Féinmheastóireachta Scoile - Iarbhunscoileanna 2016 – 2022
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is próiseas comhoibríoch, cuimsitheach agus athmhachnamhach d’athbhreithniú inmheánach scoile é an fhéinmheastóireacht scoile. Cur chuige bunaithe ar fhianaise atá ann, ina mbailítear faisnéis ó fhoinsí éagsúla le breithiúnais a dhéanamh. Ar fheabhsúchán i bhfoghlaim na ndaltaí atá an próiseas uile dírithe.
Bhí Céim Suas (2018 – 2021), a ndearna Ciste Barr Feabhais Scoile na Roinne Oideachais maoiniú air, ina chomhthionscadal idir an tSraith Shóisearach do Mhúinteoirí, an Chigireacht agus 9 n-iarbhunscoil. Ba iad na spriocanna a leagadh amach do thionscadal Chéim Suas ná caighdeán níos airde a bhaint amach ar eispéiris agus torthaí na bhfoghlaimeoirí trí ghnéithe den Chreat don tSraith Shóisearach (2015) a chur i bhfeidhm ar bhealach níos éifeachtaí. Cliceáil anseo chun rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin steupupproject.ie, ina bhfaighfear cnuasach ábhair chlosamhairc éagsúla, tuarascáil ilchodach chigireachta, agus na naoi gcás-staidéar scoile trína roinntear (i bhformáid ilmhódach) an fhoghlaim a baineadh amach ó Céim Suas.
Tá sé mar aidhm ag an gciorclán seo na hathruithe atá déanta ar shocruithe don FMS a leagan amach agus eolas a thabhairt ar obair threorach, thaighde agus mheastóireacht na Cigireachta sna scoileanna sa scoilbhliain 2020/21
Nuachtlitir FS 15 a foilsíodh i Mí na Nollag 2020. Féachann an t-uasdatú seo ar conas ar féidir le FS tacú le scoileanna ag an am reatha in achair maraon le foláine scoláirí agus múinteoirí. Soiléiríonn sé chomh maith na nascanna idir FS agus DEIS.
I 2012, iarradh ar gach iar bhunscoil in Éirinn tús a chur le próiseas Féinmheastóireachta Scoile (FMS). Sa chéad chuid, dhírigh na scoileanna ar an teagasc agus ar an bhfoghlaim agus ba chabhair é an próiseas FMS chun láidreachtaí agus réimsí inar theastaigh forbairt araon a aithint. Tríd an bpróiseas FMS is féidir le scoileanna pleanáil chórasach a dhéanamh chun athruithe a chur i ngníomh agus monatóireacht a dhéanamh ar na hathruithe sin agus feabhsúcháin a dhéanamh i réimsí cleachtais a aithníodh mar réimsí tús áite.
Idir 2012 agus 2016, rinne an Chigireacht plé leanúnach leis na comhpháirtithe oideachais agus iarradh aiseolas ó scoileanna ar an bpróiseas féin agus ar shlite chun é a fheabhsú. Foilsíodh imlitir nua FMS agus ábhair nua acmhainne mar thacú do scoileanna sa dara céim den FMS ó 2016 go 2020. Gheofar ar an leathanach seo doiciméid agus acmhainní a thacóidh le scoileanna agus iad ag dul isteach sa dara céim den FMS. Déanfar é a nuashonrú sna seachtainí agus sna míonna amach romhainn. Roghnaigh an mhionsamhail thíos le tuilleadh a fhoghlaim.
Tá acmhainní SSE chun tacú le scoileanna, lena n-áirítear físeán, treoirlínte agus ciorcláin ar fáil anseo
Rinneadh na físeáin seo chun cabhrú le scoileanna an próiseas FMS a úsáid mar shlí le hullmhú faoi choinne an Chreata don tSraith Shóisearach agus é a chur i ngníomh.
San fhíseán seo, féachann an Cigire Sinsearach, Kate O’Carroll, ar shlite leis an bpróiseas FMS a ailíniú leis an gCreat don tSraith Shóisearach. Scrúdaíonn sí na gnéithe atá i bpáirt ag an dá phróiseas agus an tslí a gcomhlánaíonn an próiseas FMS agus an creat a chéile.
San fhíseán seo, míníonn an Cigire Sinsearach, Kate O’Carroll, an úsáid a d’fhéadfadh scoileanna a bhaint as an bpróiseas FMS chun tús a chur le himscrúdú ar na hathruithe is gá chun an Creat don tSraith Shóisearach a leabú, agus na hathruithe sin a chur i ngníomh.
Sna Nuashonrú FMS bíonn ailt usáideacha agus leideanna faoin bproiséas FMS.