Tá go leor againn fós ag dul i dtaithí ar an gcaoi ar chuir scaipeadh COVID-19 isteach ar ár saol laethúil agus ar na bearta atá bunaithe chun cabhrú le gach duine a choinneáil sábháilte.
Is gnáthrud é a bheith buartha nó faoi strus i rith na tréimhse dúshlánaí seo, ach is féidir linn go leor rudaí éagsúla a dhéanamh chun aire a thabhairt dár meabhairshláinte agus folláine agus a chinntiú go bhfuilimid i mbarr ár sláinte.
Tá tacaíocht le fáil chun cabhrú leat aire a thabhairt do do mheabhairshláinte i rith COVID-19 ag yourmentalhealth.ie.
I rith tréimhsí dúshlánacha cosúil le saol an lae inniu ann, d’fhéadfadh go mbeadh tairbhe shuntasach ag baint le plean a bheith againn a chabhróidh linn a bheith gnóthach agus níos mó smachta a bheith againn ar an saol.
Cruthaigh plean dearfachta do do sheachtain – d’fhéadfaí an méid seo a leanas a chur san áireamh:
Item was unpublished or removed
chun tuilleadh eolais a fháilWeek planner
Try this week planner to help you with some of the tips mentioned in the page above
Baineann tábhacht ar leith le codladh chomh fada is a bhaineann le do mheabhairshláinte agus folláine. Teastaíonn idir 5 agus 9 n-uair codlata ó fhormhór na ndaoine gach oíche. Is é 8 n-uair an chloig an méid ama idéalach, ach ní hionann riachtanais aon bheirt.
Ní mór dúinn ar fad súil a chaitheamh ar ár bpatrúin agus nósanna codlata. Mura n-éiríonn leat oíche mhaith codlata a fháil go rialta, tá roinnt rudaí a d’fhéadfá a dhéanamh chun cúrsaí a fheabhsú.
Tá comhairle iontach maidir le codladh go sámh agus aire a thabhairt do do mheabhairshláinte le fáil ar SpunOut.
I gcás cuid againn, ciallaíonn cúrsaí an tsaoil mar atá inniu go bhfuil níos mó ama ná riamh á chaitheamh againn lenár leanaí, agus d’fhéadfadh dúshláin ar leith a bheith ag baint leis seo. Seo thíos roinnt nod simplí a d’fhéadfadh cabhrú leat:
Tá Ionad Tuismitheoirí ag an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, ar a bhfuil noda, acmhainní agus tacaíochtaí do thuismitheoirí.
Tá roinnt nasc iontach ag FSS ar a shuíomh My Child freisin.
Tá tacaíocht á tabhairt do Choistí Seirbhísí Leanaí agus Daoine Óga (CYPSC) ar fud na tíre chun seirbhísí feabhsaithe a sholáthar, chun tacú le meabhairshláinte agus folláine dhearfach, leanaí, daoine óga agus teaghlach i rith na míonna amach romhainn. Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.cypsc.ie.
Ó tharla go bhfuilimid ag caitheamh níos ama i gcomhluadar a chéile ná mar is gnáth, agus go bhfuil tinneas, leanaí, airgead, nó gaolta atá tinn ag déanamh imní dúinn, d’fhéadfadh go mbeadh leibhéil struis á méadú agus go mbeadh brú á chur ar chaidreamh.
Tá sé fíorthábhachtach aire a thabhairt duit féin agus don chaidreamh atá agat le daoine eile san am i láthair:
Nuair a bhíonn daoine ag obair ón mbaile ní mór dóibh gnáthamh nua a chruthú agus bealach nua a bhunú chun déileáil le héilimh an tsaoil. Beidh pleanáil chúramach riachtanach agus beidh gá le réitigh chruthaitheacha uaireanta freisin.
Pleanáil an lá roimh ré ionas go mbeidh a fhios ag gach duine céard a bheidh á dhéanamh acu i rith an lae:
Glac páirt i roinnt gníomhaíochtaí sóisialta fíorúla le do chomhghleacaithe oibre. Seo a leanas roinnt gníomhaíochtaí samplacha:
Tá leathanach treorach curtha i dtoll a chéile ag an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta d’fhostóirí agus d’fhostaithe atá ag obair ón mbaile.
I rith na tréimhse seo, is gnáthrud é go mbeadh daoine imníoch agus buartha faoin méid atá ag tarlú mórthimpeall orainn. Uaireanta, rachaidh sé chun tairbhe duit má dhéanann tú do mhachnamh ar feadh tamaill ar do chuid mothúchán féin agus an tionchar atá acu ar do shaol.
Eolas maidir le Meabhairshláinte agus Folláine do leanaí agus daoine óga
Féach ar yourmentalhealth.ie má theastaíonn comhairle uait maidir le conas aire a thabhairt do do mheabhairshláinte i rith COVID-19.
Tá FSS ag seoladh clár nua, saor in aisce, ar líne atá dírithe ar mheabhairshláinte agus folláine dar teideal Minding Your Wellbeing. Is éard atá sa chlár fianaisebhunaithe seo 5 sheisiún físeáin, 20 nóiméad an ceann, atá le fáil ag yourmentalhealth.ie.
Díreoidh an clár seo ar fhéinchúram a chleachtadh, ár smaointe féin a thuiscint, ár mothúcháin a scrúdú, caidreamh dearfach a fhorbairt agus ár gcumas teacht aniar a fheabhsú.
Is é 50808 an chéad seirbhís dá leithéid in Éirinn: seirbhís téacs saor in aisce 24/7, a sholáthraíonn deiseanna comhráite ciallmhara a bheith ag daoine agus tacaíocht láithreach baill do dhaoine atá ag déileáil le géarchéim mheabhairshláinte nó mhothúchánach - beag nó mór. Is cuma más ag déileáil le scaradh le páirtí nó le bulaíocht atá tú, nó imní, dúlagar nó mothúcháin fhéinmharfacha, tá oibrithe deonacha géarchéime ar fáil 24/7 chun comhráite téacs anaithnide a bheith acu le daoine.
Cuir tús le comhrá tríd an bhfocal HELLO a sheoladh trí shaorthéacs chuig 50808 am ar bith, lá nó oíche.
Soláthraíonn Pieta seirbhísí teiripeacha gairmiúla duine le duine do dhaoine atá ag déileáil le hanacair fhéinmharfach, daoine atá i mbun féindochair, agus daoine atá faoi bhrón mar thoradh ar fhéinmharú. Tá na seirbhísí ar fad á soláthar saor in aisce agus níl gá le hatreorú.
Saorghlao 1800 247 247.
Téacsáil an focal HELP chuig 51444.
Soláthraíonn Barnardos seirbhís náisiúnta tacaíochta teileafóin do thuismitheoirí, mar fhreagairt ar na dúshláin atá le sárú i rith phaindéim COVID-19. Saorghlao 1800 910 123 (idir 10am agus 2pm, Luan go hAoine).
Chomh maith leis sin, soláthraíonn siad seirbhís líne chabhrach do leanaí atá ag déileáil le bás duine éigin, do gach ball den phobal, glaoigh ar 01 473 2110 (idir 10am agus 12pm, Luan go hAoine). Glacfar le hatreoruithe do leanaí suas go dtí 18 mbliana d’aois a bhfuil toiliú tuismitheora/cúramóra acu.
Is carthanas meabhairshláinte é Jigsaw atá dírithe ar chomhairle agus tacaíocht shaineolach a sholáthar, ar líne agus go pearsanta, do dhaoine óga ar fud na hÉireann atá idir 12 - 25 bliain d’aois.
Tá eolas maidir le seirbhís Jigsaw atá ar fáil in aice leat le fáil ag jigsaw.ie/services.
Is féidir leat labhairt le duine den fhoireann trí Chomhrá Beo 1:1 trí chuairt a thabhairt ar jigsaw.ie/livechat. Déan teagmháil leis an líne thacaíochta ag saorghlao 1800 JIGSAW (544729) (1pm go 5pm, Luan go hAoine).
Téacsáil CALL ME chuig 086 180 3880 agus beidh duine den fhoireann in ann glaoch ar ais ort ag am oiriúnach.
Tabhair cuairt ar jigsaw.ie má theastaíonn tuilleadh eolais uait nó seol ríomhphost chuig help@jigsaw.ie
Soláthraíonn MyMind tacaíochtaí ar líne agus teileafóin saor in aisce, seirbhísí síciteiripe do leanaí, ógánaigh agus aosaigh faoi thionscadal COVID-19. Is féidir le cliaint atá 16 bhliain d’aois agus níos sine úsáid a bhaint as comhairleoireacht saor in aisce ar líne.
Más mian leat coinne a dhéanamh is féidir leat teagmháil a dhéanamh le MyMind trí ríomhphost a sheoladh chuig hq@mymind.org nó glaoch ar an oifig ag an uimhir 0766 80 10 60 (9am - 5pm).
Má theastaíonn tuilleadh eolais uait, tabhair cuairt ar www.mymind.org.
Soláthraíonn Seirbhísí BeLonG To Youth tacaíocht do dhaoine óga leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, agus idirghnéasacha (LGBTI+) in Éirinn atá idir 14 – 23 bliain d’aois.
Téacsáil LGBTI+ chuig 086 1800 280 chun comhrá faoi rún a bheith agat le hoibrí deonach géarchéime oilte (am ar bith den lá nó oíche, d'fhéadfadh go mbeadh rátaí caighdeánacha SMS le n-íoc).
Tá tuilleadh eolais le fáil ar www.belongto.org.
Soláthraíonn SpunOut.ie raon leathan alt agus eolais do dhaoine óga idir 16 – 25 bliain d’aois, faoi go leor topaicí difriúla, meabhairshláinte san áireamh.
Saorthéacsáil an focal SPUNOUT chuig 50808 chun comhrá neamhaithnid a dhéanamh le hoibrí oilte 24/7.
Tá tuilleadh eolais le fáil ag www.spunout.ie.
Tá sé mar aidhm ag Aware sochaí a chruthú ina bhfuil tacaíocht á soláthar do dhaoine a bhfuil tionchar ag strus, dúlagar, neamhord dépholach agus coinníollacha a bhaineann le giúmar orthu agus go dtuigeann daoine na deacrachtaí atá ann, agus go bhfuil tacaíocht á soláthar ar bhealach atá saor ó stiogma, agus ina bhfuil daoine á spreagadh chun teiripí cuí a rochtain.
Saorghlao 1800 804848 nó seol ríomhphost chuig supportmail@aware.ie
Chomh maith leis sin, soláthraíonn Aware cláir oideachais mheabhairshláinte saor in aisce ar líne ar féidir leat iad a dhéanamh sa bhaile. Soláthraíonn na cláir seo uirlisí chun cabhrú le daoine déileáil le himní, smaointe diúltacha agus dúshláin choitianta ar cuid den saol iad.
Soláthraíonn Shine eolas agus tacaíocht trí oifigí réigiúnacha agus tairgeann sé eolas agus tacaíocht do dhaoine ag a bhfuil meabhairghalar agus a dteaghlaigh agus cúramóirí.
Má tá rud éigin ag cur isteach ort agus má theastaíonn eolas uait is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Shine am ar bith chun tacaíocht rúnda a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig phil@shineonline.ie
Is é Childline (ISPCC) seirbhís náisiúnta éisteacha 24 uair an chloig na hÉireann do dhaoine óga suas le 18 mbliana d’aois.
Saorghlao 1800 666 666 (am ar bith, lá nó oíche).
Téacsáil 50101 (idir 10am agus 4pm gach lá).
Déan comhrá ar líne ag www.childline.ie (idir 10am agus 4pm gach lá).
Tá seirbhís teileafóin na Samaritans ar fáil 24 uair an chloig gach lá.
Saorghlao 116 123.
Má theastaíonn tacaíocht rúnda, neamhbhreithiúnach uait, seol ríomhphost chuig jo@samaritans.ie
Tabhair cuairt ar www.samaritans.ie chun eolas maidir leis an mbrainse is cóngaraí duit a fháil.
Is pobal de ghairmithe meabhairshláinte láncháilithe agus creidiúnaithe é Turn2Me atá ag obair ar líne chun spás ar ardchaighdeán, sábháilte, anaithnid agus rúnda a sholáthar ionas gur féidir le daoine tacaíocht a fháil - is cuma cá bhfuil tú, cén uair, céard leis a bhfuil tú ag déileáil.
Roghanna comhairleoireachta do dhaoine aonair, lánúin agus daoine óga idir 12-17 mbliana d’aois. Logáil isteach ar www.turn2me.ie.
Is clár creidiúnaithe saor in aisce é Stress Control a mhúineann scileanna saoil do dhaoine ionas go mbeidh siad in ann déileáil le strus. Cabhraíonn an clár le daoine comharthaí struis a aithint agus áirítear i measc na dtopaicí a ndéileáiltear leo an tionchar atá ag strus ar ár gcorp agus ar ár smaointe. Múintear do dhaoine conas an lámh in uachtar a fháil ar mhothúcháin scaollmhara agus pléitear noda chun cabhrú le daoine oíche mhaith codlata a fháil.
D’fhéadfadh na haipeanna móibíleacha seo cabhrú leat nithe atá ag déanamh imní díot a bhainistiú. Tá siad athbhreithnithe agus faofa le liostáil anseo, ag grúpa ó FSS (Foghrúpa Athbhreithnithe na nAipeanna Meabhairshláinte).
Uirlis féinchabhrach atá éasca le húsáid atá bunaithe ar straitéisí eolaíocha cruthaithe, múineann MindShift CBT dúinn faoi ábhar imní, cabhraíonn sé chun úsáideoirí a spreagadh le páirt a ghlacadh i smaointeoireacht shláintiúil agus gníomh a chur i gcrích. Seiceálann úsáideoirí isteach gach lá chun na hábhair atá ag déanamh imní dóibh a rianú agus oibriú le huirlisí san aip.
Is aip é Clear Fear atá forbartha don charthanas meabhairshláinte do dhéagóirí, Stem4, a úsáideann cóireáil fhianaisebhunaithe CBT chun béim a leagan ar fhoghlaim chun na freagairtí fisiciúla do bhagairt a laghdú trí fhoghlaim conas anáil a tharraingt, do scíth a ligean agus a bheith airdeallach ar smaointe agus ar iompar athraitheach agus mothúcháin a ligean le sruth. Is féidir leat an aip a phearsantú más mian leat agus beidh tú in ann an dul chun cinn atá á dhéanamh agat a rianú agus athruithe a thabhairt faoi deara.
Is aip mhóibíleach cháiliúil é Headspace a mhúineann do dhaoine conas machnamh a dhéanamh agus conas scileanna aireachais a úsáid. Mapáil d’aistear, rianaigh do dhul chun cinn, agus rachaidh do shláinte agus d’fholláine i bhfeabhas. Is féidir leat oibriú le cairde agus misneach a thabhairt dá chéile feadh an bhealaigh.
Má theastaíonn seirbhísí éigeandála Ospidéil uait téigh chuig nó glaoigh ar rannóg éigeandála d’ospidéil ghinearálta áitiúil.
Glaoigh ar 999 nó 112 má theastaíonn seirbhísí éigeandála uait.
Is féidir le dochtúir teaghlaigh tacaíocht agus comhairle a sholáthar maidir le deacrachtaí meabhairshláinte éagsúla lena n-áirítear mothúcháin bhrónacha, buairt, féindochar agus síocóis. Beidh dochtúir teaghlaigh in ann eolas a roinnt leat maidir le tacaíochtaí atá le fáil sa phobal agus seirbhís comhairleoireachta nó meabhairshláinte a mholadh.
Cliceáil anseo chun seirbhís cóngarach duit a aimsiú.
Déan teagmháil leis an tseirbhís Lasmuigh de Ghnáthuaireanta trí chuardach anseo.
Tá liosta de thacaíochtaí úsáideacha le fáil thíos.