Faireachas ar an Margadh maidir le Táirgí Foirgníochta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cé gur tháinig an Rialachán maidir le Táirgí Foirgníochta i bhfeidhm ar an 1 Iúil 2013, agus go bhfuil cur i bhfeidhm dlíthiúil díreach aige ar fud an Aontais Eorpaigh ar fad ó shin i leith, bíonn gach Ballstát freagrach as a chuid gníomhaíochtaí faireachais féin ar an margadh a rialáil i gcomhréir le ceanglais ar leith an RTF agus leis na ceanglais uileghabhálacha níos leithne i gCaibidil III de Rialachán (AE) Uimh. 765/2008 Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ar an 9 Iúil 2008 a leagann amach na ceanglais do chreidiúnú agus faireachán margaidh maidir le margaíocht táirgí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh 339/9.
Tar éis don Ríocht Aontaithe tarraingt siar as Acht an Aontais Eorpaigh (Forálacha Iarmartacha) Acht 2020 (Táirgí Foirgníochta - Faireachas Margaidh) Rialachán 2020 (I.R. 682/2020) , ceapadh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ina húdarás inniúil chun gníomhaíochtaí faireachán margaidh a dhéanamh faoi Rialacháin 2013 (I.R. Uimh.225 de 2013) an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) ar gach táirge foirgníochta (faoi raon feidhme an RTF) sa Stát.
Is í Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath-Oifig Náisiúnta um Rialú Foirgníochta (CCBÁC-ONRF), an tAonad um Fhaireachas Margaidh a dhéanann monatóireacht ar na ceanglais reachtúla, agus a chuireann i bhfeidhm iad, mar a leagtar amach faoi Rialacháin 2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) ar fud na tíre.
Is féidir teagmháil a dhéanamh le CCBÁC-ONRF ag: support@nbco.gov.ie
Déantar foráil le Rialacháin 2013 (I.R. 225 de 2013) an Aontais Eorpaigh (Táirgí Foirgníochta) maidir le:
De bhun Airteagal 18(5) de Rialachán (CE) 765/2008, tá clár Náisiúnta na hÉireann um fhaireachas margaidh 2021 foilsithe ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.