Ceapachán chuig Bord um Chlárlann Náisiúnta Ailse- 11 Eanáir 2024
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Cathy Enright, Uasal, i ndiaidh feachtais de chuid na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, tar éis a bheith ceaptha ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly T.D. ar an mBord um an gClárlann Náisiúnta Ailse le héifeacht ón 11 Eanáir 2024 go dtí an 10 Eanáir 2028.
Is í Cathy Enright an Bainisteoir Cláir d’Institiúid Ailse Choláiste na Tríonóide, Ospidéal San Séamas (TSJCI). Is céimí eolaíochta í agus tá céim Mháistreachta aici i mBainistíocht Chúram Sláinte ón bhForas Riaracháin, agus Dioplóma i gCeannaireacht agus Cáilíocht um Chúram Sláinte aici freisin ó Choláiste Ríoga Lianna na hÉireann. Thosaigh Cathy ag obair le hOspidéal San Séamas i 2005, tar éis di obair in eagraíochtaí taighde cliniciúla agus sa tionscal cógaisíochta. Tá na scileanna ceannaireachta agus bainistíochta tionscadail atá ag Cathy léirithe aici sna róil uile a bhí aici agus tá teist chruthaithe aici i ndáil le seachadadh tionscadal. Tá sé ar cheann de na gnéithe príomha dá ról sa TSJCI sonraí a úsáid chun eolas a sholáthar i ndáil leis an soláthar seirbhíse agus chun tacú le taighde agus iniúchadh d’fhonn é a chumasú torthaí níos fearr a bhaint amach d’othair a bhfuil ailse orthu.