Ráiteas an Aire Catherine Martin
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Bhuail mé inniu le Cathaoirleach Bhord RTÉ, Siún Ní Raghallaigh, le Príomh-Stiúrthóir RTÉ, Kevin Bakhurst, agus leis an Leas-Ard-Stiúrthóir, Adrian Lynch.
Chuir mé in iúl go soiléir nach bhfuil mé sásta leis an mbealach ar cuireadh faisnéis ar fáil do Bhord RTÉ, don phobal agus don Oireachtas.
Buille eile do RTÉ is ea an scaoileadh faisnéise de réir a chéile le coicís anuas agus rinne sé dochar as cuimse.
Cruinniú cuiditheach a bhí ann le malartú tuairimí iomlána agus macánta.
Chuir mé m’imní in iúl faoi mheanma foirne RTÉ agus an dochar a rinneadh don chaidreamh idir RTÉ agus an tOireachtas. Chuir mé in iúl don Ard-Stiúrthóir atá ag teacht isteach go bhfuil sé ríthábhachtach anois go n-oibreoidh sé, ón gcéad lá ar an Luan, chun ton agus cultúr a athrú idir an feidhmeannach agus an bord agus an fhoireann. Chuir mé in iúl go bhfuil díomá orm faoin easpa rannpháirtíochta atá ag an bhfeidhmeannas leis an bhfoireann le coicís anuas, agus fáiltím roimh phlé idir ardbhainistíocht RTÉ agus ceardchumainn RTÉ amárach maidir leis an ngéarchéim leanúnach sa chraoltóir.
Agus tús á chur le hathshocrú dáiríre agus fiúntach, leag mé béim freisin ar an ngá leis an Ard-Stiúrthóireacht nua céimeanna a ghlacadh go poiblí láithreach ar an Luan chun dul i ngleic leis an deighilt mhéadaithe idir RTÉ agus, an páirtí leasmhar is tábhachtaí atá acu, a lucht éisteachta. Caidreamh a ndearnadh dochar mór dó sa tubaiste seo.
Gheall an tArd-Stiúrthóir comhoibriú iomlán a dhéanamh leis an scrúdú cuimsitheach neamhspleách agus leis an gcuntasóir fóiréinseach a cheapfar an tseachtain seo chugainn, agus aontaíodh go dtiocfadh na gníomhartha seo le hobair agus athchóiriú RTÉ atá á phleanáil aige.
Chuir an tUasal Bakhurst in iúl dom a phleananna chun an Bord Feidhmiúcháin a athbhunú, a phleananna chun dul i dteagmháil leis an bhfoireann agus próisis nua a thabhairt isteach chun muinín as lucht bainistíochta RTÉ a atógáil. Táim ag súil anois go dtabharfar aghaidh orthu seo go pras.