Laethanta Saoire agus Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Go ginearálta, is féidir leat a bheith ar laethanta saoire suas go dtí coicís in aghaidh na bliana agus leantar le d’íocaíocht leasa shóisialaigh. Mar sin féin, ní mór duit dul i dteagmháil le d’Ionad Intreo, Oifig Brainse nó d’Oifigeach Leasa Pobail chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula dtosaíonn tú ag pleanáil nó sula dtéann tú ar laethanta saoire.
Má tá do laethanta saoire níos faide ná coicís nó má tá tú ag súil le bheith thar lear ar feadh tréimhse bhreisithe ama, tá seans ann nach n-íocfar d’íocaíocht leasa shóisialaigh.
Caithfidh tú an roinn a chur ar an eolas roimh aon asláithreacht ón Stát, mar shampla laethanta saoire.
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula bpleanálann tú saoire nó sula dtéann tú ar saoire. Tá tú i dteideal a bheith as láthair ón Stáit lena n-áirítear laethanta saoire, sochraidí ar feadh coicíse i ngach bliain féilire agus an íocaíocht coicíse a fháil nuair a thagann tú ar ais, gan an Domhnach san áireamh. Ní mór duit a chur in iúl dúinn sula bhfágann tú an Stát.
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe á fháil agat, ní mór duit teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil chun do theidlíochtaí a sheiceáil sula dtéann tú ar saoire. Tá tú i dteideal a bheith as láthair ón Stáit lena n-áirítear laethanta saoire nó sochraidí, ar feadh coicíse i ngach bliain féilire agus an íocaíocht coicíse a fháil nuair a thagann tú ar ais, gan an Domhnach san áireamh. Ní mór duit a chur in iúl dúinn sula bhfágann tú an Stát.
Má tá Íocaíocht Sochair do dhaoine 65 bliain d’aois á fháil agat nó má tá tú idir 65 agus 66 bliain d’aois agus Liúntas Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist do Dhaoine Féinfhostaithe á fháil agat, féadfaidh tú a bheith as láthair ón Stát ar feadh suas le coicís i mbliain féilire.
Níl aon teorainn ama forordaithe. Mar sin féin, caithfidh an t-asláithreacht a bheith sealadach, agus ní féidir leat do phá a shaothrú trí fhostaíocht nó trí fhéinfhostaíocht agus tú as láthair ón Stát.
Má tá Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Socrú idirthréimhseach Liúntas Cuardaitheora Poist , féadfaidh tú a bheith as láthair ón Stát ar feadh suas go trí seachtaine i mbliain féilire, agus an íocaíocht trí seachtaine a fháil nuair a thagann tú ar ais.
Sula dtéann ar laethanta saoire, caithfidh tú d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil a chur ar an eolas.
Anuas air sin, más lúthchleasaí amaitéarach thú, is féidir leat d’íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil nuair a thagann tú ar ais tar éis duit ionadaíocht a dhéanamh thar ceann na hÉireann ag imeachtaí spóirt idirnáisiúnta. Ní mór duit dearbhú i scríbhinn a fháil ón bhforas rialaithe spóirt faoin spórt agus faoin am atá i gceist. Is in éineacht le do shaoire coicíse le pá a thagann sé seo.
Más cuardaitheoir poist thú agus má tá cuntas fíoraithe MyGovID agat, is féidir a chur in iúl don roinn go bhfuil i gceist agat dul ar saoire ar MyWelfare.ie.
Más cuardaitheoir poist thú agus mura bhfuil cuntas fíoraithe MyGovID agat, ní mór duit dul chuig d’Ionad Intreo nó Oifig Brainse áitiúil chun foirm iarratais saoire.
Caithfidh tú d’fhoirm iarratais saoire a líonadh agus a chur isteach coicís ar a laghad sula dtéann tú ar do laethanta saoire. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh níos mó ná 21 lá sula dtéann tú.