Stuaim maidir le hObair Dheonach
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba cheart go mbeadh sábháilteacht ar an ní is tábhachtaí ar fad agat. Bí cinnte go bhfuil bearta slánchosanta ar bun agat a choinneoidh slán thú i mbun na hoibre nua. Cloígh leis na treoirlínte ar láithreán gréasáin FSS agus, má bhíonn amhras maidir le ní ar bith, cuir ceist ag an ionad saorálaíochta áitiúil.
Sa chás go n-iarrtar cúnamh ort, déan mar seo a leanas ionas gur lú an caidreamh a tharlaíonn:
Sa chás go bhfuil obair dheonach á déanamh agat do dhuine leochaileach agus riocht eile sláinte i gceist, bíodh aird agat ar an dóigh go mbeadh an córas imdhíonach lagtha sa chaoi is gur deacra don duine sin cur in aghaidh ionfhabhtú.
Ba cheart go mbeadh sábháilteacht ar an ní is tábhachtaí ar fad agat. Má tá gá agat le cúnamh, téigh i gcomhairle le foinse iontaofa cabhrach nó le comharsa a bhfuil muinín agat as/aisti.
Sa chás go dtairgtear cúnamh duit agus nach bhfuil tú ar do shuaimhneas ina leith, glaoigh ar an nGarda Síochána ar 999/122 nó ar líne cabhrach aitheanta má tá cúnamh taca de dhíth ort, mar shampla Alone ar 0818 222 024 nó Seniorline ar 1800 80 45 91 .