianta sula stopann d'fhuil mhíosta agus leanúint ar aghaidh ina dhiaidh sin.
Is féidir le siomptóim meanapáis agus peiri-mheanapás tionchar mór a bheith acu ar do shaol, lena n-áirítear caidrimh agus obair.
Tá rudaí is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú le siomptóim. Tá leigheasanna ann freisin ar féidir leo na hormóin atá ar iarraidh a athsholáthar agus cabhrú le do shiomptóim a mhaolú.
Tá tuilleadh eolais maidir le siomptóim agus cóireáil ar fáil ar hse.ie/menopause
Tá liosta cabhrach acmhainní curtha le chéile ag Coláiste Dhochtúirí Teaghlaigh Éireann (ICGP) chun roinnt eolais ghinearálta a thabhairt duit faoin meanapás, cad é atá ann, conas a dhéantar diagnóis air, agus cad ba chóir duit a bheith ag súil leis óna chóireáil. Tá Stiúrthóir ICGP um Shláinte na mBan, an Dr Nóirín O’Herlihy agus Ceannaire Cliniciúil Dochtúir Teaghlaigh ICGP i Sláinte na mBan, an Dr Ciara McCarthy le feiceáil sna físeáin