Bunaíodh Óglaigh na hÉireann, an 25 Samhain 1913 ag cruinniú poiblí a tionóladh i Rinc an Rotunda i mBaile Átha Cliath. Bhí spéis mhór ag an bpobal sa ghluaiseacht agus faoi lár 1914 bhí 180,000 de chomhaltas ainmniúil in Óglaigh na hÉireann. Bhí scoilt ansin ann faoinar chóir dá chomhaltaí liostáil i bhFórsaí na Breataine agus troid sa chogadh san Eoraip. Bhí líon mór ina aghaidh sin agus choinnigh siad an t-ainm bunaidh.
Laistigh de na hÓglaigh bhí líon beag ag ullmhú do cheannairc. Cé gur buaileadh Éirí Amach 1916, throid na hÓglaigh le disciplín agus scil agus chabhraigh a n-iompar lena chinntiú gur gearr gur breathnaíodh ar an Éirí Amach mar rud a bhféadfaí a bheith bródúil as.
Is roinnt ceannairí óga, diongbháilte de na hÓglaigh a chuir tús in Eanáir 1919 le Cogadh na Saoirse a bhí ann ina dhiaidh sin. I rith an chogaidh sin bhí 15,000 Óglach páirteach go gníomhach, agus bhí thart ar 3,000 i mbun seirbhíse ag aon tráth ar leith. Ó Fhómhar 1919 bhí an fórsa láidir a dhóthain chun tabhairt faoi ghníomhartha níos suntasaí.
Faoi dheireadh 1920 bhí an fórsa eagraithe ina ‘cholúin reatha’ – aonaid shoghluaiste de thart ar 100 fear, bunaithe i gcampaí cúlráideacha nó i dtithe sábháilte. An 11 Iúil 1921 tháinig sos comhraic i bhfeidhm a chuir deireadh leis an troid.
Ag deireadh an Chogaidh Chathartha a bhí ann tar éis rith an chonartha, thug an stát nua faoi stádas dlíthiúil a thabhairt dá chuid fórsaí armtha. Faoin Acht Fórsaí Cosanta (Forálacha Sealadacha), 1923 bhunaigh an Ard-Chomhairle Óglaigh na hÉireann go foirmiúil an 1 Deireadh Fómhair 1924.
Nuair a thosaigh an Dara Cogadh Domhanda cuireadh tús le feachtas earcaíochta agus ba ghearr gur forbraíodh fórsa troda éifeachtach chun ár neodracht a chosaint. In Aibreán/Bealtaine 1941 bhain líon an Airm Éigeandála uasphointe de bheagnach 41,000 amach agus i Meitheamh 1943 bhí 106,000 san Fhórsa Cosanta Áitiúil.
Chuaigh Éire leis na Náisiúin Aontaithe i 1955 agus sa bhliain 1958 chuir sí breathnadóirí míleata ar mhisean de chuid na NA go dtí an Liobáin. Ba é seo tús rannpháirtíocht na bhFórsaí Cosanta i seirbhís thar lear, rannpháirtíocht atá fós ar siúl sa lá atá inniu ann.
Is aonaid i misin mhór-fhórsa a bhí imlonnaithe sa Chongó, sa Chipir, sa Liobáin, sa tSomáil agus sa Tiomór Thoir, agus níos deireanaí sa Libéir agus sa Chosaiv, a rinne formhór na gcuairteanna dualgais. I measc na dtiomantas eile bhí míreanna ceanncheathrú agus speisialtachta, aonaid loighisticiúla, aonaid phóilíneachta míleata agus breathnadóirí míleata.
I 1969 chuir tús an fhoréigin i dTuaisceart Éireann tús le diantréimhse oibríochtúil do gach mír de na Fórsaí Cosanta. Laghdaigh an Próiseas Síochána, a fógraíodh le síniú Chomhaontú Aoine an Chéasta an 10 Aibreán 1998, chomh dian a bhí an tiomantas do na hoibríochtaí sin agus d’fhéadfaí béim níos mó a chur ar an ngné idirnáisiúnta.
Léiríonn bainistiú géarchéime thar ceann na Náisiún Aontaithe agus freagra ar thubaistí nádúrtha go mbeidh oibríochtaí ilnáisiúnta thacaíocht síochána agus daonchairdiúla ina gcuid mhór de ghníomhaíochtaí na bhFórsaí Cosanta atá imlonnaithe faoi láthair chun tacú leis an tsíocháin i 19 misean i 23 tír dhifriúil.