Luachanna agus Prionsabail
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugtar achoimre in “Pobail Inbhuanaithe, Uilechuimsitheacha agus Chumhachtaithe: Straitéis Cúig Bliana chun Tacú leis an Earnáil Phobail agus Dheonach in Éirinn 2019-2024,” ar fhís chun “pobail bhríomhara, inbhuanaithe, uilechuimsitheacha agus fhéinchinntitheacha a chruthú a thacóidh le folláine shóisialta, chultúir agus eacnamaíochta mhuintir uile na bpobal sin”. Ba phríomhghnéithe d’fhorbairt na straitéise seo iad comhoibriú agus obair chomhpháirtíochta, agus beidh comhoibriú leanúnach ríthábhachtach i dtaobh Bhearta na Straitéise a chur i bhfeidhm go rathúil.
Tá sé mar cheann de na gealltanais sa straitéis cúig bhliana sraith chomhaontaithe luachanna agus prionsabal a ghlacadh don chomhoibriú agus don obair chomhpháirtíochta leis an earnáil phobail agus dheonach ag an leibhéal náisiúnta agus ag an leibhéal áitiúil. Beidh na luachanna agus prionsabail atá ceangailte thíos, arna bhforbairt ag lucht na hearnála agus ag an Rialtas, mar bhonn faoin gcomhairliúchán, faoin gcomhoibriú agus faoin obair chomhpháirtíochta ar fad idir lucht na hearnála pobail agus deonaí agus an rialtas láir agus rialtas áitiúil.
Tabharfaidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ceannaireacht lena chinntiú go dtabharfar aitheantas do na luachanna agus do na prionsabail agus go gcuirfear i bhfeidhm iad ar bhealach stuama fiúntach ar fud an rialtais, ghníomhaireachtaí an rialtais agus ar fud rialtas áitiúil.