I dTreo Straitéis Nua Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití: Léirbhreithniú ar an Litríocht’
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
In Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta: Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024-2033 (ar a dtugtar an straitéis amach anseo), táthar ag iarraidh leathnú agus forbairt a dhéanamh ar mhian agus éachtaí na straitéise roimhe seo Litearthacht agus Uimhearthacht don Fhoghlaim agus don Saol: An Straitéis Náisiúnta chun an Litearthacht agus an Uimhearthacht a Fheabhsú i measc Leanaí agus Daoine Óga 2011-2020 (straitéis 2011).
Forbraíodh an straitéis trí chomhoibriú tras-roinne idir an Roinn Oideachais (RO) agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige (RLCMLÓ). San áireamh sa straitéis, tá gach céim de thuras an fhoghlaimeora ó fhoghlaim agus cúram na luath-óige (FCLÓ) go dtí an iar-bhunscoil. Tá sé mar aidhm aici forbairt na scileanna riachtanacha litearthachta, uimhearthachta, agus litearthachta digití, an eolais agus na meonta a chur chun cinn lena n-áirítear eolas an bhealaigh rathúil a dhéanamh trí dhomhan digiteach a bhíonn ag síorathrú.
Sa straitéis, atá bunaithe ar thaighde mionchúiseach, in éineacht le próiseas comhairliúcháin forleathan agus fairsing, cuirtear sainmhínithe ar fáil ar an litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach. Tá mionsonraí inti freisin faoin gcaoi a mbeidh eispéireas litearthachta, uimhearthachta agus litearthachta digití ag an bhfoghlaimeoir ag gach leibhéal ó fhoghlaim agus cúram na luath-óige go dtí an iar-bhunscoil.
Leagtar amach inti cuspóirí faoi chúig phríomhcholún:
Clúdóidh cur i bhfeidhm na straitéise tréimhse deich mbliana, ó 2024 go 2033, arna thacú ag dhá phlean fhorfheidhmithe. Sa chéad phlean atá foilsithe in éineacht leis an straitéis seo, leagtar amach na cuspóirí agus na gníomhartha a bhaineann leo do na chéad chúig bliana amach romhainn.
Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024-2033: Gach Foghlaimeoir ó Bhreith go Duine Óg Fásta
Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití na hÉireann, 2024-2033: Plean Forfheidhmithe go dtí 2028
Plean Forfheidhmithe go dtí 2028
Rinne An Institiúid Oideachais, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath (OCBÁC) an taighde, coimisiúnaithe ag an Roinn Oideachais, ar an léirbhreithniú litríochta agus i measc na n-údar bhí an Dr. Eithne Kennedy, an Dr. Gerry Shiel, an Dr Geraldine French, an Dr. Lorraine Harbison, an Dr. Margaret Leahy, an tOllamh Pádraig Ó ‘Duibhir agus an Dr Joe Travers.
Agus an taighde á dhéanamh, rinneadh 28 léirbhreithniú córasach ar leith. Iontu seo, scrúdaíodh straitéisí, cuir chuige agus modheolaíochtaí oideolaíocha chun tacú le litearthacht, uimhearthacht agus litearthacht dhigiteach agus tugadh aitheantas cuí do ghnéithe cognaíocha agus mothachtálacha na foghlama, lena n-áirítear guth an fhoghlaimeora agus gníomhaireacht.
Díríonn tuarascáil dheiridh na n-údar ar réimsí lena n-áirítear: litearthacht, uimhearthacht, toisí measúnaithe, tacú le forbairt litearthachta agus uimhearthachta foghlaimeoirí éagsúla ar fud an churaclaim, forbairt ghairmiúil leanúnach, ceannaireacht agus teaghlach agus pobal.
Ina theannta sin, breathnaítear maidir le litearthacht agus uimhearthacht, torthaí na Straitéise Litearthachta agus Uimhearthachta 2011 a shainiú trasna oideachas agus cúram na luath-óige, na bunscoile agus na hiar-bhunscoile agus forbairtí curaclaim agus oideachas múinteoirí ó 2011 i leith.
San athbhreithniú freisin tugtar grinnchuntas ar mholtaí/gníomhartha molta le cur san áireamh sa straitéis nua, a foinsíodh ó chonclúidí agus ó mholtaí athbhreithnithe náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Faoi Chlár an Rialtais, tá sé de chúram ar an Roinn Oideachais Straitéis Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití comharba a fhorbairt. Leanfaidh an straitéis ar feadh 10 mbliana.
Cuirfidh an straitéis nua creat uileghabhálach ar fáil a chruthóidh nasc idir go leor polasaithe, straitéisí agus forbairtí de chuid na Roinne Oideachais ag leibhéal an churaclaim. Baineann sé seo le gach foghlaimeoir, oideoir agus comhpháirtí oideachais agus geallsealbhóir – lena n-áirítear iad siúd i suíomhanna luathfhoghlama agus cúraim, bunscoile agus iar-bhunscoile.
Is féidir tuileadh a léamh faoi fhorbairt na Straitéise Litearthachta, Uimhearthachta agus Litearthachta Digití anseo.