Seisiún eolais ar fhreagra an rialtais ar COVID-19 - Dé Céadaoin 2 Meán Fómhair 2020
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cur i láthair a rinne Elizabeth Canavan, Ard-Rúnaí Cúnta, Roinn an Taoisigh
Dia daoibh ar maidin,
Mar shochaí, tá cloch mhíle shuntasach sroichte againn an tseachtain seo le hathoscailt ár scoileanna rud lena bhfuil muid ag fanacht le píosa fada. Do go leor dúinn léireoidh an tseachtain seo filleadh ar leibhéal áirithe de ghnáthshaol agus muid ag socrú ar ais ar ghnáthchúrsaí na scoile arís tar éis fanacht fhada. Cé go bhfuil áthas orainn ar fad go bhfuil daoine óga ar ais sa seomra ranga agus iad i measc a gcairde, is féidir a bheith ag súil leis go mbeidh méid áirithe imní i gceist leis seo d’fhormhór na ndaoine.
Cé gur rud maith é go bhfuilimid ag filleadh ar ár ngnáthshaol, ní mór dúinn é sin a dhéanamh ar bhealach fíorairdeallach chun an baol a bhaineann leis an víreas a mhaolú.
Tá sé díreach os cionn 6 mhí anois ó aithníodh an chéad chás de COVID-19 in Éirinn agus tá a fhios againn go bhfuil an-bhuairt ar an bpobal maidir leis an bpaindéim. An tseachtain seo, is cosúil go gcreideann thart ar 40% den phobal go bhfuil an chuid is measa fós le teacht. Tá COVID-19 fós linn agus ní mór dúinn maireachtáil leis go fóill.
Má dhéanaimid an víreas a bhainistiú ar bhealach réamhghníomhach féadfaimid ár gcuid tosaíochtaí náisiúnta a chosaint – na scoileanna a choinneáil oscailte, iad sin atá leochaileach a chosaint agus seirbhísí sláinte ríthábhachtacha a chur ar ais ar a gcosa ar bhealach chomh críochnúil agus is féidir.
Ach, cé go mb’fhéidir go bhfuil sé athráiteach, is iad ár ngníomhartha pearsanta féin a dhéanfaidh an difríocht is mó chomh fada agus a bhaineann sé go mbeimid ábalta gnáthshaol a chaitheamh sa ghearrthéarma go dtí an meántéarma.
Tá roinnt uirlisí againn inár n-iarrachtaí srian a choinneáil ar an víreas agus daoine atá leochaileach a chosaint. Agus, go sonrach, táimid ar fad ar an eolas anois faoi na huirlisí sin:
Tugann sin buntáiste dúinn agus muid ag cosaint ár ndaoine óga i scoileanna, i gcosaint ár bpobal agus ag maireachtáil leis an víreas. Ach níl aon athrú tagtha ar an gcaoi a smaoinímid ó thosaigh sé seo ar fad, tá a fhios againn gurb é an bealach is fearr chun muid féin agus na daoine atá inár dtimpeall a choinneáil slán ná an treoir thábhachtach maidir le sláinte phoiblí a leanúint.
Mar atá ráite againn cheana, tá an víreas an-tógálach agus tá sé dosheachanta go mbeidh ráigeanna den víreas ann. Is éard atá tábhachtach ná nuair a tharlaíonn sé, go bhfuil an gréasán sláinte poiblí bunaithe chun scaipeadh an víris a shrianadh. Ach tá freagracht orainn ar fad maidir leis an víreas a shrianadh.
Is féidir le sláinte phoiblí gníomhú go han-éifeachtach chun é a shrianú nuair atá a fhios acu cá bhfuil sé.
Mar sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go bhfuilimid ar an eolas faoi chomharthaí sóirt COVID-19 agus má tá aon cheann díbh ag gabháil dúinn – mura bhfuilimid ag aireachtáil go maith, má tá teocht ard againn, má tá casacht de chineál ar bith orainn, má tá giorra anála orainn nó má tá athrú inár gcumas rudaí a bhlaiseadh nó a bholú, is gá dúinn féinaonrú ar an bpointe agus glaoch a chur ar an dochtúir ionas go mbeidh sé/sí in ann tástáil a eagrú. Ná cuir ‘ar an méar fhada’ é, fiú má cheapann tú gur mion-easláinte é gur féidir leat a chur díot, d’fhéadfadh sé a bheith tugtha agat do dhuine níos leochailí de do bhuíochas. Tá an córas leagtha amach chun na daoine sin a aimsiú agus chun slabhra an ionfhabhtaithe a stopadh.
Is é an t-aon bhealach atá againn le súil a choinneáil ar an víreas agus ar na daoine a d’fhéadfadh a bheith i mbaol aige ná tástáil a dhéanamh. Cuimhnigh go bhfuil an comhairliúchán le do dhochtúir, agus an tástáil féin saor in aisce.
Is gá dúinn ar fad cinntí atá freagrach a dhéanamh maidir le COVID-19 agus iarracht a dhéanamh srian a chur air ar mhaithe lenár sábháilteacht féin agus sábháilteacht na ndaoine atá timpeall orainn.
B’ardú croí dúinn ar fad ach faoiseamh faoi leith do mhuintir Chill Dara é nuair a cuireadh deireadh leis na srianta breise ansin an tseachtain seo. Chuir na bearta a bhí i bhfeidhm i gCill Dara, mar a bhí i Laois agus in Uíbh Fhailí freisin, isteach go mór ar dhaoine. Léirigh muintir na gcontaetha sin an-fhonn glacadh leis na bearta sin agus cloí le treoir Sláinte Poiblí. Agus d’oibrigh sé. D’oibrigh sé dóibhsean agus d’oibrigh sé don chuid eile againn. Is léiriú é an rath a bhí orthu an bealach chun srian a chur ar an víreas agus an bealach chun ár bpobail a chosaint nuair a ghlacaimid na cinntí cearta.
Is eol dúinn ar fad go raibh deacrachtaí i mbliana ag úinéirí thithe tábhairne agus clubanna oíche nach raibh a leithéid riamh cheana ann. Tá na gnóthaí seo buailte i bhfad níos measa ná go leor gnóthaí eile de bhrí go raibh orthu fanacht dúnta ar mhaithe le sláinte phoiblí.
Níos luaithe an tseachtain seo fógraíodh pacáiste suntasach de thacaíochtaí do thithe tábhairne, do bheáir agus do chlubanna oíche a fhanfaidh dúnta chun tacú leis an dícheall náisiúnta an víreas a shrianadh.
Tá an pacáiste ar fiú luach €16 milliún é curtha ar fáil mar aitheantas ar thionchar eacnamaíochta COVID ar na gnóthaí sin agus chun cuidiú leo agus iad ag pleanáil agus ag dul in oiriúint dá n-athoscailt.
Táthar ag súil go gcabhróidh an pacáiste seo in éineacht le bearta eile atá ann cheana féin dul i ngleic le cuid de na dúshláin atá rompu.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na tacaíochtaí atá ar fáil ag gov.ie anseo
Is bearta breise iad seo ar na tacaíochtaí pá agus bearta eile atá curtha i dtoll a chéile d’fhostóirí.
Ó mhí an Mhárta tá tacaíocht ar fiú breis is €2.8 billiún é tugtha do níos mó ná 69,500 fostóir tríd an Scéim Fóirdheontais Pá (Sealadach) (TWSS) a chlúdaíonn níos mó ná 600,000 oibrí.
Inné an 1 Meán Fómhair tháinig An Scéim Fóirdheontais Pá Fostaíochta in áit na Scéime Fóirdheontais Pá (Sealadach).
Is tacaíocht uile-eacnamaíoch í an scéim nua atá oscailte do gach earnáil. Leagadh amach í le riachtanais fostóirí agus gnóthaí mar chuid lárnach de agus tá sé éasca cáiliú dó, éasca le reáchtáil agus tá sé ar fáil go forleathan.
Feidhmeoidh an scéim go dtí an 31 Márta 2021. Chun teacht ar shonraí maidir le hincháilíocht, féach le do thoil gov.ie anseo
Bearta tacaíochta gnó eile
Tá gnóthaí ag leanúint le plé le ranna agus gníomhaireachtaí rialtais chun teacht ar an réimse leathan tacaíochtaí atá ar fáil chun tacú leo le linn na paindéime.
Tá an-éileamh ar an Deontas Atosaithe Plus le níos mó ná 5,100 iarratas faofa sa chéad choicís agus €35.5 milliún íoctha le gnólachtaí beaga.
Níos luaithe an tseachtain seo d’fhógair an Tánaiste athoscailt Chiste Iasachta COVID-19, áit a bhfuil €15 milliún á chur ar fáil do Microfinance Ireland maidir le hiasachtaí do mhricithionscadail.
Íocaíocht Dífhostaíochta Paindéime – Ag Filleadh ar an Obair
Inné, fuair thart ar 225,000 duine a bhí dífhostaithe an tseachtain seo caite an íocaíocht sheachtainiúil faoi Scéim Íocaíochta Dífhostaíochta Paindéime COVID-19
Tá laghdú thart ar 5,400 ar líon na ndaoine a íocadh an tseachtain seo caite
Léiríonn líon na ndaoine go ginearálta atá ag fáil íocaíocht PUP laghdú 365,600 go ginearálta nó ísliú 62% ar an bhfigiúr is airde daoine a bhí ag fáil na híocaíochta ar an 5 Bealtaine.
Ó thús na hathoscailte, tá a gcuid éileamh tugtha chun críche ag 306,600 duine ós rud é go bhfuil siad tar éis filleadh ar an obair. Tá ag éirí go mall linn, ach tá ag éirí linn.
Nuair a ghlacamar leis na srianta nua ar bhonn náisiúnta is go sciobtha a rinneamar é sin. Agus ní raibh feidhmiú na mbeart i réimsí áirithe soiléir láithreach.
Ba é intinn an Rialtais, bunaithe ar chomhairle maidir le sláinte phoiblí, an tionchar ba lú a d’fhéadfaí, a bheith ann ach ag an am céanna ísliú maith a bhaint amach maidir le daoine ag bailiú i ngrúpaí níos mó.
Ó shin i leith tá soiléiriú tugtha againn ar na socruithe i líon beag réimsí.
Ní mór grúpaí aonair atá ag freastal ar na hionaid sin a theorannú do sheisear ó líon teaghlach nach dtéann os cionn trí cinn agus ní mór an líon daoine atá ag freastal ar na hionaid a theorannú do 50 duine.
Tá an-obair déanta ag gnóthaí san earnáil seo chun tosaíocht a thabhairt do shábháilteacht a gcuid custaiméirí.
Tá treoir earnála curtha ar fáil againn chomh maith don spórt, obair don aos óg agus roinnt réimsí eile.
Ba bhliain thar a bheith dúshlánach a bhí inti i mbliana do mhic léinn na hArdteistiméireachta ar fud na tíre. Bhí siad ina gceannródaithe sa mhodh nua atá ann measúnú a dhéanamh ar an bhfoghlaim. Ina dhiaidh sin féin is féidir leo a bheith muiníneach go bhfuil an t-uafás oibre déanta chun Múnla maidir le Gráid Ríofa a sholáthar a aithníonn na himthosca eisceachtúla a bhí i gceist do na mic léinn agus a bhfuil an cothromas agus an chóir ina chroílár.
Faoi mhúnla na nGrád Ríofa, déanfar marcanna measta ó scoileanna a athrú, mar a beartaíodh, chun a chinntiú go gcuirtear caighdeán comhsheasmhach i bhfeidhm i scoileanna trasna na tíre, agus caighdeán na mac léinn á mheas.
Ní chuirfear san áireamh sa mhúnla sonraí ar an gcaoi ar éirigh le scoil san Ardteistiméireacht san am atá caite, rud a chuireann béim níos mó ar na marcanna measta a chuireann na scoileanna ar fáil do mhic léinn aonair.
Faigheann sé seo réidh le haon bhaol go mbeadh tionchar ag an gcaoi ar éirigh le ranganna Ardteistiméireachta ina scoil sna blianta roimhe sin ar thorthaí mhic léinn Ardteistiméireachta.
Cinnteoidh próiseas caighdeánaithe náisiúnta roinnt comhsheasmhachta maidir le cur chuige i scoileanna, agus cuid éigin d’inchomparáideacht d’iarrthóirí Ardteistiméireachta na mblianta 2019, 2020 agus 2021.
Cé go bhfuil an próiseas fós ar siúl, léiríonn na réamhshonraí nach gá a bheith buartha faoi mhic léinn a bheith faoi mhíbhuntáiste go míchóir de bharr an phróisis.
Cuireadh maoiniú €5 milliún ar fáil le gairid chun tacú le meabhairshláinte agus le folláine mac léinn atá páirteach i mBreisoideachas agus in Ardoideachas.
Gan amhras beidh an-phráinn ag baint le tacaíocht do mhic léinn agus Institiúidí Oideachais ag pleanáil le hathoscailt don bhliain atá amach romhainn.
Úsáidfear an maoiniú:
Tá Folláine Mheabhrach ina mórchúis imní don aos óg in Éirinn le fada. Tá an imní atá ann maidir le Meabhairshláinte i bhfad níos measa i mbliana de bharr COVID-19. Táthar ag súil go rachaidh an maoiniú seo chun tairbhe timpeallachtaí tacúla a chothú agus idirghabhálacha maidir le meabhairshláinte a chur ar fáil do na mic léinn ar fad inár n-institiúid oideachais
Tá a fhios againn go bhfuil imní sa phobal maidir leis an gcaoi a bhfuil scoileanna ag feidhmiú anois agus iad oscailte arís. De réir mar a bheimid ag maireachtáil le COVID-19, caithfear glacadh leis go mbeidh roinnt cásanna COVID-19 inár bpobail agus dá bhrí sin inár scoileanna. Ar an ábhar sin tá Conair Scoile maidir le COVID-19 forbartha againn, a leagann amach an cur chuige maidir le sláinte phoiblí chun cásanna deimhnithe de COVID-19 taobh istigh den phobal scoile a bhainistiú, chomh maith le treoir a chur ar fáil ar bhearta chun tacú le hionfhabhtaithe i scoileanna a chosc agus a rialú.
Is iad an HSE a bheidh i gceannas agus a dhéanfaidh bainistiú ar an bhfreagra a bheidh ar chásanna deimhnithe nó ráigeanna de COVID-19 i scoil. Déanfaidh foirne an HSE na cinntí ar fad maidir le gníomhartha oiriúnacha nuair atá cás deimhnithe nó ráig ann i gcomhthéacs Measúnachta maidir le Riosca do Shláinte Phoiblí. Cuirfidh an HSE aon ghníomhartha atá le glacadh ag an scoil in iúl go díreach don scoil.
Is é an bealach is fearr chun ár gcuid páistí a choinneáil sábháilte i scoileanna ná an chomhairle maidir le sláinte phoiblí a leanúint chun an víreas a chur faoi chois inár dteaghlaigh agus inár bpobail. Nímis ár lámha, clúdaímis ar gcasachtaí agus ár sraothanna, déan scaradh fisiciúil a chleachtadh, seachain sluaite agus caith masc aghaidhe nuair atá sé sin oiriúnach.
Mar is eol daoibh, tá tuairisc ar chás cheana féin sna meáin. Tá sé tábhachtach go bhfuilimid ar an eolas faoin méid atá ag tarlú ach tá sé chomh tábhachtach céanna go gcaomhnaímid an príobháideachas agus go bhfuilimid airdeallach ar an tionchar a bheadh ar pháistí, teaghlaigh, foireann scoile agus na pobail a bhfuil siad ag obair ar a son.
Rachfar i dteagmháil le duine ar bith a dteastaíonn tuilleadh eolais uathu maidir le cás chun iad féin nó a dteaghlach a chosaint.
Ar bhealaí áirithe, tá muid sa tréimhse is dúshlánaí chomh fada is a bhaineann sé le cén chaoi a mbainistímid COVID-19
Cén fáth?
Bhuel, bhí an dianghlasáil éasca a chomhlíonadh in go leor bealaí d’ainneoin an tionchar a thuigimid a bheadh aige. Ghlacamar ar fad nach mbeadh ann ach tamall airid. Bhí sé ‘nua’ dúinn agus bhí cuspóir soiléir againn – ‘cothromaigh an cuar’ agus seachain na radhairc thar a bheith truamhéalach a chonaiceamar i dtíortha eile.
Ach tá sé mhí caite, tá an méid a iarradh orainn déanta againn. Go ginearálta, d’éirigh leis na bearta ach bhain costas leo ó thaobh na heacnamaíochta, go sóisialta agus ó thaobh na meabhairshláinte de.
Tá níos mó ar eolas againn anois chomh maith. Mar a dúirt Michael Ryan ó WHO, ‘ní féidir linn rioscaí a bhainistiú chun go mbeidh deireadh iomlán leo’. Ní mór dúinn maireachtáil go pointe áirithe mar a bhí.
Ní mór dúinn maireachtáil leis an ngalar seo ach ag an am céanna gan ligean cead dó greim a fháil. Is éard atá i gceist leis sin ná fanacht fíorairdeallach, na bunrudaí a dhéanamh go maith, ag obair pé bealach is féidir linn mar dhaoine aonair, mar úinéirí gnó, mar fhostóirí agus mar oibrithe chun cloí leis na bearta agus na prótacail chun an ceann is fearr a fháil ar an ngalar seo. Agus nuair a bhuaileann sé, breith air agus srian a chur air chomh sciobtha agus atáimid ábalta.
Mar i gcónaí, mo bhuíochas as gach a bhfuil sibh a dhéanamh. Tá gach duine ag cur leis an méid atá bainte amach againn go dtí seo, leis na scoileanna ar oscailt agus go leor gnóthaí oscailte. Ní mór dúinn leanúint leis an méid a bhí á dhéanamh againn go dtí seo, d’ainneoin ár bhfrustrachais, fiú ár neamhshuim sa ghalar seo. Má leanaimid dá dhéanamh sin, is féidir linn fanacht seasmhach agus dul chun cinn a dhéanamh. Is fúinn féin atá sé.
Go raibh maith agaibh.