Fiosrúchán Scóipe faoi Dhrochúsáid Ghnéasach Stairiúil i Scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta
Ó Fiosrúchán Scóipe Oideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Fiosrúchán Scóipe Oideachais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá cead tugtha ag an rialtas fiosrúchán scóipe a chur ar bun chun bonn eolais a chur faoi fhreagairt an Rialtais ar dhrochúsáid ghnéasach stairiúil a nochtadh i scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta.
Cheap an tAire Oideachais Norma Foley Abhcóide Sinsearach, Mary O’Toole AS, le bheith i gceannas ar an bhfiosrúchán scóipe. Rochtain ar na Téarmaí Tagartha.
Is é is cuspóir leis an bhfiosrúchán scóipe dul i bhfeidhm ar fhreagairt an rialtais ar dhrochúsáid ghnéasach stairiúil a nochtadh i scoileanna arna reáchtáil ag oird rialta. Ina cáil mar Cheannasaí, tá maoirseacht á déanamh ag Ms O’Toole ar an bhfiosrúchán scóipe agus, ag deireadh an phróisis, cuirfidh sí tuarascáil faoi bhráid an Aire Oideachais, lena n-áirítear moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile atá le glacadh.
Gheobhaidh obair an Cheannasaí treoir ó thuarascálacha agus ó thuairimí saineolaithe ar fud raon réimsí lena n-áirítear cosaint leanaí, ceartas aisiríoch agus, níos tábhachtaí fós, rannpháirtíocht marthanóirí.
Tá iarratas déanta ag an gCeannasaí ar shíneadh ama ar an spriocdháta leis an tuarascáil a chur isteach go dtí an tAire Oideachais. Táthar ag súil leis an tuarascáil anois ar an 7ú Meitheamh 2024.
Tá an rannpháirtíocht le marthanóirí mar chuid lárnach d’obair an fhiosrúcháin scóipe. Sa phróiseas rannpháirtíochta marthanóirí, cuirfear deis ar fáil le go n-éistfear go soiléir le tuairimí na marthanóirí sin is mó a bhí buailte leis go díreach agus lena chinntiú go mbeidh na moltaí a leagfar amach i dtuarascáil deiridh an Cheannasaí a chuirfear faoi bhráid an Aire bunaithe ar na torthaí atá á lorg ag na marthanóirí.
Tá an saineolaí ar chosaint leanaí Kieran McGrath i gceannas ar an bpróiseas rannpháirtíochta marthanóirí agus is éascaitheoirí atá oilte ar chleachtas trámathreoraithe a bheidh ina bhun. Is féidir tuilleadh eolais faoin bpróiseas rannpháirtíochta marthanóirí a fháil. Foilseofar breis eolais faoin bpróiseas seo ar an suíomh gréasáin seo de réir mar a théann an fiosrúchán scóipe ar aghaidh.
Tá deireadh leis an gcéad chéim den phróiseas, inar tugadh cuireadh do mharthanóirí ceistneoir a chomhlánú faoina n-eispéiris. Tá tús curtha ag an bhfoireann rannpháirtíochta marthanóirí teagmháil a dhéanamh leis na marthanóirí sin a chuir in iúl gur mian leo a bheith rannpháirteach sa dara céim den phróiseas.
Má tá aon fhiosruithe agat, is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an bhfiosrúchán scóipe ach ríomhphost a chur chuig survivorengagement@esi.gov.ie
Más fearr leat, is féidir leat glaoch a chur ar (+353) 090 6483610 idir 9.15am agus 5pm nó, lasmuigh de na huaireanta sin, is féidir leat glórphost a fhágáil.
Bíodh ar an eolas le do thoil, má chuireann tú sonraí ar fáil maidir le cad a tharla duit i d’óige ag an bpointe seo, b’fhéidir go mbeidh ceangal ar bhaill foirne den Roinn Oideachais an méid sin a thuairisciú do Tusla. Leis sin, is féidir le Tusla measúnú a dhéanamh cé acu a chaithfear tuilleadh céimeanna a ghlacadh.
Soláthraíonn an eagraíocht Duine Amháin as Gach Ceathrar seirbhísí do mharthanóirí aosaigh de dhrochúsáid ghnéasach ina n-óige agus tá an Roinn Oideachais ag plé leis an eagraíocht seo lena chinntiú go dtacófar le marthanóirí le linn dóibh páirt a ghlacadh san fhiosrúchán scóipe. Is féidir dul i dteagmháil le Duine Amháin as Gach Ceathrar ach glaoch a chur ar 01 662 4070 nó an fhoirm a chomhlánú atá ar fáil ag www.oneinfour.ie/contact.
Más mian leat líomhain a thuairisciú maidir le drochúsáid ghnéasach, is féidir dul i dteagmháil le do stáisiún áitiúil de chuid an Gharda Síochána, leis an Aonad Bainistíochta um Choireanna Gnéis de chuid an Gharda Síochána (01-6663430) nó le Líne Thuairiscithe an Gharda Síochána maidir le Drochúsáid Ghnéasach Leanaí (1800 555 222), seirbhís atá faoi rún, saor in aisce agus ar fáil ar bhonn 24/7. De rogha air sin, is féidir ríomhphost a chur chuig GNPSB_SCMU@garda.ie
Beidh tacaíocht riaracháin á cur ar fáil ag an Roinn Oideachais don fhiosrúchán scóipe.
Maidir le gach ábhar imní a chuirtear faoi bhráid bhaill foirne na Roinne Oideachais, caithfear déileáil leo de réir nósanna imeachta na roinne chun freagairt ar ábhair imní faoi chosaint leanaí ar a ndírítear aird bhaill foirne na Roinne Oideachais. Leagtar amach sna nósanna imeachta cad ba cheart do bhaill foirne na Roinne Oideachais a dhéanamh nuair a chuirtear faisnéis faoina mbráid i dtaobh rud a bhféadfadh baint a bheith aige le cosaint nó leas leanaí nó má chuirtear a leithéid ar a súile dóibh ar bhealach eile.