Eolas le haghaidh leanaí agus daoine óga maidir le cigireacht
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Chigireacht an-tiomanta éisteacht a thabhairt do ghuth leanaí agus daoine óga. Is mian léi cabhrú le leanaí agus le daoine óga a dtuairimí a chur in iúl le linn cigireachta agus aird chuí a thabhairt ar a dtuairimí mar chuid de phróiseas cumhachtaithe a rachaidh chun tairbhe dóibh, do scoileanna/suíomhanna agus don Chigireacht.
Táthar ag súil go gcabhróidh na tacaíochtaí ar an leathanach seo le leanaí agus daoine óga a bheith níos eolaí faoi chigireachtaí ionas gur féidir leo idirghníomhú níos muiníní leis na cigirí a thugann cuairt ar a scoil/suíomh. Is é an sprioc atá ag an gCigireacht ná deiseanna rannpháirtíochta daoine óga a fheabhsú ag gach ceann de na trí chéim chigireachta: roimh, le linn agus tar éis.
Treoir linbh ar chigireacht sa réamhscoil
Leis an mbileog/bpóstaer seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht do leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige. Táthar ag súil go gcabhróidh duine fásta leis an bpáiste an treoir seo a léamh.
Ag Bualadh leis an gCigire Treoir linbh ar chigireacht sa réamhscoil
Leis an ríomhleabhar seo, tugtar eolas do leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige faoi chigireacht agus faoi obair chigirí na Roinne Oideachais. Táthar ag súil go gcabhróidh duine fásta leis an leanbh an treoir seo a léamh.
Leis an bhfíseán beoite seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht agus faoi obair chigirí na Roinne Oideachais do leanaí i suíomhanna fhoghlaim agus chúram na luath-óige.
Treoir do dhaltaí ar chigireacht i mbunscoileanna
Leis an mbileog/bpóstaer seo, cuirtear eolas ar fáil do pháistí i mbunscoileanna faoi chigireacht.
Leis an bhfíseán beoite seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht do pháistí i mbunscoileanna.
Mínítear san fhíseán gearr seo do pháistí bunscoile an chaoi a n-idirghníomhaíonn cigirí leo agus a n-oibríonn siad leo le linn cigireachta. Breathnaítear go háirithe ann ar rannpháirtíocht leanaí i ngrúpaí fócais.
Treoir do scoláirí ar chigireacht in iar-bhunscoileanna
Leis an mbileog/bpóstaer seo, cuitear eolas ar fáil faoi chigireacht do dhaoine óga san iar-bhunscoil.
Leis an bhfíseán beoite seo, cuirtear eolas ar fáil faoi chigireacht do dhaoine óga san iar-bhunscoil.
Mínítear san fhíseán gearr seo do dhaoine óga an chaoi a n-idirghníomhaíonn cigirí agus a n-oibríonn siad le scoláirí le linn cigireachta. Breathnaítear go háirithe ann ar rannpháirtíocht daoine óga i bhfócasghrúpaí.
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis do dhaltaí bunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis so scoláirí iar-bhunscoile
Féin-Mheastóireacht Scoile Faisnéis so scoláirí iar-bhunscoile