Bauer Media Audio Holding GmbH agus Communicorp Group Limited – Cumasc Meán 2021
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ag teacht le Cuid 3A den Acht Iomaíochta 2002 (an tAcht), mar a leasaíodh é, cuireadh in iúl don Aire ar an 23 Márta 2021 go raibh sé ar intinn ag Bauer Media Audio Holding GmbH, Communicorp Group Limited a cheannach. De réir an Achta, thug an Roinn faoi scrúdú ‘Chéim 1’ ar an gcumasc chun an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an gcumasc ar iolracht na meán sa stát mheas. Mar thoradh ar an scrudú seo, shocraigh an tAire, ar an 12 Bealtaine 2021, nach mbeadh tionchar diúltach ag an gcumasc ar iolracht na meán sa stát, agus mar sin, go gceadófaí leanúint ar aghaidh leis.