Aonaid ar Cuireadh Tús Leo, Meán Fómhair 2024
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuireadh tús le 49,007 teach sa chéad naoi mí de 2024
Cuireadh tús le 11,385 teach i mí Mheán Fómhair 2024.
Sa chéad naoi mí de 2024 (Eanáir- Meán Fómhair), cuireadh tús le 49,007 teach, ar méadú é de bhreis is dhá oiread (méadú de 105%) ó 23,923 sna míonna céanna in 2023. Is ionann é seo agus 259 teach ar an meán ar cuireadh tús leo gach lá oibre go dtí deireadh mhí Mheán Fómhair.
Le 12 mhí anuas (Deireadh Fómhair 2023 go Meán Fómhair 2024) cuireadh tús le 57,885 aonad, méadú de 93% ó 29,961 sna 12 mhí roimhe sin (Deireadh Fómhair 2022 go Meán Fómhair 2023).
As na haonaid uile ar cuireadh tús leo sa chéad trí ráithe de 2024 (Eanáir-Meán Fómhair), bhí 37% acu sna ceithre údarás áitiúil i mBaile Átha Cliath. De réir údarás áitiúil, ba i gCathair Bhaile Átha Cliath a cuireadh tús leis an líon ba mhó aonad go dtí seo i mbliana (5,927), agus Fine Gall (4,809) agus Baile Átha Cliath Theas (4,348) ina dhiaidh sin. Ba i Liatroim (79), an Longfort (187) agus Ceatharlach (191) ar cuireadh tús leis an líon ba lú aonad.
Is féidir sonraí iomlána ar líon na n-aonad ar cuireadh tús leo, ar fhógraí agus ar áiteanna cónaithe aonuaire ar leibhéal náisiúnta agus de réir údarás áitiúil ó 2014 go dtí Meán Fómhair 2024 a íoslódáil thíos.
Aonaid ar Cuireadh Tús Leo ar Bhonn Míosúla, 2014-go dtí an lá inniu