An Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá acmhainneacht ag Éirinn a bheith ina ceannaire domhanda i réimse an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta. A bhuí leis an raidhse acmhainní nádúrtha suntasacha atá againn, is féidir linn, agus an uaillmhian cheart, an díriú ceart agus an cur chuige comhoibríoch ceart againn, ár soláthar fuinnimh ghlain, in-athnuaite agus inacmhainne féin a bheith againn. Beimid in ann an tráth céanna fás glas dúchasach a fhorbairt agus leas iomlán a bhaint as na deiseanna margaidh onnmhairiúcháin a thiocfaidh chun cinn. Cuirfidh sé sin ar chumas na hEorpa freisin an sprioc atá againn aeráidneodracht a bhaint amach san Aontas Eorpach faoin mbliain 2050 a chomhlíonadh, ar aon dul le Comhaontú Pháras.
Is é an t-aon bhealach amháin inar féidir an acmhainneacht sin a bhaint amach ná uaillmhian náisiúnta agus cur chuige straitéiseach fadtéarmach a bheith againn. Tugtar aghaidh ar an dá ní sin sa Ráiteas Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta. Leagtar amach ann na huaillmhianta fadtéarmacha atá againn 20 GW a bhaint amach faoin mbliain 2040 agus 37 GW a bhaint amach faoin mbliain 2050, mar aon leis na cuspóirí atá againn. Leagtar amach ann freisin an dóigh a gcomhlíonfar na huaillmhianta agus na cuspóirí sin.
Áirítear leis an gCreat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta 29 bpríomhghníomh chun cur chuige fadtéarmach pleantreoraithe na hÉireann i leith fuinneamh gaoithe amach ón gcósta a fhorbairt. Tá sé bunaithe ar anailís ar dheiseanna eacnamaíocha chun infheistíocht a spreagadh agus chun uasmhéadú a dhéanamh ar thoradh airgeadais agus eacnamaíoch an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don Stát agus do phobail áitiúla. Iniúchtar ann freisin an fhéidearthacht a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a onnmhairiú trí idirnascadh méadaithe, agus déantar anailís ann ar na deiseanna a bhaineann le fuinneamh in-athnuaite farasbairr a úsáid le haghaidh táirgí agus seirbhísí fuinnimh mhalartaigh is féidir a chur isteach i margaí idirnáisiúnta.
Áirítear na nithe seo le treoirphrionsabail an bheartais: an timpeallacht mhuirí agus an bhithéagsúlacht mhuirí a chosaint; inacmhainneacht an fhuinnimh a chinntiú do thomhaltóirí; toradh cothromasach a thabhairt do phobail; beartais agus bonneagar a ailíniú; muinín as infheistíocht a spreagadh; béim a leagan ar nuálaíocht teicneolaíochta; deiseanna le haghaidh toradh a thabhairt don stát a léiriú; agus tús áite a thabhairt do chaidreamh le geallsealbhóirí agus leis an bpobal.
Tá an Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta ar cheann de na príomhghníomhartha a foilsíodh inniu faoin gClár um Fhuinneamh Gaoithe Amach ón gCósta, atá ar an bplean uile-chórais ar fhorbair an Tascfhórsa um Ghaoth Amach ón gCósta a Sholáthar é.
Creat Todhchaíoch um Fhuinneamh In-athnuaite Amach ón gCósta - Ráiteas Beartais
Tá an ráiteas beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch bunaithe ar anailís eacnamaíoch, lena n-áirítear tacar tuarascálacha a choimisiúnaigh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide agus a sholáthair AFRY Managing Consultants agus BVG Associates le déanaí. Seoladh an anailís choimisiúnaithe mhargaidh eacnamaíoch chun measúnú a dhéanamh ar inmharthanacht na spriocanna fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus ar na deiseanna onnmhairiúcháin a d’fhéadfadh a bheith ann. Chuir AFRY agus BVG Associates, ar sainchomhairleoirí seachtracha iad, cúig thuarascáil le chéile inar díríodh ar na sruthanna oibre seo a leanas:
Future Framework - Economic Analysis WS1
Future Framework - Economic Analysis WS2
Future Framework - Economic Analysis WS3
Future Framework - Economic Analysis WS4
Future Framework - Economic Analysis WS5
Chun a bheith ag gabháil le foilsiú an Ráitis Beartais maidir leis an gCreat Todhchaíoch le haghaidh comhairliúchán poiblí, tá tuarascáil scagtha le haghaidh Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta agus Measúnacht Chuí á seoladh ag Mace Consultancy Ltd. Beidh scagadh an ráitis beartais seo ar siúl ar fud thréimhse an phróisis comhairliúcháin phoiblí.