Iompair Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhorbair an Roinn Oideachais Iompair Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime Treoirlínte do Scoileanna maidir le Tacú le Scoláirí mar acmhainn do scoileanna.
Forbraíodh na treoirlínte seo chun aghaidh a thabhairt ar éiginnteacht na foirne maidir le conas freagairt i gcás géarchéime ina bhfuil imní ann maidir le sábháilteacht fhisiciúil. Díríonn siad ar thimpeallachtaí cuimsitheacha a chruthú ar féidir leo freagairt do riachtanas agus forbairt a dhéanamh ar dhea-chleachtas lena n-áirítear cosc agus díghéarú.
Cuirtear treoir ar fáil do scoileanna go háirithe ar chuir chuige éifeachtacha maidir le conas tacú le scoláirí a bhfuil iompair imní orthu i gcásanna géarchéime.
Cuireann siad an-bhéim ar chosc, idirghabháil luath agus straitéisí díghéaraithe chun cásanna géarchéime a bhainistiú inar féidir idirghabháil fhisiciúil a úsáid sa chéim dheireanach amháin de chur chuige cuimsitheach, dearfach agus pleanáilte iompraíochta na scoile.
Tá na prionsabail mar bhonn agus thaca acu nach n-úsáidtear idirghabháil den sórt sin riamh chun críocha araíonachta; gur cheart í a chur i bhfeidhm go cuí agus níor cheart go mairfeadh sí ach chomh fada agus is gá chun an cás a dhíghéarú. Leagann na treoirlínte béim ar a thábhachtaí atá sé maoirseacht leanúnach a dhéanamh ar leanaí le linn tréimhse géarchéime, lena n-áirítear nithe a bhaineann le hiompar agus an gá atá le teagmhais dá leithéid a thaifeadadh. Cuireann siad in iúl go soiléir freisin go bhfuil sé míchuí leanaí a fhágáil ar leataobh.
Agus na Treoirlínte seo á bhforbairt, tá sé mar aidhm ag an Roinn a chinntiú go dtacaítear le gach scoil agus go bhfuil an t-eolas agus an tuiscint acu ar chultúr tacaíochta scoile uile chun beartas agus cleachtas éifeachtach scoile a fhorbairt. Baineann na Treoirlínte seo, le gach scoil aitheanta. Rinne fianaise eolas dóibh a léirigh go bhfuil gá le pobal scoile uile, lena n-áirítear tuismitheoirí/caomhnóirí, chun beartas agus cleachtas éifeachtach scoile a fhorbairt agus iad ag tacú le scoláire i gcás géarchéime.
Iompraíochtaí Imní a Thuiscint agus Freagairt do Chásanna Géarchéime
0081/2024
Is é cuspóir an Chiorcláin seo scoileanna a chur ar an eolas maidir le “Iompraíochtaí atá ina nÁbhair Imní a Thuiscint agus Freagairt a Dhéanamh do Chásanna Géarchéime Treoirlínte do Scoileanna” agus go háirithe an próiseas chun srianadh fisiceach i scoileanna a thaifeadadh agus a thuairisciú. Tá na Treoirlínte deartha d’fhonn tuiscint na scoileanna a fhorbairt agus a fheabhsú ar iompraíochtaí atá ina n-ábhair imní agus chun cuidiú leo cásanna géarchéime a bhainistiú.