Feidhmiú na Seirbhísí Dóiteáin
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sonraítear san Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 na rialacha agus rialacháin ar ghá do na seirbhísí dóiteáin feidhmiú dá réir. Cuireann an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála tacaíocht ar fáil le haghaidh na nÚdarás Áitiúil chun a chinntiú go bhfuil na rialacha agus na rialacháin sin á gcur i bhfeidhm agus go dtugtar tús áit don tsláinte agus don tsábháilteacht. Cuirimid maoiniú ar fáil le haghaidh na seirbhísí dóiteáin ionas gur féidir leo fearais agus trealamh a cheannach. Chomh maith leis sin, cuirimid tacaíocht ar fáil don tseirbhís dóiteáin trí chláir oiliúna náisiúnta a reáchtáil, trí threoir a fhoilsiú ar ábhair bhainteacha agus trí bheartas ginearálta a shocrú.
Chuir an Stiúrthóireacht Náisiúnta um Bainistíocht Dóiteáin agus Éigeandála doiciméad beartais ar fáil dar teideal “Pobail a Choinneáil Slán” (KCS) ina leagtar amach córas de phróisis agus de chaighdeáin náisiúnta le haghaidh soláthar seirbhísí dóiteáin in Éirinn bunaithe ar chur chuige rioscabhunaithe. Is é KCS an toradh ar athbhreithniú fadréimseach a rinneadh ar ghníomhaíochtaí na seirbhíse dóiteáin agus tá sraith doiciméad comhlántach eile ann ar shaincheisteanna cosúil le hoiliúint sna seirbhísí dóiteáin agus córais um bainistíocht sábháilteachta. Foilsíodh sraith eile doiciméad dar teideal ‘Good Practice Notes’, ina gcuirtear síos ar an mbealach is fearr don tseirbhís dóiteáin déileáil le cásanna éagsúla, agus tá sé mar aidhm leis an tsraith sin an dea-chleachtas a thabhairt de réir a chéile ar bhonn náisiúnta.