Tá an Rialtas tiomanta do fhreagra daonnúil a sholáthar chun fáilte a chur roimh dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus atá ag lorg cosanta in Éirinn.
Tá na céadta daoine ag teacht go hÉirinn gach lá as an Úcráin, agus is leanaí mórán acu.
Cheana féin, tá fáilte curtha ag roinnt scoileanna roimh leanaí agus roimh dhaoine óga as an Úcráin a tháinig chucu agus iad ag iarraidh clárú. Is mór ag an Aire bhur bhfreagairt thapa agus bhur bhfáilte.
Tá na Foirne Oideachais agus Teanga Réigiúnacha (REALT) á reáchtáil ag an 16 bhord oideachais agus oiliúna réigiúnacha timpeall na hÉireann agus is pearsanra tacaíochta oideachais atá lonnaithe go réigiúnach atá ag obair iontu.
Is é príomhról REALT ná tógáil ar na struchtúir tacaíochta oideachais réigiúnacha atá ann cheana féin agus is é an fócas tosaigh a bheidh acu ná cuidiú a thabhairt do theaghlaigh áiteanna i scoileanna a aimsiú. Tabharfaidh REALT tacaíocht do scoileanna freisin sa cheantar chun freastal ar riachtanais na leanaí seo de réir mar a thagann siad chun cinn, chun comhairle agus tacaíocht a thabhairt don Roinn Oideachais le hacmhainn nua a fhorbairt áit a mbíonn gá léi, agus chun comhordú a dhéanamh ar sholáthar na seirbhísí oideachais do scoileanna agus do theaghlaigh ar fud a gceantair shonraithe.
Cinnteoidh na foirne seo go bhfuil gluaiseachtaí eolais atá soiléir agus inrochtana i bhfeidhm idir scoileanna, seirbhísí tacaíochta oideachais áitiúla agus struchtúir tacaíochtaí náisiúnta ó thaobh na ndaoine atá ag teacht isteach ón Úcráin.
Thíos, tá na sonraí teagmhála r-phoist agus fóin do REALT san 16 BOO agus BOOÉ.
Suíomh | BOO | Seoladh R-phoistT | Uimh. Fóin | |
An Cabhán & Muineachán | BOOCM | REALT@cmetb.ie | 087-6036711 | |
Corcaigh | BOO Chorcaí | REALT@corketb.ie | 021 4907172 | |
Cathair Bhaile Átha Cliath | BOOCBÁC | REALT@cdetb.ie | 086-0108230 | |
Dún na nGall | BOO Dhún na nGall | REALT@donegaletb.ie | 074-9161600 | |
Baile Átha Cliath & Dún Laoghaire | BOOBÁCDL | REALT@ddletb.ie | 085-8012821 | |
Gaillimh & Ros Comáin | BOOGRC | REALT@gretb.ie | 086-1367245 | |
Ciarraí | BOOC | REALT@kerryetb.ie | 086-0108222 | |
Cill Dara & Cill Mhantáin | BOOCDCM | REALT@kwetb.ie | 087-7767895 | |
Cill Chainnigh & Ceatharlach | BOOCDCM | REALT@kcetb.ie | 087-1344558 | |
Laois & Uíbh Fhailí | BOOLUF | REALT@loetb.ie | 085-8764777 | |
Luimneach & An Clár | BOOLC | REALT@lcetb.ie | 086-4408220 | |
An Longfort & an Iarmhí | BOOLI | REALT@lwetb.ie | 085-8850753 | |
Lú & An Mhí | BOOLM | REALT@lmetb.ie | 086-1036571 | |
Maigh Eo & Sligeach & Liatroim | BOOMESL | REALT@msletb.ie | 085-8269416 | |
Tiobraid Árann | BOOTÁ | REALT@tippearyetb.ie | 052-6134330 | 086- 1682101 |
Port Láirge & Loch Garman | BOOCMLG | REALT@wwetb.ie | 086-8040089 | |
Náisiúnta | BOOÉ | REALT@etbi.ie | 045-901142 |
COLÓ agus bunscoile in Éirinn
Míníonn an nóta eolais cathain is féidir le leanaí clárú san oideachas luathbhlianta tríd an gclár náisiúnta COLÓ, agus i mbunscoileanna
Faisnéis faoin Idirbhliain le haghaidh Scoláirí/Tuismitheoirí/Caomhnóirí
Soláthar Oideachais do Leanaí ón Úcráin, Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta agus Leanaí le Stádas Aitheanta: Treoir do Bhunscoileanna Meán Fómhair 2023
Soláthar Oideachais do Scoláirí ón Úcráin, Iarratasóirí ar Chosaint Idirnáisiúnta agus Scoláirí le Stádas Aitheanta: Treoir d’Iar-Bhunscoileana Meán Fómhair 2023
Nithe atá le Breithniú agus Comhairle chun Tacú le Socrúchán Leanaí agus Daoine Óga i Ranganna agus i mBliainghrúpaí i mBunscoileanna agus in Iar-bhunscoileanna
1 Meitheamh 2022
Litir chuig scoileanna maidir leis an acmhainn freastal ar leanaí ón Úcráin
6 Bealtaine 2022
Treoir do scoileanna lán-Ghaeilge
Treoir maidir le clárú scoláirí ón Úcráin
Treoir do Scoileanna i gceantair Ghaeltachta
Treoir maidir le clárú scoláirí ón Úcráin
Litir chuig scoileanna maidir le tacaíocht a sholáthar do leanaí atá ag teacht ón Úcráin
05 Aibreán 2022
Litir chuig scoileanna faoi mhic léinn san Úcráin
15 Márta 2022
EAL resources list from the National Council for Curriculum and Assessment
Resources to support teaching and learning: English as an Additional Language
Tá acmhainní forbartha ag an tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais (NEPS) chun cuidiú le scoileanna tacaíocht a thabhairt do scoláirí.
Ina measc tá acmhainní ar:
Tacú le daltaí ón Úcráin a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu – treoir do scoileanna
Tacú le daltaí ón Úcráin a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu – treoir do scoileanna
Tosca breise maidir le tacú le leanaí agus daoine óga a fhágtar faoi mhéala le linn coinbhleachta nó cogaidh
Eolas do dhaltaí agus do scoláirí: teanga
Eolas do thuismitheoirí/caomhnóirí: teanga
Информация для родителей/опекунов: Язык, используемый в ирландских школах
Информация для учеников и студентов: Язык, используемый в ирландских школах