Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Leagtar amach sa Dréachtstraitéis le haghaidh Sonraí a Bhaineann le Bonneagar Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha na bearta atá le cur chun feidhme maidir le sonraí a bhailiú, a úsáid agus a chur ar fáil go héifeachtach do pháirtithe leasmhara agus úsáideoirí deiridh cuí.
Is é is cuspóir don Straitéis ná an bonneagar sonraí agus na beartais a theastaíonn a chur ar fáil chun tacú le húsáideoirí an Bhonneagair Athluchtaithe Feithiclí Leictreacha in Éirinn.
Leagfar amach sa Straitéis an chaoi a gcomhroinnfear sonraí leis an bpobal leis an eispéireas luchtaithe feithiclí leictreacha a fheabhsú d’fhonn a chinntiú go mbeidh fáil ag tiománaithe ar a thuilleadh faisnéise. Ar an gcaoi sin, beidh a fhios acu na pointí luchtaithe is fearr a fheilfidh dá bhfeithicil féin agus dá bpócaí.
Na sonraí a bheidh le cur ar fáil, inseoidh siad d’úinéirí feithiclí leictreacha cibé acu atá an pointe luchtaithe oiriúnach dá gcarr nó nach bhfuil, acmhainn chumhachta an phointe luchtaithe, an praghas, agus cibé acu atá sé ag feidhmiú nó in úsáid ag an am.
Is iad na hOibreoirí Pointí Luchtaithe a chuirfidh na sonraí ar fáil do sholáthraithe seirbhíse faisnéise go díreach trí Chomhéadan Feidhmchláir (API) oscailte.
Tá sé i gceist go soláthróidh an margadh – forbróirí aipeanna móibíleacha agus forbróirí seirbhísí faisnéise, cuir i gcás – na bealaí le teacht ar na sonraí sin trí aipeanna, mar aon leis na bealaí leis na sonraí a amharcléiriú, a úsáid agus a chomhroinnt.
Tá tábhacht nach beag ag baint leis an Straitéis seo toisc go mbeidh ról níos mó agus níos mó ag na cleachtais sonraí a bheidh mar bhonn faoin mbonneagar luchtaithe de réir mar a bheidh líonra na bpointí luchtaithe poiblí ag fás. Cuirfidh na sonraí le trédhearcacht agus beidh siad ar fáil go hoscailte, de réir threoirlínte an Rialtais agus an AE.
Anois tá cuireadh á thabhairt ag ZEVI d’aon pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh nó tuairimí a thabhairt maidir leis an Dréachtstraitéis.
Le teacht ar an gcomhairliúchán poiblí, cliceáil anseo .