Iarrtar ar mhúinteoirí a mbreithiúnas gairmiúil a úsáid, agus leas á bhaint acu as taifid atá ann cheana féin agus as fianaise atá ar fáil, chun teacht ar mharc céatadáin measta sealadach do gach scoláire atá ag tabhairt faoi chlár Ardteistiméireachta.
Ba cheart go léireodh an measúnú ar fhoghlaim na scoláirí aidhmeanna agus torthaí foghlama na sonraíochtaí agus na siollabas de réir mar is iomchuí.
Agus iad ag teacht ar mheastachán in ábhair ina bhfuil níos mó ná comhpháirt amháin, cuirfidh múinteoirí an scrúdú scríofa agus an chomhpháirt bhreise san áireamh. Cuirfear an t-ualú cuí do na comhpháirteanna go léir san áireamh sa mheastachán. Iarrfar ar mhúinteoirí a mbreithniú ar gach comhpháirt a thaifeadadh go foirmiúil. Tá eolas agus taithí an mhúinteora ar an gcuraclam agus ar an scrúdú ríthábhachtach maidir leis an bpróiseas a bhaineann le teacht ar an marc measta.
I measc na fianaise a bhféadfaidh múinteoirí leas a bhaint aisti tá gníomhaíochtaí foirmitheacha agus gníomhaíochtaí suimitheacha ar tugadh fúthu le linn an dá bhliain staidéir, lena n-áirítear iad siúd ar tugadh fúthu le linn tréimhsí foghlama éigeandála ó chian sa scoilbhliain reatha 2020/21. Níor cheart go dtabharfaí cead d’iompar scoláire (bíodh sé maith nó dúshlánach), carachtar, cuma, aicme shóisialta, eitneacht, nó asláithreacht ó mheasúnuithe suimitheacha scoilbhunaithe de bharr tinnis mar shampla, dul i gcion ar bhreithiúnas gairmiúil an mhúinteora. Tá sé tábhachtach gan gnéithe amhail nósanna oibre agus iarracht, obair bhaile, rannpháirtíocht, tinreamh agus poncúlacht a chomhcheangal le gnóthachtáil san ábhar lena mbaineann.
Nuair atá a mbreithiúnais á ndéanamh acu, ba cheart do mhúinteoirí leas a bhaint as taifid atá ann cheana féin agus as fianaise atá ar fáil. Tá sé tábhachtach go mbeadh na breithiúnais oibiachtúil, agus níor cheart go gcuirfí san áireamh iontu ach amháin eolas faoi fheidhmíocht an scoláire. San áireamh san eolas sin, nuair atá sé ar fáil, beidh:
Déanfaidh múinteoirí athbhreithniú ar an eolas atá ar fáil do gach rang-ghrúpa le linn na sraithe sinsearaí. Is féidir sonraí a bhaint as na torthaí atá curtha isteach ar chóras bogearraí riaracháin na scoile, as taifid na múinteoirí féin agus, má tá siad ar fáil, samplaí d’obair na scoláirí a bhfuil aiseolas cháilíochtúil i scríbhinn san áireamh inti.
I measc na dtorthaí ó mheasúnuithe suimitheacha a bhíonn ar fáil de ghnáth tá, mar shampla: tuairiscí ag deireadh an téarma don chúigiú agus don séú bliain, ag cur san áireamh go bhféadfadh sé go ndearnadh iad sin a reáchtáil i gcúinsí éagsúla, go foirmiúil sa scoil, nó i dtimpeallacht ó chian gan aon mhaoirseacht. D'fhéadfaí freisin taifid na múinteoirí ar mheasúnuithe sa rang, mar shampla, trialacha ag deireadh topaice, measúnuithe leanúnacha, measúnuithe cluastuisceana agus béaltrialacha, cuir i láthair, obair thionscadail, agus/nó obair chúrsa thar an dá bhliain staidéir a chur san áireamh freisin.
Ba cheart go dtiocfadh múinteoirí ar bhreithiúnas ‘ar an iomlán’ maidir le feidhmíocht ionchasach scoláire agus níor cheart go measfaí go léireodh ardú nó ísliú anois is arís i bhfeidhmíocht scoláire feidhmíocht fhoriomlán an scoláire sin.
Ní cheadaítear samhlacha staitistiúla ná algartamacha, cosúil leo siúd a chuireann cuideachtaí tráchtála ar fáil, a úsáid sa phróiseas a bhaineann le hanailís agus athbhreithniú a dhéanamh ar shonraí agus marcanna céatadáin a mheas.
Torthaí measúnuithe foirmitheacha ar féidir a mheas go bhfuil siad seo a leanas san áireamh iontu, mar shampla:
1. Breathnóireacht ar fhoghlaim agus ar dhul chun cinn scoláirí i gceachtanna
2. Aiseolas foirmitheach i scríbhinn a tugadh do scoláirí
3. An léiriú a dhéanann scoláirí ar eolas agus ar phríomhscileanna san ábhar, lena n-áirítear i gcomhthéacs na n-ábhar a bhfuil comhpháirteanna ó bhéal nó comhpháirteanna eile ag baint leo, a gcuid rannpháirtíochta sna gnéithe sin
Nuair atá measúnuithe suimitheacha á roghnú le go gcuirfí san áireamh iad:
1. Ba cheart go mbeadh fianaise ar an bhfoghlaim agus ar an measúnú a cuireadh i gcrích
2. Ba cheart go mbeadh aiseolas tugtha do scoláirí maidir leis an obair a cuireadh i gcrích lena n-áirítear mar shampla: aiseolas inste i scríbhinn, marcanna, scóir chéatadáin, gráid, nó tuairiscíní
I ndiaidh dóibh filleadh ar an scoil, féadfaidh múinteoirí líon teoranta de mheasúnuithe breise a reáchtáil suas go dtí an 14 Bealtaine 2021.
Tá sé tábhachtach, sa tréimhse sula gcinnfear na marcanna céatadáin measta go ndéantar an rómheasúnú a sheachaint agus go mbaintear amach an chothromaíocht chuí idir measúnú foirmitheach agus measúnú suimitheach.
Le linn na tréimhse sin, ba cheart do mhúinteoirí, a oiread agus is féidir, cloí leis na modhanna measúnaithe agus aiseolais a bhfuil cleachtadh ag scoláirí orthu agus atá ag teacht leis na modheolaíochtaí agus leis an gcur chuige a bheadh acu go hiondúil ag an am sin den bhliain. Beidh soláthar aiseolais do scoláirí i dtaca le measúnuithe atá críochnaithe an-tábhachtach i gcomhthéacs na dtréimhsí ina raibh na scoileanna dúnta, nuair a bhain éagsúlacht leis na deiseanna a bhí ar fáil chun aiseolas a sholáthar do scoláirí maidir lena gcuid oibre. Ba cheart go mbeadh an t-aiseolas a thugtar ailínithe leis an gcineál measúnaithe a úsáideadh, rud a chiallaíonn gur cheart go mbeadh ráiteas foirmitheach, tuairiscín ar ghnóthachtáil nó táscaire uimhriúil amhail marc nó céatadán san áireamh ann.
Má reáchtálann múinteoir measúnuithe breise suas go dtí an 14 Bealtaine, ba ceart go ndéanfaí na measúnuithe sin a bhreithniú i gcomhréir le cineálacha eile fianaise ar fhoghlaim an scoláire thar thréimhse an chláir.
Nuair atá triail a dhear an múinteoir á reáchtáil sa rang, níor cheart go mairfeadh an triail níos faide ná ceacht amháin (uair an chloig ar a mhéad) agus féadfar trí cinn de thrialacha ranga a reáchtáil suas go dtí an 14 Bealtaine 2021. I measc na dtrialacha ar féidir iad a reáchtáil, tá trialacha scríofa, béaltrialacha, trialacha cluastuisceana agus trialacha praiticiúla.
Ba cheart go mbeadh na nithe seo a leanas san áireamh sna cuir chuige a úsáidtear maidir le measúnú:
1. Go gcuirfí cuir chuige i leith measúnú foirmitheach ar bhonn leanúnach san áireamh agus é sin á sholáthar ag gnáth-theagasc ranga ina ndéantar dul chun cinn a sheiceáil agus ina dtugtar cúnamh chun na chéad chéimeanna eile chun an fhoghlaim a chur chun cinn a aimsiú
2. Go dtacófaí le tuiscint na scoláirí ar an aiseolas a sholáthraítear trí chritéir ratha a sholáthar
3. A chinntiú nach gcuirtear as rómhór don fhoghlaim de bhrí go bhfuil scoláirí ag ullmhú do thrialacha agus go bhfuil trialacha á reáchtáil go minic
4. Nach mbeadh aon tionchar á imirt ag tuismitheoir/caomhnóir, scoláire ná ag duine ar bith eile i dtaca leis an mbealach a bhféadfadh sé cur leis na Gráid atá Creidiúnaithe ag CSS*
5. Nach mbeifí faoi thionchar ag na cleachtais mheasúnaithe a bhraitear a bheith ag múinteoirí agus/nó ag scoileanna eile.
Nuair is iomchuí, ba cheart go gcuirfí scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais (RSO) acu san áireamh i modh nó i bhformáid an mheasúnaithe ionscoile agus go ndéanfaí cuir chuige dhifreáilte a sholáthar ionas gur féidir le scoláirí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu rochtain a fháil ar an modh measúnaithe atá oiriúnach dóibh agus go mbeifí solúbtha i dtaca lena gcomhthéacs ar leith. Ní gá go mbeadh na socruithe sin ar aon dul leo siúd a sholáthraítear le linn na scrúduithe teastais, de bhrí go bhfuil comhthéacs agus srianta atá éagsúil i gceist, ach beidh na spriocanna céanna i gceist leo – aon bhacainní rochtana a d'fhéadfadh cur as do chumas an scoláire a bhfuil ar eolas aige nó aici a léiriú a bhaint.
Beidh comhairle agus treoir maidir le cuir chuige i leith measúnaithe a bheidh dírithe ar ábhair ar leith ar fáil in am trátha.
Níor cheart eolas uathu seo a leanas a úsáid:
Níl gá le Bréagscrúduithe (i.e. scrúduithe ina ndéanann rang-ghrúpaí iomlána scrúduithe scríofa i gcúinsí atá ar aon dul leo siúd sna scrúduithe teastais) agus ní mholtar iad a úsáid mar fhianaise do phróiseas na nGrád Creidiúnaithe. Ba cheart an tréimhse i ndiaidh filleadh ar an scoil a úsáid chun uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna i gcomhair.
*Tá tuilleadh eolais san áireamh i gCuid 14 den treoir seo