Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann - Beartas Forbartha Tuaithe 2021-2025
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Borradh a bheith faoi cheantair thuaithe na hÉireann atá lárnach dár bhfolláine agus forbairt náisiúnta eacnamaíochta, shóisialta, cultúir agus ar an idirspleáchas atá ag ceantair uirbeacha agus thuaithe, agus a aithníonn lárnacht na ndaoine, an tábhacht atá le háiteanna tuaithe beomhara a bhfuil cónaí iontu, agus an poitéinseal atá iontu poist ar ardchaighdeán a chruthú agus ár dtimpeallacht roinnte a chothú an Fhís atá againn
Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann - Beartas Forbartha Tuaithe na hÉireann 2021-2025
Is ionann Todhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann agus plean Rialtas na hÉireann do théarnamh i ndiaidh COVID-19 agus d'fhorbairt cheantair thuaithe na hÉireann sna cúig bliana romhainn amach. Cuireann sé creat ar fáil chun an fhís a bhaint amach - caighdeán saoil daoine agus deiseanna do dhaoine i gceantair thuaithe na hÉireann a athrú ó bhonn.
Cé go mbaintear úsáid as an téarma "ceantair thuaithe na hÉireann" go forleathan is iomaí tuairim atá ann ar an mbrí atá le "ceantair thuaithe na hÉireann". I ndáiríre ní mar a chéile atá dhá cheantar tuaithe ar bith agus tá an-chuid éagsúlachtaí idir gach baile, sráidbhaile agus paróiste i dtaobh a gcuid láidreachtaí, riachtanas agus féidearthachtaí.
Cuireann ceangal digiteach d'ardchaighdeán deiseanna nach bhfacthas riamh cheana ar fáil chun ceantair thuaithe na hÉireann a athrú.
Féachtar leis an mbeartas seo feabhas a chur ar cheangal digiteach do phobail tuaithe agus d'fhiontair thuaithe agus sin a dhéanamh trí leathanbhanda ardluais a chur ar fáil i ngach cuid den tír. Tá sé mar aidhm leis an mbeartas an bhearna atá ann idir ceantair uirbeacha agus thuaithe i dtaobh nascachta a dhruid agus tacú le gnónna faoin tuath trádáil a dhéanamh ar líne agus a mbonn custaiméirí a fhairsingiú.
Tacaítear le réimse fiontar i gceantair thuaithe, fiontair a thugann fostaíocht do na mílte daoine i gceantair thuaithe na hÉireann.
Féachtar leis an mbeartas seo níos mó daoine a bheith ag obair i gceantair thuaithe na hÉireann agus go mbeidh teacht acu ar níos mó deiseanna fostaíochta. Tá sé mar aidhm leis borradh a chur faoi fhostaíocht réigiúnach trí thimpeallacht a chruthú ina dtugtar tacaíocht d'fhiontraíocht agus d'fhorbairt fiontair i gceantair thuaithe.
Is bailte agus sráidbhailte bríomhara croílár phobail tuaithe na hÉireann.
Féachtar leis an mbeartas seo tacaíocht a thabhairt chun bailte agus sráidbhailte a athbheochan, daoine a bheith ag cur fúthu iontu arís agus iad a fhorbairt chun cur le téarnamh eacnamaíochta áitiúil agus náisiúnta. Tá sé mar aidhm leis a chur ar chumas daoine a bheith ina gcónaí agus ag obair i dtimpeallacht d'ardchaighdeán.
Is ar phobail a mhaireann ceantair thuaithe na hÉireann agus tá ról lárnach acu san fhreagra ar phaindéim COVID-19.
Féachtar leis an mbeartas seo pobail tuaithe níos inbhuanaithe agus níos comhtháite a chruthú ina mbeidh gach duine ábalta páirt a ghlacadh i bhforbairt a bpobail féin agus ina mbeidh siad ábalta leas a bhaint as an téarnamh náisiúnta comhroinnte.
Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfar infheistíocht i bpobail chun folláine shóisialta, cultúir, eacnamaíochta agus timpeallachta chomh maith le caighdeán saoil na bpobal sin a fheabhsú.
Tá teacht a bheith ar sheirbhísí poiblí d'ardchaighdeán agus ar sheirbhísí eile riachtanach chun spreagadh a thabhairt do dhaoine a bheith ina gcónaí i gceantair thuaithe agus i mbailte agus i sráidbhailte faoin tuath agus chun tacú le inbhuanaitheacht na bpobal tuaithe.
Féachtar leis an mbeartas seo a chinntiú go bhfuil teacht ag daoine atá ina gcónaí i gceantair thuaithe ar sheirbhísí d'ardchaighdeán a chuireann ar a gcumas leanúint de bheith ina gcónaí go hinbhuanaithe i bpobail tuaithe. Cuideoidh sé seo leo caighdeán maith saoil a choinneáil.
Bainfear sin amach trí infheistíocht a dhéanamh i seirbhísí iompair phoiblí, i gcúram sláinte i bpobail, i soláthar tithíochta, i saoráidí luathfhoghlama agus cúraim leanaí agus i sábháilteacht pobail.
Athrú aeráide, agus an chaoi a dtugaimid aghaidh air, saincheist mhór na linne seo agus na nglúnta amach romhainn.
Féachtar leis an mbeartas seo tacaíocht a thabhairt d'Aistriú Cóir cheantair thuaithe chuig geilleagar agus sochaí inbhuanaithe, ina bhfuil teacht aniar agus atá neodrach ó thaobh na haeráide. Tá sé mar aidhm leis oibriú le pobail tuaithe agus gnónna faoin tuath chun cuidiú leo dúshláin a bhaineann le hathrú aeráide a shárú agus an méid deiseanna is mó is féidir a chur ar fáil dóibh.
Bainfear sin amach trí bheith rannpháirteach le pobail tuaithe agus tacú leo a bheith páirteach i ndeiseanna atá ag teacht chun cinn agus trí infheistíocht a chur ar fáil dóibh le tacaíocht a thabhairt maidir le hAistriú Cóir chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide.
Tá talmhaíocht go mór taobh thiar de dhul chun cinn na heacnamaíochta chomh maith le bheith ina gné riachtanach de ghnáthshaol mhuintir na tuaithe a chothaíonn pobail tuaithe.
Féachtar leis an mbeartas seo tacú go gníomhach le hearnáil na talmhaíochta chun go mbeidh sí taobh thiar de dhul chun cinn na heacnamaíochta go fuinniúil, go héifeachtach agus go hinbhuanaithe. Déanfar sin chun slite beatha a fheabhsú tuilleadh agus chun go mbeidh meas againn ar thimpeallacht nádúrtha na tíre a roinnimid ar fad, agus sin a dhéanamh trí nuálaíocht, trí fheabhsú agus trí éagsúlú.
Bainfear sin amach trí thacaíocht níos mó a thabhairt d'fheirmeoirí agus do phobail tuaithe cur le láidreachtaí agus taithí ar leith na hearnála.
Tá dúshláin roimh phobail ar oileáin agus pobail le cósta atá scoite amach atá cosúil le chéile, dúshláin i dtaobh bonneagair, athrú aeráide, seirbhísí agus ioncam a shaothrú, chomh maith le hathnuachan ó ghlúin go glúin.
Féachtar leis an mbeartas seo a chinntiú go leanann ár n-oileáin amach ón gcósta de thacú le pobail inbhuanaithe agus bhríomhara agus go mbeidh deis ag cuairteoirí an cultúr, oidhreacht agus an saibhreas timpeallachta atá le fáil ar na hoileáin a thaithí agus a thuiscint.
Bainfear sin amach tríd an "bPean Gnímh d'Fhorbairt Oileáin' atá ag teacht aníos. Féachtar leis an mbeartas seo a chinntiú go leanfaidh pobail le cósta ag baint tairbhe as na gnéithe ar leith a bhaineann le cósta na hÉireann agus na hacmhainní nádúrtha atá ann ar bhealach inbhuanaithe.
Tá sé mar aidhm leis an mbeartas seo folláine a bhaint amach do chách, agus tacú le cur chuige beartais chomhleanúnaigh maidir le forbairt tuaithe. Féachtar leis rannpháirtíocht pobail níos fearr a chur chun cinn, ceantair thuaithe a réiteach d'athrú teicneolaíochta, déimeagrafach agus timpeallachta, agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na deiseanna iléagsúla atá roimh cheantair thuaithe, rachaidh anailís, sonraí agus comhairliúchán i bhfeidhm air sin.
Tá liosta iomlán de na bearta beartais a bheidh á gcur ar fáil leagtha amach ag an nasc thíos. Ranna agus comhlachtaí ainmnithe a threoróidh na bearta cur chun feidhme atá leagtha amach sa bheartas seo, agus beidh páirtithe leasmhara eile páirteach ann. Leagtar amach amchláir sa tábla maidir leis na gníomhartha aonair a chur i bhfeidhm.